Cuid 3 - Táillí iníoctha in Oifig Chláraitheoir na Cúirte Achomhairc
Féach thíos le haghaidh táillí na Cúirte Achomhairc.
1. Ar chomhdú
- (i) Iarratas ar chead achomhairc
- (ii) Fógra i dtaobh achomharc brostaithe
- (iii) Fógra achomhairc (lena n-áirítear fógra achomhairc lena mbaineann Riail 19 d'Ordú 86A de Rialacha na nUaschúirteanna)
Ar choinníoll, i gcás táille a bheith íoctha i leith iarratais ar chead achomhairc agus an cead sin a bheith deonaithe, nach mbeidh aon táille iníoctha ar fhógra achomhairc bhrostaithe nó fógra achomhairc i leith an achomhairc sin a chomhdú.
Táille: €250.00
Doiciméad atá le stampáil: An fógra
2. Ar fhógra a chomhdú go bhfuil sé ar intinn iarratas ex parte idirbhreitheach a dhéanamh
Táille: €60.00
Doiciméad atá le stampáil: An fógra
3. Ar fhógra freagróra a chomhdú
Táille: €60.00
Doiciméad atá le stampáil: An fógra
4. Ar chás sonraithe a chomhdú nó a thaisceadh
Táille: €70.00
Doiciméad atá le stampáil: An cás sonraithe
5. Ar fhógra foriarratais a chomhdú chuig an gCúirt Achomhairc
Táille: €60.00
Doiciméad atá le stampáil: An fógra
6. Ar mhionnscríbhinn a chomhdú
Táille: €20.00
Doiciméad atá le stampáil: An mhionnscríbhinn
7. (a) Chun cóip chlóite de dhoiciméad a eisiúint ar chomhad cúirte
Cé acu fianaithe nó pléineáilte, seachas cóip de bhreithiúnas
Táille: €15.00
Doiciméad atá le stampáil: An chóip den doiciméad nó den chárta táille cúirte
7. (b) Ar chóip fhianaithe de thras-scríbhinn achomhairc choiriúil a dhéanamh
Táille: €0.80 in aghaidh an leathanaigh
Doiciméad atá le stampáil: An chóip den doiciméad nó den chárta táille cúirte
8. Chun cóip de bhreithiúnas a thabhairt
Táille: €14.00 móide €1.00 breise i leith gach 4 leathanach fótachóipeáilte
Doiciméad atá le stampáil: An chóip fhianaithe nó an cárta táille cúirte