An Ard-Chúirt - Suíonna– Dé hAoine, 20 Samhain 2026

High Court court users

Leis seo, cuirtear na socruithe seo a leanas in iúl do Chleachtóirí agus d’Úsáideoirí Cúirte d’Aoine, 20 Samhain 2026

Suíonna Práinneacha

Beidh Breitheamh Ard-Chúirte ar fáil ar Aoine 20 Samhain 2026 chun iarratais phráinneacha amháin a éisteacht. Beidh gach suí os comhair an Bhreithimh Saoire ar siúl i gCúirt 1 sna Ceithre Cúirteanna ar 11.00 r.n. mura gcuireann Cláraitheoir Dualgais na hArd-Chúirte a mhalairt in iúl.

I gcás aon ábhar den sórt sin, seol ríomhphost chuig highcourtvacation@courts.ie nó glaoigh ar fhoireann slándála na gCeithre Cúirteanna ag 01-8886000 chun na socruithe riachtanacha a dhéanamh le Cláraitheoir Dualgais na hArd-Chúirte. 

Cuir míniú ar an bpráinn san áireamh i do ríomhphost.

NÍ liostófar iarratais os comhair an Bhreithimh Saoire faoi threoir Uachtarán na hArd-Chúirte gan deimhniú roimh ré ó Chláraitheoir Dualgais na hArd-Chúirte go bhfuil an t-ábhar práinneach go leor .

Príomh-Chláraitheoir
19 Samhain 2026 

Cuid de

Foilsitheoir

Dlínse

  • High Court