Liosta Coimircíochta na hArd-Chúirte – Suíonna Saoire na Cásca 2026

Generic High Court Notice Cropped for Drupal

Ar achtú an Bhille um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) (Leasú), 2026, suífidh an Chúirt Choimircíochta le linn Shaoire na Cásca chun síneadh a chur leis an tréimhse ama a shonraítear in Alt 54(2) den Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015 (arna leasú) chun dearbhú a dhéanamh faoi Alt 55(1), i gcás gur deimhin leis an gCúirt Choimircíochta:

  1. go bhfuil cúis mhaith léirithe maidir leis an gcúis nach gcomhlíonfar an tréimhse ama a shonraítear in Alt 54(2) den Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015, agus
  2. go bhfuil sé ar mhaithe leis an gceartas déanamh amhlaidh

Foilseofar na Liostaí Cúirte chomh luath agus is féidir go praiticiúil ag léiriú na n-ábhar atá liostaithe agus na dátaí ar a suífidh an chúirt.

Cuirfidh Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte an chúis in iúl don Chúirt i gcásanna nach ndearna Oifig na gCoimircithe Cúirte Measúnú Acmhainne Feidhmiúil a chur ar fáil don aturnae ar taifead sna himeachtaí urscaoilte.

ngach cás eile, liostófar na cásanna ar dhátaí idir 13 Aibreán agus 24 Aibreán 2026 agus déanfaidh an t-aturnae atá ar taifead sna himeachtaí urscaoilte mionnscríbhinn a mhionnú agus a chomhdú ina dtabharfar cúis mhaith leis an bhfáth nach gcomhlíonfar an tréimhse ama, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta di;

  • go bhfuil an ní os comhair na Cúirte ach go bhfuil sé curtha ar atráth go dtí …;
  • fuarthas páipéir seirbheála, agus táthar ag súil go ndéanfaidh an tseirbheáil faoi.....;
  • go bhfuiltear ag feitheamh le plean chun sócmhainní an choimircí a bhainistiú amach anseo i gcás inarb infheidhme;
  • gur taisceadh achomharc de bhun Ordú arna dhéanamh ag an gCúirt Choimircíochta;
  • táthar ag súil le tuarascáil bhreise maidir le measúnú acmhainne feidhmiúil;
  • go bhfuiltear ag fanacht le soiléiriú maidir le gné den tuarascáil ar an measúnú acmhainne fheidhmiúil; nó
  • go bhfuil ceist tagtha chun cinn i ndáil le duine cuí a cheapadh chun tacú leis an gcoimircí i gcinnteoireacht

Is féidir mionnscríbhinní a chomhdú go leictreonach chuig [email protected] agus bunleagan a chur ar aghaidh in am trátha. 


Alice White
Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte
24 Márta 2026