Tabhair faoi deara, le do thoil, go ndéanfar na hamanna coinne ag Oifig Shibhialta Chuarda agus Dúiche Bhaile Átha Cliath a mhéadú faoi dhó, a bheag nó a mhór, ar na dátaí seo a leanas:
· 7 Aibreán go 24 Aibreán 2026
Tá ár gcuid amanna coinní á gcoigeartú go sealadach againn chun tacú leis an bhfoireann le linn an aistrithe chuig córas nua bainistithe cásanna, mar chuid de Chlár Nuachóirithe na Seirbhíse Cúirteanna. Go raibh maith agat as a bheith tuisceanach.