Is díol sásaimh don tSeirbhís Chúirteanna gur sheol an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Jim O’Callaghan, an Plean Feidhmithe d’Acht na gCúirteanna Teaghlaigh 2024. Tá an t-athchóiriú ar an Dlí Teaghlaigh ina thosaíocht faoi Chlár Nuachóirithe na Seirbhíse Cúirteanna le 4 bliana anuas. Tá ár gcur chuige maidir leis an úsáideoir a chur i gcroílár an athchóirithe sin ag teacht le haidhm an Aire riachtanais leanaí a chur i gcroílár imeachtaí dlí teaghlaigh tríd an Acht seo a chur chun feidhme.
Ag labhairt di faoin bPlean Feidhmithe dúirt Emer Darcy, an Rúnaí Cúnta do Straitéis agus Athchóiriú sa tSeirbhís Chúirteanna:
“Tá bealaí ionchuimsitheacha bunaithe againn chun oibriú ar athchóiriú le 4 bliana anuas leo siúd go léir a bhfuil baint acu leis an Dlí Teaghlaigh ar fud an chórais. Táimid ag tnúth le leanúint leis an gcur chuige comhoibríoch seo lenár gcomhghleacaithe inmheánacha agus seachtracha, leis na breithiúna agus leis an Roinn. Is díol sásaimh dúinn freisin an cur chuige céimnithe a comhaontaíodh sa Phlean Feidhmithe. Léiríonn sé seo ár gcur chuige nuachóirithe maidir le hathchóiriú - cur isteach ar na cúirteanna a íoslaghdú, agus athrú suntasach a thabhairt isteach le húsáideoirí d’úsáideoirí ag an am céanna.’
Lean Darcy ag míniú:
‘Táimid ag díriú anois ar an obair thurgnamhach agus ullmhúcháin is gá do Chéim 1 go luath in 2027. Tá acmhainní tiomnaithe againn laistigh den fhoireann um Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh chun tacú go sonrach leis an obair is gá chun Acht na gCúirteanna Teaghlaigh a chur i bhfeidhm. Is í an tosaíocht atá againn oibriú ar phleananna a thabhairt chun críche go díreach leo siúd lena mbaineann agus leis an nGrúpa Stiúrtha Feidhmithe.’
Mar fhocal scoir, dúirt Darcy:
“Fáiltíonn an tSeirbhís Chúirteanna roimh gach deis oibriú leo siúd a dhréachtaíonn reachtaíocht agus beartas chun ár léargas a roinnt ar thaithí na ndaoine sin a thagann isteach inár gcúirteanna. Táimid ag obair go dlúth cheana féin leis an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce ó forbraíodh agus ó achtaíodh an tAcht seo. Táimid ag tnúth le leanúint leis an gcur chuige comhoibríoch sin agus le bheith ag obair ar an nGrúpa Stiúrtha Feidhmithe"