An Chúirt Dúiche
Treoracha agus díolúintí de réir I.R. Uimh. 22 de 2014
1. (1) Féadfar an tOrdú Cúirte Dúiche (Táillí) 2014a ghairm den Ordú seo.
(2) Tháinig an tOrdú seo i ngníomh ar 3 Feabhra 2014.2. Tá feidhm ag na táillí atá leagtha amach sa Sceideal maidir le gach ítim atá liostaithe. Taispeántar an méid is iníoctha i gcolún (2) os coinne na hítime ábhartha i gcolún (1).
3. Níl aon táille iníoctha faoin Ordú seo sna háiteanna seo a leanas:
- Aon imeachtaí dlí teaghlaigh, seachas an ítim ag uimhir thagartha 3 i gCuid 1 den Sceideal
- Aon chúis nó ábhar maidir le pósadh
- Imeachtaí arna dtionscnamh ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bhaineann le mionaoisigh
4. (1) Ní bheidh aon táille iníoctha faoin Ordú seo ag na daoine seo a leanas nó thar a gceann:
- An tArd-Aighne, in imeachtaí a bhfuil siad ina bpáirtí iontu
- An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, in imeachtaí ar páirtí iontu iad
- Ball den Gharda Síochána, in imeachtaí mar gheall ar chion arna thionscnamh ag an gcomhalta sin
- Aire den Rialtas, in imeachtaí arna dtionscnamh ag an Aire sin
- Na Coimisinéirí Ioncaim, in imeachtaí arna dtionscnamh acu
- Údarás áitiúil, in imeachtaí faoin Acht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta) 1975
- Oifigeach promhaidh agus leasa, in imeachtaí faoin Probation of Offenders Act 1907 nó faoi na hAchtanna um Cheartas Coiriúil (Seirbhís Pobail), 1983 agus 2011
Níl aon táille iníoctha faoin Ordú seo ag aon duine nó thar ceann aon duine a bhfuil ionadaíocht aige in imeachtaí (sibhialta nó coiriúla) ag:
- An Príomh-Aturnae Stáit
- An Príomh-Aturnae Ionchúisimh
- Aturnae Stáit áitiúil ag gníomhú sa cháil sin
Ní bheidh aon táille iníoctha i leith finné a ghlaofar chun fianaise a thabhairt in imeachtaí den sórt sin ag duine, nó thar ceann duine, lena mbaineann an tAirteagal seo.
5. Cúlghairtear an tOrdú Cúirte Dúiche (Táillí), 2013 (I.R. Uimh. 241 de 2013).
An Chúirt Chuarda
1. (1) Féadfar an tOrdú Cúirte Cuarda (Táillí) (Uimh. 2) 2014a ghairm den Ordú seo.
(2) Tháinig an tOrdú seo i ngníomh ar 30 Deireadh Fómhair 2014.2. Tá feidhm ag na táillí atá leagtha amach sa Sceideal maidir le gach ítim atá liostaithe. Taispeántar an méid is iníoctha i gcolún (2) os coinne na hítime ábhartha i gcolún (1).
3. Níl aon táille iníoctha faoin Ordú seo sna háiteanna seo a leanas:
- Aon imeachtaí dlí teaghlaigh
- Aon chúis nó ábhar maidir le pósadh
- Imeachtaí arna dtionscnamh ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bhaineann le mionaoisigh
4. (1) Ní bheidh aon táille iníoctha faoin Ordú seo ag na daoine seo a leanas nó thar a gceann:
- An tArd-Aighne, in imeachtaí a bhfuil siad ina bpáirtí iontu
- An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, in imeachtaí ar páirtí iontu iad
- Ball den Gharda Síochána, in imeachtaí mar gheall ar chion arna thionscnamh ag an gcomhalta sin
- Aire den Rialtas, in imeachtaí arna dtionscnamh ag an Aire sin
- Oifigeach promhaidh agus leasa, in imeachtaí faoin Probation of Offenders Act 1907 nó faoi na hAchtanna um Cheartas Coiriúil (Seirbhís Pobail) 1983–2011
Níl aon táille iníoctha faoin Ordú seo ag aon duine nó thar ceann aon duine a bhfuil ionadaíocht aige in imeachtaí (sibhialta nó coiriúla) ag:
- An Príomh-Aturnae Stáit
- An Príomh-Aturnae Ionchúisimh
- Aturnae Stáit áitiúil ag gníomhú sa cháil sin
Ní bheidh aon táille iníoctha faoin Ordú seo i leith finné a ghlaofar chun fianaise a thabhairt in imeachtaí den sórt sin ag duine, nó thar ceann duine, lena mbaineann an tAirteagal seo.
5. Níl aon táille iníoctha faoin Ordú seo ag Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann nó thar a ceann i dtaca le himeachtaí faoin Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 (Uimh. 44 de 2012).
6. Cúlghairtear an tOrdú Cúirte Cuarda (Táillí), 2014 (I.R. Uimh. 23 de 2014).
Uaschúirteanna
Treoracha agus díolúintí de réir I.R. Uimh. 492 de 2014
Féach ar na sceidil do tháillí na Cúirte Uachtaraí, na Cúirte Achomhairc agus na hArd-Chúirte
1. (1) Féadfar an Ordú na Cúirte Uachtaraí, na Cúirte Achomhairc agus na hArd-Chúirte (Táillí) 2014a ghairm den Ordú seo.
(2) Tháinig an tOrdú seo i ngníomh ar 30 Deireadh Fómhair 2014.2. Tá le “Sannaí Oifigiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 3 (arna leasú) den Acht Féimheachta 1988.
3. Gearrtar táillí sna hoifigí a ghabhann leis an gCúirt Uachtarach, leis an gCúirt Achomhairc, leis an Ard-Chúirt, le hUachtarán na hArd-Chúirte agus i gclárlanna probháide ceantair, mar a shonraítear i Sceideal 1.
4. Tá táillí cúirte iníoctha go bliantúil freisin ar ioncam a eascraíonn as maoin atá faoi dhlínse na hArd-Chúirte (daoine mímheabhracha agus mionaoisigh), mar atá leagtha amach i Sceideal 2.
5. Níl aon táille iníoctha i dtaca le himeachtaí faoi:
- Airteagal 40.4 den Bhunreacht
- Na hAchtanna um Eiseachadadh 1965–2012
- Na hAchtanna um Barántas Gabhála Eorpach 2003 agus 2012
- Imeachtaí bannaí
- Iarratais ar athbhreithniú breithiúnach faoi Ordú 84 Riail 18 (Cúrsaí coiriúla)
6. Níl aon táille le híoc i ndáil leis na nithe seo a leanas:
- Imeachtaí dlí teaghlaigh
- Cúiseanna nó nithe maidir le pósadh
- Imeachtaí faoi na hAchtanna Uchtála 2010–2013
- Imeachtaí ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi na hAchtanna um Leanaí, Caomhnóireacht nó Cúram Leanaí
7. Níl aon táille iníoctha ag Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann ná thar a ceann le haghaidh imeachtaí faoin Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012.
8. Níl aon táille iníoctha i dtaca le himeachtaí faoin Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011.
9. Níl aon táille iníoctha ag aon duine nó thar ceann aon duine dá ndéanann an Príomh-Aturnae Stáit, an Príomh-Aturnae Ionchúisimh, nó Aturnae Stáit áitiúil ionadaíocht.
10. I gcás ina ndiúltófar d'iarratas ar aistriú cáis tráchtála, beidh feidhm ag páirt-aisíocaíocht mar a shonraítear i Sceideal 1.
11. Cúlghairtear Ordú na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte (Táillí), 2014 (I.R. Uimh. 24 de 2014).