Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Ordú: 21

Cosaint agus frithéileamh

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No21-S.I. No. 254 Of 2016: Rules Of The Superior Courts (Conduct Of Trials) 2016


1. I gcás ina dtaifeadfaidh cosantóir láithreas de réir toghairme iomlánaí seachadfaidh sé a chosaint agus a fhrithéileamh (más ann)—
      (a) i gcás nach n-éileoidh sé, le fógra, ráiteas éilimh, laistigh d’ocht lá is fiche ó dháta taifeadta láithris; nó

      (b) in aon chás eile, laistigh d’ocht lá is fiche ó dháta seachadta an ráitis éilimh nó ón tréimhse ama a bheidh ceaptha le haghaidh láithris, cibé dáta acu is déanaí.

2. I gcás ina mbeidh cead tugtha do chosantóir cosaint a dhéanamh faoi Ordú 37, seachadfaidh sé a chosaint (más ann) laistigh de cibé tréimhse ama a bheidh ceaptha leis an ordú lena mbeidh cead tugtha cosaint a dhéanamh nó, mura mbeidh aon tréimhse ama ceaptha leis sin, laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta an ordaithe.

3. I gcaingne i leith féich nó éilimh leachtaithe in airgead beidh séanadh ar an bhfiach, agus gan dul thairis sin, neamhinghlactha.

4. I gcaingne ar bhillí malairte, nótaí gealltanais, nó seiceanna, ní foláir do chosaint i bhfoirm séanta ábhar fíorais éigin a shéanadh, e.g., tarraingt, déanamh, formhuiniú, glacadh nó tíolacadh an bhille nó an nóta, nó fógra obtha an bhille nó an nóta.

5. I gcaingne a chuimsítear in Ordú 2, riail 1 (1), aicmí (a) agus (b), ní foláir do chosaint i bhfoirm séanta cibé ábhair fhíorais, a mbeidh líomhnaithe dliteanas an chosantóra do theacht díobh, a bheidh á ndíospóid a shéanadh; e.g., i gcaingne i leith earraí a mbeifear tar éis iad a mhargáil agus a dhíol, nó a dhíol agus a seachadadh, ní foláir don chosaint an t-ordú nó an conradh, an seachadadh nó an tsuim a mbeifear tar éis í a éileamh a shéanadh; i gcaingean i leith airgid a bheidh faighte agus glactha, ní foláir di glacadh an airgid, nó na fíorais sin a bheith ann a mbeidh líomhnaithe gur glacadh chun úsáide an ghearánaí an glacadh sin ag an gcosantóir dá dtoradh, a shéanadh.

6. Ní gá aon séanadh nó cosaint i dtaobh damáistí a bheidh éilithe nó i dtaobh mhéid na ndamáistí sin; ach measfar iad a bheith curtha faoi shaincheist i ngach cás, mura ngéillfear go sainráite dóibh.

7. Más mian le ceachtar páirtí ceart aon pháirtí eile chun éileamh a dhéanamh mar sheiceadóir, nó mar iontaobhaí, cibé acu i bhféimheacht nó ar shlí eile, nó mar shannaí i bhféimheacht, nó in aon cháil ionadaí nó aon cháil líomhnaithe eile, nó comhdhéanamh líomhnaithe aon ghnólachta comhpháirtíochta, a shéanadh, déanfaidh sé an céanna a shéanadh go sonrach.

8. I gcás ina mbeidh an Chúirt den tuairim gur chóir go mbeifí tar éis aon líomhaintí fíorais a bheidh séanta nó nach mbeidh admhaithe sa chosaint a admháil, féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is cóir maidir le haon chostas breise a bheidh tagtha dá mbeith séanta nó gan a bheith admhaithe.

9. I gcás ina bhféachfaidh aon chosantóir le seasamh ar aon fhorais mar thaca le ceart frithéilithe, luafaidh sé go sonrach ina chosaint é a bheith á dhéanamh sin mar fhrithéileamh.

10. I gcás ina ndéanfaidh cosantóir, lena chosaint, aon fhrithéileamh a chur suas ina dtarraingeofar anuas ceisteanna idir é féin agus an gearánaí mar aon le haon daoine eile, cuirfidh sé le teideal a chosanta teideal eile a bheidh cosúil leis an teideal i ráiteas éilimh ina leagfar amach ainmneacha na ndaoine go léir a bheadh, dá mbeadh an frithéileamh sin le cur i bhfeidhm le croschaingean, ina gcosantóirí sa chroschaingean sin, agus seachadfaidh sé a chosaint ar cibé daoine díobh a bheidh ina bpáirtithe sa chaingean laistigh den tréimhse a gceanglófar air í a sheachadadh ar an ngearánaí.

11. I gcás nach páirtí sa chaingean aon duine den sórt a luaitear i riail 10, toghairfear air láithriú trí chóip den chosaint a sheirbheáil air, agus déanfar an tseirbheáil sin a rialáil leis na rialacha céanna atá anseo roimhe seo maidir le seirbheáil toghairme, agus déanfar gach cosaint a sheirbheálfar amhlaidh a fhormhuiniú i bhFoirm Uimh. 3 i bhFoscríbhinn C.

12. Aon duine nach cosantóir sa chaingean agus ar a seirbheálfar cosaint agus frithéileamh mar a dúradh, láithreoidh sé de réir an chéanna amhail is dá mbeifí tar éis toghairm a sheirbheáil air chun láithriú i gcaingean.

13. Aon duine a bheidh ainmnithe i gcosaint mar pháirtí i bhfrithéileamh arna dhéanamh leis an gcéanna féadfaidh sé freagra a sheachadadh laistigh den tréimhse ama ina bhféadfadh sé cosaint a sheachadadh dá mba ráiteas éilimh é.

14. I gcás ina ndéanfaidh cosantóir frithéileamh a chur suas, má mhaíonn an gearánaí, nó aon duine eile a bheidh ainmnithe mar a dúradh mar pháirtí sa fhrithéileamh sin, nár chóir an t-éileamh a bheidh ardaithe leis sin a chur de láimh mar fhrithéileamh, ach i gcaingean neamhspleách, féadfaidh sé, tráth ar bith roimh fhreagairt, ordú a iarraidh ar an gCúirt go n-eisiafar an frithéileamh sin, agus féadfaidh an Chúirt, ar an iarratas sin a éisteacht, cibé ordú is cóir a dhéanamh.

15. Más rud é, in aon chás ina ndéanfaidh an cosantóir frithéileamh a chur suas, go ndéanfar caingean an ghearánaí a bhacadh nó a dhíbhe, nó go scoirfear di, féadfar, mar sin féin, dul ar aghaidh leis an bhfrithéileamh.

16. Más rud é, in aon chaingean, go mbunófar fritháireamh nó frithéileamh mar chosaint i gcoinne éileamh an ghearánaí, féadfaidh an Chúirt, má bhíonn an t-iarmhéid i bhfabhar an chosantóra, breithiú nas a thabhairt i bhfabhar an chosantóra le haghaidh an iarmhéid sin, nó féadfaidh sí thairis sin a bhreithniú cibé faoiseamh a mbeidh an cosantóir ina theideal de bhua thuillteanas an cháis a thabhairt dó.

17. I gcaingne probháide féadfaidh an páirtí a bheidh ag cur i gcoinne uachta fógra a thabhairt, i dteannta a chosanta, don pháirtí a mbeidh an uacht á cur ar aird aige, á rá gan a bheith á éileamh aige ach go gcruthófaí an uacht i bhfoirm shollúnta an dlí, agus gan a bheith ar intinn aige ach croscheistiú a dhéanamh ar na finnéithe a thabharfar ar aird i dtacaíocht leis an uacht, agus air sin beidh de chead aige é sin a dhéanamh, agus in aon chás ní dhlífidh sé costais an taoibh eile a íoc mura mbeidh an Chúirt den tuairim gan aon fhoras réasúnach a bheith ann chun cur i gcoinne na huachta.

18. I ngach cás ina bpléadálfaidh páirtí an tsaincheist ghinearálta, agus é ar intinn aige an t-ábhar speisialta a thabhairt i bhfianaise de bhua aon reachta, cuirfidh sé isteach in imeall a phléadála na focail ‘‘le reacht’’, mar aon le bliain rite an reachta ar a mbeidh a sheasamh aige, agus freisin caibidil nó uimhir agus alt an reachta sin, agus sonróidh sé an reacht poiblí nó eile an reacht sin; mura ndéanfar amhlaidh measfar an chosaint sin gan a bheith pléadáilte de bhua aon reachta.

19. Ní phléadálfar aon phléadáil nó cosaint mar phléadáil nó cosaint chealaithe.

20. Ní gá d’aon chosantóir i gcaingean chun talamh a aisghabháil ar an teideal, agus a bheidh i seilbh tríd féin nó trína thionónta, a theideal a phléadáil, mura mbeidh a chosaint ag brath ar eastát cothromais nó ar cheart cothromasach, nó mura mbeidh faoiseamh á éileamh aige ar aon fhoras cothromasach i gcoinne aon chirt nó teidil a bheidh á dhearbhú ag an ngearánaí. Ach amháin sna cásanna atá luaite anseo roimhe seo, is leor a lua mar chosaint é a bheith i seilbh amhlaidh agus measfar é a bheith intuigthe sa ráiteas sin é a bheith ag séanadh na líomhaintí fíorais a bheidh i ráiteas éilimh an ghearánaí, nó é gan a bheith ag géilleadh dóibh. Féadfaidh sé, mar sin féin, seasamh ar aon fhoras cosanta is féidir leis a chruthú ach amháin mar atá luaite anseo roimhe seo.

21. I gcás caingean den sórt sin a bheith á tionscnamh ag daoine nó ag duine amháin de dhaoine leithleacha a bheidh i dteideal mar nascthionóntaí, tionóntaí i gcoiteannas, nó comhoidhrsigh, féadfaidh aon nascthionónta, tionónta i gcoiteannas nó comhoidhrseach a bheidh i seilbh a leagan amach ina chosaint gur nascthionónta, tionónta i gcoiteannas nó comhoidhrseach den sórt sin é, agus é a bheith ag cosaint sa cháil sin, agus é a bheith ag géilleadh cheart an ghearánaí chun scaire neamhroinnte den mhaoin, ag lua cén scair í, ach é a bheith ag séanadh aon eisealbhú iarbhír air féin as an maoin, agus ar an tsaincheist sin a thriail déanfar an cheist bhreise faoi aon eisealbhú iarbhír a bheith tarlaithe a thriail.

22. Duine a bheidh tar éis láithriú i gcaingean chun gabháltas talmhaíochta nó féaraigh, nó gabháltas a mbeidh cuid de ina ghabháltas talmhaíochta agus an chuid eile ina ghabháltas féaraigh, de réir a chineáil, a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa, agus a mbeidh a láithreas teorannaithe aige de réir Ordú 12, riail 22, déanfaidh sé a chosaint (más ann) a sheachadadh laistigh de lá is tríocha tar éis dó láithriú.