Táillí is iníoctha sna hoifigí a ghabhann leis an gCúirt Uachtarach agus leis an Ard-Chúirt agus sna Clárlanna Probháide Dúiche ar chóipeanna de dhoiciméid
Féach na táillí do dhoiciméid thíos.
1. (a) Chun cóip chlóite de dhoiciméad a eisiúint ar chomhad cúirte
Cé acu fianaithe nó pléineáilte, seachas:
- Cóip de bhreithiúnas
- Cóip d’aighneachtaí dlíthiúla i scríbhinn dá dtagraítear ag uimhir thagartha 3
Táille: €15.00
Doiciméad atá le stampáil: An chóip den doiciméad nó den chárta táille cúirte
1. (b) Ar chóip fhianaithe de thras-scríbhinn achomhairc choiriúil a dhéanamh
Táille: €0.80 in aghaidh an leathanaigh
Doiciméad atá le stampáil: An chóip fhianaithe nó an cárta táille cúirte
2. Chun cóip de bhreithiúnas a thabhairt
Táille: €14.00 móide €1.00 breise i leith gach 4 leathanach fótachóipeáilte
Doiciméad atá le stampáil: An chóip fhianaithe nó an cárta táille cúirte
3. Chun cóip d'aighneachtaí i scríbhinn a sholáthar
Arna thaisceadh in Oifig na Cúirte Uachtaraí nó arna tharchur chuici nó arna thabhairt don Chúirt Uachtarach ar 7 Deireadh Fómhair 2013 nó dá éis i ndáil le haon achomharc nó ní a éisteacht nó le linn aon achomharc nó ní a éisteacht
Táille: €14.00 móide €1.00 breise i leith gach 4 leathanach fótachóipeáilte
Doiciméad atá le stampáil: An chóip fhianaithe nó an cárta táille cúirte
4. Ar chóip d'aon doiciméad a scrúdú agus í a mharcáil mar chóip fhianaithe
Táille: €6.50 in aghaidh an leathanaigh
Doiciméad atá le stampáil: An chóip fhianaithe
5. Le haghaidh cóip fhótagrafach de phlean, léarscáil, roinn, líníocht, grianghraf nó léaráid
Táille: €6.50
Doiciméad atá le stampáil: An chóip nó an cárta táille cúirte
6. Ar dhoiciméad a shíniú agus a dheimhniú le haghaidh cruthúnais de bhun an Evidence Act 1851
Táille: €6.50 in aghaidh an leathanaigh
Doiciméad atá le stampáil: An doiciméad