Is rannóg de chuid na hArd-Chúirte í an Chúirt Tráchtála a pléann le cásanna suntasacha tráchtála agus leo sin amháin.Pléann an Chúirt Tráchtála le gach cineál aighneas gnó, lena n-áirítear sárú conartha, tort, maoin, iontaobhas
agus probháid, aighnis TF, athbhreithniú breithiúnach, cumaisc chorparáideacha, athstruchtúrú domhanda, aistrithe fóilió árachais, Malairtí agus Díorthaigh Idirnáisiúnta nó aighnis infheistíochta eile, agus aighnis maoin intleachtúil.
Is gearr go mbeidh fo-liosta sainiúil ag an gCúirt ar a dtugtar an Liosta Maoin Intleachtúil agus Teicneolaíochta ina mbeidh breithiúna sainiúla de chuid na Cúirte Tráchtála. Tá liostaí sainiúla bainteacha ann freisin ina bpléitear le cásanna Iomaíochta, gnóthaí Eadrána, Forbairtí Bonneagair Straitéisigh, Maoin Intleachtúil agus Teicneolaíocht agus Dócmhainneacht.
Ní mór gné thráchtála a bheith in imeachtaí a phléitear sa Chúirt Tráchtála agus, ar bhonn ginearálta, ní mór luach nach lú ná €1m a bheith leo.
Breithiúna na Cúirte Tráchtála
An Breitheamh Mark Sanfey
An Breitheamh Mark Sanfey a rinne staidéar ar an dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus bhain sé céim amach in 1982. Bhain sé Céim d'Abhcóidí amach ó Óstaí an Rí in 1987 agus thosaigh sé ag cleachtadh an bhliain sin. Glaodh chun an Bharra Inmheánach é in 2004, agus chleachtaigh sé go príomha i réimsí na seansaireachta, na tráchtála, na dócmhainneachta agus an dlí tógála. Ceapadh é chuig an Ard-Chúirt i mí na Nollag 2019, agus bhí sé i gceannas ar na cúirteanna Seansaireachta agus Tráchtála den chuid is mó. Ceapadh é ina Bhreitheamh i bhFeighil an Liosta Seansaireachta i mí Dheireadh Fómhair 2023, agus ina Bhreitheamh i bhFeighil an Liosta Tráchtála i mí na Nollag 2024; bhí sé i gceannas freisin mar Bhreitheamh a bhí i bhfeighil na Liostaí Eadrána, Dócmhainneachta Pearsanta agus Féimheachta.
An Breitheamh Michael Twomey
An Breitheamh Michael Twomey a ceapadh ina bhreitheamh de chuid Ard-Chúirt na hÉireann i mí Eanáir 2016 agus a bhfuil formhór a chuid ama caite aige ag suí sa Rannóg Thráchtála. Rinne sé staidéar ar an dlí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, Ph.D sa dlí age ó Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, ina Thaighdeoir ar Cuairt ar Scoil Dlí Harvard agus ina léachtóir le dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Toghadh é ina bhinseoir de chuid Óstaí an Rí in 2016 agus is eadránaí creidiúnaithe é le CEDR. Sular ceapadh san Ard-Chúirt é, chleacht sé an dlí tráchtála agus speisialtacht aige sa dlí comhpháirtíochta agus é ina chomhairleoir ag Law Commission of England & Wales agus an Scottish Law Commission maidir lena gcomh-Thuarascáil ar an Dlí Comhpháirtíochta. Is é údar Twomey on Partnership (2ú eag, 2020) é, príomhthéacs dlí comhpháirtíochta na hÉireann.
An Breitheamh Michael Quinn
An Breitheamh Michael Quinn a ceapadh ina bhreitheamh de chuid Ard-Chúirt na hÉireann in 2018. Tá sé sannta don Rannóg Thráchtála agus chun gnóthaí scrúdaitheoireachta agus dócmhainneachta a éisteacht faoi Acht na gCuideachtaí 2014. Tá sé ina bhinseoir de chuid Óstaí an Rí i mBaile Átha Cliath. Sular ceapadh é, chleacht sé mar aturnae a raibh speisialtacht aige in athstruchtúrú agus dócmhainneacht chorparáideach agus é ina eadránaí creidiúnaithe CEDR. Tá sé ina iar-Uachtarán ar INSOL (Cumann Cleachtóirí Dócmhainneachta na hEorpa) agus ina Chomh-Chathaoirleach ar Rannóg Bhreithiúnach INSOL na hEorpa. Tá sé ina chomhalta de Bhord Comhairleach Thionscadal AE ar Chomhoibriú Breithiúnach i gcomhair Téarnamh Eacnamaíochta san Eoraip. Bhí sé ina bhall bunaidh agus ina Chathaoirleach ar Chumann Cleachtóirí Dócmhainneachta na hÉireann.
An Breitheamh Eileen Roberts
An Breitheamh Eileen Roberts a rinne staidéar I gColáiste na Tríonóide, Baile Athe Cliath. Ceapadh í mar bhreitheanh de chuid Ard-Chúirt na hÉireann I mí Iúil 2022, chuig an rannán seansaireachta ar dtús agus ansin chuig an gCúirt Tráchtála i mí Dheireadh Fómhair 2023. Tá sí freisin ar dhuine de na breithiúna atá tiarna ceaptha chun éisteacht le ceisteanna scrúdaitheoireachta agus dócmhainneachta faoi Acht na gCuideachtaí 2014. Is Binsearach í in Óstaí an Rí. Sular ceapadh í, chleacht sí mar aturnae ag speisialú i ndlíthíocht tráchtála ar mhórscála. Bhí sí ina ball de bhunaitheoirí CLAI agus bhí sí ina cathaoirleach ar an ngrúpa a d’údar an treoirleabhar fionnachtana dea-chleachtais de chuid CLAI maidir le seoladh na dlíthíochta in Éirinn. Is idirghabhálaí creidiúnaithe CEDR í agus iarbhall coiste de Chumann Idirghabhála Tráchtála na hÉireann. Cheap an Rialtas an Breitheamh Roberts mar Choimisinéir Páirtaimseartha ar an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí ar feadh téarma cúig bliana dar tús 1 Feabhra 2024
An Breitheamh Rory Mulcahy
Rinne an Breitheamh Rory Mulcahy staidéar ar an dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus bhain sé céim amach in 1994. Fuair sé LLM ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste in 1996. D’fhreastail sé ar Óstaí an Rí i mBaile Átha Cliath, bhain sé céim amach in 1998, agus ansin thosaigh sé ag cleachtadh mar abhcóide. Glaodh chuig an mBarra Inmheánach é in 2014. Tá Dioplóma san Eadránaíocht aige agus bhí sé ina idirghabhálaí creidiúnaithe ag CEDR. Go praiticiúil, d’oibrigh sé den chuid is mó sa dlí tráchtála agus riaracháin. Ceapadh é ar an Ard-Chúirt i mí Aibreáin 2023, agus é ina shuí ar an liosta Seansaireachta ar dtús. Aistríodh é chuig an gCúirt Tráchtála i mí Dheireadh Fómhair 2025. Tá sé sannta freisin chun cúrsaí scrúdaitheoireachta a éisteacht agus is é an Breitheamh Aimiréalachta é.