Suífidh an
Chúirt Coimircíochta ar Dhéardaoin 8 Deireadh Fómhair 2026 agus ar Aoine 9
Deireadh Fómhair 2026 chun cásanna a ghlaoch agus chun síneadh a chur leis an
tréimhse ama a shonraítear in Alt 54(2) den Acht um Chinnteoireacht Chuidithe
(Cumas), 2015 (arna leasú) i gcás ina n-éilítear le himthosca eisceachtúla
anois síneadh breise a chur leis an tréimhse ama a shonraítear in Alt 54(2) dá
bhforáiltear in Alt 54(2A)(c).
Cuirfidh
Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte in iúl don Chúirt nach raibh dóthain ama
ann chun an coimircí cúirte a sheirbheáil agus chun dearbhú a dhéanamh de bhun
Alt 55(1) den Acht.
Alice White
Cláraitheoir
na gCoimircithe Cúirte
6 Deireadh
Fómhair 2026