Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Ordú: 19

Pléadáil i gcoitinne

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No19-S.I. No. 14 Of 1989: Rules Of The Superior Courts (No. 1), 1989.
No19-S.I. No. 248 Of 2005: Rules Of The Superior Courts (Personal Injuries) 2005
Uim19-I.R. Uimh. 307 De 2013: Rialacha Na Nuaschúirteanna (Coinbhinsiún Lugano, Cothabháil Agus Seirbhís) 2013
No19-S.I. No. 9 Of 2016: Rules Of The Superior Courts (Jurisdiction, Recognition And Enforcement Of Judgments) 2016
No19-S.I. No. 186 Of 2017: Rules Of The Superior Courts (Personal Injuries Assessment Board Act 2003) 2017


1. Déanfaidh an gearánaí, faoi réir fhorálacha Ordú 20, agus san am agus sa tslí a fhorordaítear san ordú sin, ráiteas ar a éileamh, agus ar an bhfaoiseamh nó an leigheas a mbeidh sé ag éileamh é a bheith ina theideal, a sheachadadh ar an gcosantóir. Déanfaidh an cosantóir, faoi réir fhorálacha Ordú 21, agus san am agus sa tslí a fhorordaítear san ordú sin, a chosaint, a fhritháireamh nó a fhrithéileamh (más ann) a sheachadadh ar an ngearánaí, agus déanfaidh an gearánaí, faoi réir fhorálacha Ordú 23, agus san am agus sa tslí a fhorordaítear san ordú sin, a fhreagra (más ann) a sheachadadh ar an gcosaint, ar an bhfritháireamh nó ar an bhfrithéileamh sin. Beidh na ráitis sin chomh haicearrach agus is féidir sa chás, agus déanfaidh an Máistir Fómhais, ag coigeartú chostais na caingne dó, ar thionscnamh aon pháirtí, nó féadfaidh sé gan aon iarraidh, aon fhadálacht gan ghá a fhiosrú, agus a ordú na costais a bheidh tagtha den fhadálacht sin a bheith le híoc ag an bpáirtí ar arb inmhuirir iad.

2. Féadfaidh cosantóir i gcaingean aon cheart nó éileamh a fhritháireamh, nó a chur suas mar fhrithéileamh i gcoinne éilimh an ghearánaí, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an fritháireamh nó an frithéileamh inchúitithe le damáistí, agus beidh ag an bhfritháireamh nó ag an bhfrithéileamh sin an éifeacht chéanna a bheadh ag croschaingean, ionas go bhféadfaidh an Chúirt breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san aon chaingean amháin, ar an éileamh bunaidh agus ar an gcroséileamh. Ach, ar an ngearánaí dá iarraidh sin roimh an triail, féadfaidh an Chúirt, más dóigh léi nach féidir an fritháireamh nó an frithéileamh sin a chur de láimh go caoithiúil sa chaingean a bheidh ar feitheamh, nó nár chóir é a cheadú, cead a dhiúltú don chosantóir leas a bhaint as.

3. Beidh i ngach pléadáil ráiteas i bhfoirm achomair ar na fíorais ábhartha ar a mbeidh a sheasamh dá éileamh nó dá chosaint, de réir mar a bheidh, ag an bpáirtí a bheidh ag pléadáil agus ní bheidh sa phléadáil ach sin — ní bheidh an fhianaise inti lena mbeidh na fíorais le cruthú; agus, nuair is gá sin, déanfar í a roinnt ina míreanna, arna n-uimhriú as a chéile. Is i bhfigiúirí agus ní i bhfocail a shonrófar dátaí, suimeanna agus uimhreacha. Ní gá síniú an abhcóide; ach i gcás ina ndéanfaidh abhcóide pléadálacha a shocrú síneoidh sé iad; agus mura socrófar amhlaidh iad déanfaidh an t-aturnae, nó an páirtí, má tá sé ag agairt nó ag cosaint i bpearsa, iad a shíniú.

4. Déanfar na ceannteidil i bhFoscríbhinn B, Cuid IV, i gcás inarb infheidhme, a úsáid le haghaidh na bpléadálacha uile.

5. (1) I ngach cás ina líomhnófar éagóir de réir bhrí na nAchtanna um Dhliteanas Sibhialta, 1961 agus 1964, déanfar sonraí faoin éagóir sin, aon díobhálacha pearsanta a bheidh fulaingthe agus aon mhíreanna de dhamáiste speisialta a leagan amach sa ráiteas éilimh nó frithéilimh agus déanfar sonraí faoi aon fhaillí rannpháirteach a leagan amach sa chosaint.

(2) I ngach cás ina líomhnófar mífhaisnéis, calaois, sárú iontaobhais, mainneachtain thoiliúil nó tionchar míchuí agus i ngach cás eile ina bhféadfaidh sé gur gá sonraí, déanfar sonraí (maille le dátaí agus míreanna más gá) a leagan amach sna pléadálacha.

(3) In aon chás inar mó ná trí fhóilió na sonraí, ar sonraí iad faoi fhiach, caiteachais nó damáistí, ní foláir é sin a lua amhlaidh maille le tagairt do shonraí iomlána a bheidh seachadta cheana féin nó le seachadadh i dteannta na bpléadálacha.

6. I gcaingne probháide luafar, i dtaca le gach éileamh nó cosaint a phléadálfar, cad é substaint an cháis ar a mbeifear ar intinn seasamh; agus thairis sin:—

(1) i gcás ina bpléadálfar tionchar míchuí, tabharfaidh an páirtí a mbeidh an phléadáil sin á déanamh aige sonraí, sula gcuirfear an cás síos i gcomhair trialach, faoi ainmneacha na ndaoine a mbeidh an cúiseamh i dtionchar míchuí á thabhairt ina gcoinne, faoi chineál an iompair a líomhnófar gurb é an tionchar míchuí é agus faoi dhátaí déanta na ngníomhartha a líomhnófar gurb iad an tionchar míýchuí iad; agus

(2) i gcás ina bpléadálfar an tiomnóir gan a bheith slánmheabhrach chun diúscartha, déanfaidh an páirtí a mbeidh an phléadáil sin á déanamh aige, sula gcuirfear an cás síos i gcomhair trialach, sonraí a thabhairt faoi aon chás sonrach de shiabhrán nó d’éagumas meabhrach; agus

(3) ach amháin le cead ón gCúirt, ní thabharfar aon fhianaishe i dtaobh aon sampla eile de thionchar míchuí nó de shiabhrán nó d’éagumas meabhrach ag an triail.

7. (1) Féadfar i ngach cás ráiteas breise agus feabhsaithe ar chineál an éilimh nó na cosanta, nó sonraí breise agus feabhsaithe faoi aon ábhar a bheidh luaite in aon phléadáil, fógra nó imeacht scríofa ar gá sonraí ina leith, a ordú ar cibé téarmaí is cóir i dtaobh costas agus eile.

(2) Féadfaidh páirtí, sula ndéanfaidh sé iarratas chun na Cúirte faoin riail seo, sonraí a iarraidh le litir. Beidh costais gach litreach agus costais aon sonraí a sheachadfar de bhun na litreach sin incheadaithe san fhómhas. Nuair a bheifear ag déileáil le costais aon iarratais ar shonraí, cuirfidh an Chúirt forálacha na míre seo san áireamh.

(3) Ní ordófar faoin riail seo sonraí a sheachadadh roimh chosaint nó roimh fhreagairt, de réir mar a bheidh, mura dóigh leis an gCúirt gur gá nó gurb inmhianaithe iad chun a chur ar chumas an chosantóra nó an ghearánaí, de réir mar a bheidh, pléadáil nó gur chóir ar aon chúis speisialta eile iad a sheachadadh amhlaidh.

8. An páirtí a mbeidh sonraí seachadta ar a thionscnamh faoi ordú ón gCúirt, beidh aige, mura bhforálfar a mhalairt leis an ordú, an fad céanna ama le haghaidh pléadála tar éis na sonraí a sheachadadh is a bheidh tar éis bheith aige ar dháta seirbheála an fhógra faoin iarratas. Ach amháin mar a fhoráiltear sa riail seo, ní oibreoidh ordú le haghaidh sonraí mar bhac ar imeachtaí, nó ní thabharfaidh sé aon síneadh ama, mura bhforálfar a mhalairt leis an ordú.

9. Féadfar gach pléadáil a mbeidh níos lú ná cúig fhóilió dhéag inti (agus gach figiúr á áireamh mar fhocal amháin) a bheith clóite nó scríofa, nó clóite go páirteach agus scríofa go páirteach, agus beidh gach pléadáil eile, nach achainí, clóite, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

10. Déanfar gach pléadáil nó doiciméad eile is gá a sheachadadh ar pháirtí, nó idir pháirtithe, a sheachadadh ar aturnae gach páirtí a bheidh ag láithriú trí aturnae, nó ar an bpáirtí mura mbeidh sé ag láithriú trí aturnae, ach mura mbeidh aon láithreas taifeadta ar son aon pháirtí, ansin déanfar an phléadáil nó an doiciméad sin a sheachadadh trína comhdú nó trína chomhdú leis an oifigeach cuí don Phríomh-Oifig.

11. Déanfar gach pléadáil a sheachadadh idir pháirtithe, agus beidh inti, de bhreis ar na nithe a shonraítear in Ordú 121, riail 4, tagairt d’uimhir thaifid na caingne, don Chúirt (más ann) dá mbeidh an chaingean sannta, do theideal na caingne agus do thuairisc na pléadála.

12. Ní dhéanfaidh aon ní atá sna Rialacha seo difear do cheart aon chosantóra pléadáil neamhchiontach le reacht. Beidh an éifeacht chéanna ag gach cosaint neamhchiontach le reacht is a bhí go dtí seo ag pléadáil neamhchiontach le reacht. Má phléadálann an cosantóir amhlaidh ní phléadálfaidh sé aon chosaint eile ar an gcúis chaingne chéanna gan cead ón gCúirt.

13. Mura ndéanfar gach líomhain fíorais in aon phléadáil, nach achainí, a shéanadh go sonrach nó murab intuigthe de riachtanas í a bheith séanta, nó mura luafar í gan a bheith géillte di i bpléadáil an pháirtí fhreasúraigh, measfar í a bheith géillte di, ach amháin amhail i gcoinne naín, nó duine mhímheabhraigh.

14. Déanfaidh an gearánaí nó an cosantóir (de réir mar a bheidh) aon réamhchoinníoll a mbeidh sé beartaithe a chonspóid é a bheith comhlíonta, nó é a bheith ann, a shonrú go soiléir ina phléadáil, agus faoina réir sin is intuigthe ina phléadáil deimhneasc á dheimhneasc na réamhchoinníollacha uile is gá le haghaidh chás an ghearánaí nó an chosantóra a bheith comhlíonta nó iad a bheith ann.

15. Ní foláir don chosantóir nó don ghearánaí (de réir mar a bheidh) gach ábhar a tharraingt anuas trína phléadáil a thaispeánfaidh an chaingean nó an frithéileamh gan a bheith inchoimeádta ar aghaidh, nó an t-idirbheart a bheith ar neamhní nó in-neamhnithe i bponc dlí, maille leis na forais chosanta nó fhreagartha uile, de réir mar a bheidh, ar dhócha dóibh, mura dtarraingeofaí anuas iad, teacht gan choinne ar an bpáirtí freasúrach, nó a dhéanfadh saincheisteanna fíorais a tharraingt anuas nach mbeadh ag teacht chun cinn as na pléadálacha roimhe sin — mar shampla, calaois, Reacht na dTréimhsí, scaoileadh, íocaíocht, comhlíonadh, fíorais ag taispeáint neamhdhleathachta le reacht nó leis an dlí coiteann, nó Reacht na gCalaoisí.

16. In aon phléadáil, nach achainí, ní tharraingeofar anuas, ach amháin mar leasú, aon fhoras nua éilimh, nó ní bheidh aon líomhain fíorais inti a bheidh ar neamhréir leis na pléadálacha a bheidh déanta roimhe sin ag an bpáirtí a mbeidh an céanna á phléadáil aige.

17. Ní leor do chosantóir ina ráiteas cosanta na forais a bheidh líomhnaithe leis an ráiteas éilimh a shéanadh go ginearálta, nó ní leor do ghearánaí ina fhreagra na forais a bheidh líomhnaithe i gcosaint mar fhrithéileamh a shéanadh go ginearálta, ach ní foláir do gach páirtí déileáil go sonrach le gach líomhain fíorais nach mbeidh sé ag admháil gur fíor í, ach amháin damáistí.

18. Faoi réir riail 17, féadfaidh an gearánaí trína fhreagra uamadh saincheiste a dhéanamh ar an gcosaint, agus féadfaidh gach páirtí ina phléadáil (más ann), i ndiaidh freagra a thabhairt, uamadh saincheiste a dhéanamh ar an bpléadáil roimhe sin. Oibreoidh an t-uamadh saincheiste sin mar shéanadh ar gach líomhain ábhartha fíorais sa phléadáil ar a mbeidh an t-uamadh saincheiste déanta, ach féadfaidh sé aon fhíorais a eisceadh a mbeidh an páirtí toilteanach iad a admháil, agus oibreoidh sé ansin mar shéanadh ar na fíorais nach mbeidh admhaithe amhlaidh.

19. Nuair a shéanfaidh páirtí in aon phléadáil líomhain fíorais sa phléadáil a bheidh déanta roimhe sin ag an bpáirtí freasúrach, ní foláir dó gan é sin a dhéanamh go seachantach, ach freagra a thabhairt ar an bpointe substainteach. Mar sin, má líomhnaítear suim áirithe airgid a bheith faighte aige, ní leor a shéanadh an tsuim áirithe sin gan a bheith faighte aige, ach ní foláir dó a shéanadh an tsuim nó aon chuid di gan a bheith faighte aige, sin nó a leagan amach cé mhéad a bheidh faighte aige. Agus má dhéantar líomhain le himthosca iomaí, ní leor í a shéanadh i dteannta na n-imthosca sin.

20. Nuair a líomhnófar conradh, gealltanas nó comhaontú in aon phléadáil, mura ndéanfaidh an páirtí freasúrach ach an céanna a shéanadh ní fhorléireofar an séanadh sin ach mar shéanadh iarbhír ar an gconradh, ar an ngealltanas nó ar an gcomhaontú sainráite a bheidh líomhnaithe, nó ar na hábhair fhíorais óna bhféadfaidh an céanna a bheith intuigthe de réir dlí, agus ní mar shéanadh ar dhlíthiúlacht an chonartha, an ghealltanais nó an chomhaontaithe sin, nó ar a dhóthanacht sa dlí, cibé acu faoi threoir Reacht na gCalaoisí nó eile.

21. In aon chás ina mbeidh ábhair aon doiciméid ábhartha, is leor in aon phléadáil éifeacht an chéanna a lua chomh haicearrach agus is féidir, gan an t-ábhar go léir nó aon chuid de a leagan amach, mura mbeidh focail bheachta an doiciméid nó aon choda de ábhartha.

22. In aon chás ina mbeidh sé ábhartha mailís, intinn chalaoiseach, eolas nó staid mheabhrach eile aon duine a líomhain, is leor an céanna a líomhain mar fhíoras, gan na himthosca óna mbeidh an céanna le baint de thát a leagan amach.

23. In aon chás ina mbeidh sé ábhartha a líomhain fógra a bheith tugtha d’aon duine faoi aon fhíoras, ábhar nó ní, is leor an fógra sin a líomhain mar fhíoras, mura mbeidh foirm nó téarmaí beachta an fhógra sin, nó na himthosca óna mbeidh an fógra sin le baint de thát, ábhartha.

24. Aon uair a bheidh aon chonradh nó aon chaidreamh idir aon daoine intuigthe ó shraith litreacha nó comhráite, nó ar shlí eile ó roinnt imthosca, is leor an conradh nó an caidreamh sin a líomhain mar fhíoras, agus tagairt go ginearálta do na litreacha, do na comhráite nó do na himthosca sin gan iad a leagan amach go mionchruinn. Agus más rud é, i gcás den sórt sin, gur mian leis an duine a bheidh ag pléadáil amhlaidh seasamh, ina ionad sin, ar níos mó conarthaí nó caidreamh ná ceann a bheadh intuigthe ó na himthosca sin, féadfaidh sé an céanna a lua ina ionad sin.

25. Ní gá do cheachtar páirtí in aon phléadáil aon ábhar fíorais a líomhain a thoimhdeofar sa dlí a bheith ina fhabhar nó a mbeidh an dualgas cruthúnais ina thaobh ar an taobh eile, mura mbeidh an céanna séanta go sonrach roimhe sin (e.g., comaoin i leith bille malairte, i gcás nach mbeidh an gearánaí ag agairt ach ar an mbille, agus ní i leith na comaoine mar fhoras substainteach éilimh).

26. Ní dhéanfar aon agóid theicniúil i gcoinne aon phléadála ar fhoras aon easpa foirme a bheidh líomhnaithe.

27. Féadfaidh an Chúirt, ag aon chéim de na himeachtaí, a ordú aon ábhar in aon fhormhuiniú nó in aon phléadáil a bhféadfaidh sé nach mbeidh gá leis nó a fhéadfaidh a bheith scannalach, nó a bhféadfaidh sé go dtiocfaidh de go ndéanfar dochar nó ciotaí do thriail chóir na caingne, nó go gcuirfear moill ar an gcéanna, a scriosadh amach nó a leasú; agus féadfaidh sí, in aon chás den sórt sin, más cuí léi, a ordú costais an iarratais a íoc amhail idir an t-aturnae agus an cliant.

28. Féadfaidh an Chúirt a ordú aon phléadáil a scriosadh amach, ar an bhforas nach mbeidh aon chúis réasúnach caingne nó freagra nochta inti, agus, in aon chás den sórt sin, nó i gcás ina dtaispeánfar leis na pléadálacha an chaingean nó an chosaint a bheith suaibhreosach nó cráiteach, féadfaidh an Chúirt a ordú an chaingean a bhacadh nó a dhíbhe, nó breithiúnas a thaifeadadh dá réir sin, de réir mar is cóir.

29. Ní fhéadfar agóid a dhéanamh i gcoinne aon chaingne nó pléadála ar an bhforas nach mbeidh á lorg léi ach breithiúnas nó ordú dearbhaithe, agus féadfaidh an Chúirt, más cuí léi, dearbhuithe cirt ceangailteacha a dhéanamh cibé acu a bheidh nó nach mbeidh éileamh déanta, nó a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí éileamh a dhéanamh, ar aon fhaoiseamh iarmhartach.