Eisíonn Uachtarán na Cúirte Dúiche leis
seo Treoir Chleachtais DC30.
Beidh gá iarratais chuig an gCúirt de
bhun alt 28 nó alt 30 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha),
2023 a bheith bunaithe, i ngach cás, ar cheann amháin díobh seo a leanas:
- I gcás iarratais
ex-parte faoi alt 28(7) ar fhaoiseamh láithreach, faisnéis faoi mhionn mar atá
leagtha amach i bhFoirm Rialacha na Cúirte Dúiche Uimh. 96C.10 i bhFoscríbhinn
A a ghabhann leis an Treoir seo
- I gcás iarratais faoi
alt 28(1) nuair nach bhfuil faoiseamh láithreach á lorg, faisnéis nach bhfuil
faoi mhoinn mar atá leagtha amach i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Treoir
seo
- I gcás iarratais faoi
alt 28(12) nuair a dhéantar iarratas ar ordú eatramhach, faisnéis faoi mhionn
atá leagtha amach i bhFoirm Rialacha na Cúirte Dúiche Uimh. 96C.10 i
bhFoscríbhinn C a ghabhann leis an Treoir seo
Baineann an Treoir Chleachtais seo le
gach Dúiche le héifeacht ón 1ú lá d'Aibreán 2026.
Féach an téacs iomlán den Treoir
Chleachtais: DC30 Alt 28 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2023 Faisnéis Forais d'iarratais ar Orduithe Sriantacha Sibhialta