Beidh suíonna Chúirt Tráchtála na hArd-Chúirte ar siúl le linn na saoire fada mar seo a leanas: Dé Céadaoin, an 2 Meán Fómhair agus Dé Céadaoin, an 23 Meán Fómhair 2026 ó 11:00r.n. chun déileáil le Foiarratais Tráchtála.
Is le haghaidh iarratas iontrála agus nithe práinneacha eile a chuirfidh an Chúirt Tráchtála ar atráth go dtí na dátaí sin amháin a bheidh na liostaí.
Ní mór Foiarratais Tráchtála Iontrála don Chéadaoin, an 2 Meán Fómhair 2026, lena n-áirítear gach leabhrán a chomhdú agus a thaisceadh faoin 27 Lúnasa 2026.
Ní mór Foiarratais Tráchtála Iontrála don Chéadaoin, an 23 Meán Fómhair 2026, lena n-áirítear gach leabhrán, a chomhdú agus a thaisceadh faoin 17 Meán Fómhair 2026.
Déileálfaidh an breitheamh ábhartha le gach ábhar práinneach eile mar is gnáth.