Coimircíocht

Is í aidhm na coimircíochta ná an duine aonair agus maoin an duine aonair a chosaint nuair nach bhfuil an cumas acu iad féin é a dhéanamh.

Tar éis tús a chur leis an Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) 2015, arna leasú, ar 26 Aibreán 2023, ní féidir le hOifig na gCoimircithe Cúirte glacadh a thuilleadh le hiarratais ar choimircíocht do dhaoine fásta.

Ón 26 Aibreán 2023, déanfar iarratais faoi Chuid 5 den Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) 2015, arna leasú, chuig an gCúirt Chuarda.

Má tá cabhair ag teastáil ó dhuine leis an gcinnteoireacht cuireann an tSeirbhís Tacaíochta Cinntí agus ár leathanaigh Cinnteoireachta Cuidithe fáisnéis bhreise ar fáil.

Part of