Beidh suíonna Dlí Teaghlaigh na
hArd-Chúirte ar siúl le linn an tSaoire Fhada in 2026 mar a tharla in 2024 agus
2025. Is iad seo a leanas na dátaí suí:
- Liostaí ar 1 agus 2 Meán Fómhair 2026 -
éisteachtaí (lena n-áirítear liosta HLC (Hague Luxembourg Convention) agus ábhair phráinneacha agus bainistiú
cásanna le haghaidh éisteachtaí na Féile Michíl (nó eile))
- Liosta ar 3 Meán Fómhair 2026 -
máthairionadaíocht
- Liostaí ar 21, 22 agus 23 Meán Fómhair
2026 - éisteachtaí
- Seachtain dar tús 28 Meán
Fómhair 2026 (gan Aoine 2 Deireadh Fómhair a áireamh) – éisteachtaí
- Beidh na suíonna ar an liosta Cúraim
Speisialta ar siúl ar Mháirt 18 Lúnasa 2026 ó 10:00r.n agus Máirt 15 Meán
Fómhair 2026 ó 10:00r.n.
Féadfar iarratais ar chásanna atá
le liostú le linn na ndátaí sin a dhéanamh ar an liosta chun dátaí a shocrú a
bheidh ar siúl ar 20 Aibreán 2026 agus líonfar na spásanna atá fágtha sa
liosta chun dátaí a shocrú a bheidh ar siúl ar 15 Meitheamh 2026.