Is mian leis an tSeirbhís Chúirteanna a chur in iúl d'úsáideoirí cúirte go n-aistreoidh oifig riaracháin Chúirt Dúiche Thiobraid Árann, le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2026, ó Theach Cúirte Chluain Meala go Teach Cúirte an Aonaigh.
Ón dáta seo, déanfar gach ábhar do Dhúiche Uimh. 8, Contae Thiobraid Árann, a riaradh agus déileálfar leo trí Oifig Cúirte Dúiche an Aonaigh.
Iarrtar ar úsáideoirí cúirte, cleachtóirí dlí agus páirtithe leasmhara eile an t-athrú seo a thabhairt faoi deara agus fiosrúcháin á ndéanamh acu, doiciméid á gcomhdú acu nó gnó á dhéanamh acu a bhaineann le Dúiche Uimh. 8, Contae Thiobraid Árann.
Tabhair faoi deara le do thoil:
- Leanfaidh Cúirt Dúiche Thiobraid Árann ag suí i nDurlas ar an gcéad agus an ceathrú Céadaoin agus an dara Luan i ngach mí mar is gnáth.
Sonraí Teagmhála:
Teach Cúirte Dúiche an Aonaigh
Teach na Cúirte,
Cearnóg Bhanba,
An tAonach,
Co. Thiobraid Árann E45 TY36.
Uimhir fhóin: 06731319
Ríomhphost: NenaghDC@courts.ie
Suíomh idirlín: https://www.courts.ie/offices/nenagh-district-court-office