Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Ordú: 27

Mainneachtain pléadála

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim-I.R. Uimh. 585 De 2001: Rialacha Na Nuaschúirteanna (Uimh. 4) (An Tathrú Go Dtí An Euro), 2001
No27-S.I. No. 63 Of 2004: Rules Of The Superior Courts (Order 27 (Amendment) Rules), 2004.


1. Mura ndéanfaidh an gearánaí, agus é de cheangal air ráiteas éilimh a sheachadadh, an ráiteas a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a bheidh lamháilte chuige sin, féadfaidh an cosantóir, nuair a bheidh an tréimhse ama sin caite, a iarraidh ar an gCúirt an chaingean a dhíbhe, le costais, d’uireasa í a thabhairt ar aghaidh; agus féadfaidh an Chúirt, ar an iarratas sin a éisteacht, a ordú an chaingean a dhíbhe dá réir sin, nó féadfaidh sí cibé ordú eile a dhéanamh ar cibé téarmaí is cóir leis an gCúirt.

2. Faoi réir fhorálacha rialacha 15 agus 16, mura mbeidh in éileamh an ghearánaí ach éileamh ar fhiach nó éileamh leachtaithe, nó éileamh chun talamh a aisghabháil, nó chun earraí sonracha a sheachadadh, agus nach seachadfaidh an cosantóir cosaint laistigh den tréimhse ama a bheidh lamháilte chuige sin, féadfaidh an gearánaí, nuair a bheidh an tréimshe ama sin caite, breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh sa Phríomh-Oifig le haghaidh mhéid an fhéich nó an éilimh leachtaithe sin, nó go n-aisghabhfaidh an duine a mbeidh a theideal dearbhaithe sa ráiteas éilimh seilbh ar an talamh, nó go seachadfar na hearraí sonracha gan an rogha a thabhairt don chosantóir na hearraí sin a choimeád ar a luach a íoc, de réir mar a bheidh, le costais.

3. Más rud é gurb é a bheidh in éileamh an ghearánaí éileamh ar fhiach nó éileamh leachtaithe, nó éileamh chun talamh a aisghabháil, nó chun earraí sonracha a sheachadadh, agus éileamh freisin ar dhamáistí airgid nó aon fhaoiseamh eile, agus nach seachadfaidh an cosantóir cosaint laistigh den tréimhse ama a bheidh lamháilte chuige sin, féadfaidh an gearánaí breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh mar a fhoráiltear i riail 2, agus féadfaidh sé iarratas a dhéanamh freisin mar a fhoráiltear i riail 8 i leith an éilimh sin ar dhamáistí airgid nó faoiseamh eile.

4. Más rud é, in aon chaingean den sórt a luaitear i rialacha 2 agus 3, go mbeidh cosantóirí leithleacha ann, má mhainníonn duine díobh mar a luaitear sna rialacha sin, féadfaidh an gearánaí breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh i gcoinne an chosantóra a bheidh ag mainneachtain amhlaidh, agus forghníomhú a eisiúint ar an mbreithiúnas sin gan dochar dá cheart chun dul ar aghaidh lena chaingean i gcoinne na gcosantóirí eile nó i gcoinne an chosantóra sin faoi riail 3.

5. Más caingean í chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa, ní thaifeadfar aon bhreithiúnas faoin Ordú seo go dtí go mbeidh mionnscríbhinn, arna déanamh ag an tiarna talún nó ag a ghníomhaire nó a ghlacadóir nó a chléireach, comhdaithe ina luafar cíos bliana amháin ar a laghad a bheith dlite, de bhreis ar gach liúntas ceart agus cóir, tráth tionscanta na caingne.

6. I gcaingean chun gabháltas nó tailte ar a mbeidh gabháltas talmhaíochta nó féaraigh, nó gabháltas a mbeidh cuid de ina ghabháltas talmhaíochta agus an chuid eile ina ghabháltas féaraigh, de réir a chineáil, a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa ní thaifeadfar aon bhreithiúnas faoin Ordú seo go dtí go mbeidh mionnscríbhinn, arna déanamh ag an tiarna talún nó ag a ghníomhaire nó a ghlacadóir nó a chléireach, comhdaithe ag fíorú an fhormhuinithe speisialta ar an toghairm. Féadfaidh an mhionnscríbhinn sin a bheith i bhFoirm Uimh. 6 i bhFoscríbhinn A, Cuid 1.

7. I gcaingne probháide, má mhainníonn aon chosantóir cosaint a sheachadadh, féadfaidh an chaingean dul ar aghaidh d’ainneoin na mainneachtana sin.

8. I ngach caingean eile seachas na caingne a luaitear sna rialacha sin roimhe seo den Ordú seo, mura ndéanfaidh cosantóir, agus é de cheangal air cosaint a sheachadadh, í a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a bheidh lamháilte, féadfaidh an gearánaí, faoi réir fhorálacha riail 9, an chaingean a chur síos le foriarratas i gcomhair breithiúnais agus tabharfar cibé breithiúnas a measfaidh an Chúirt, ar an ráiteas éilimh, an gearánaí a bheith ina theideal. Aon damáistí a bhféadfaidh an gearánaí a bheith ina dteideal déanfaidh an Breitheamh iad a fhionnadh maille le giúiré i gcás giúiré a bheith ag teastáil ó aon pháirtí agus é a bheith i dteideal giúiré, ach, taobh amuigh de sin, gan ghiúiré, agus, más gan ghiúiré é, déanfaidh an Breitheamh nó an Máistir nó an Scrúdaitheoir, de réir mar a ordóidh an Breitheamh, iad a fhionnadh ar fhianaise le míonnscríbhinn nó eile.

9. (1) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-riail (4) den riail seo, ní fhéadfar aon fhógra um fhoriarratas ar bhreithiúnas d’éagmais cosanta, i gcaingne ina mbeidh damáistí neamhleachtaithe i dtort nó i gconradh á n-éileamh, a sheirbheáil mura rud é go mbeidh scríofa ag an ngearánaí, lá is fiche ar a laghad roimh sheirbheáil an fhógra sin, chuig an gcosantóir ag tabhairt fógra dó á rá é a bheith ar intinn aige fógra um fhoriarratas ar bhreithiúnas a sheirbheáil agus, san am céanna, ag toiliú le seachadadh déanach cosanta laistigh de lá is fiche ó dháta na litreach.

(2) Mura seachadfar aon chosaint laistigh den tréimhse sin beidh de chead ag an ngearánaí fógra um fhoriarratas ar bhreithiúnas d’éagmais cosanta a sheirbheáil a bheidh le filleadh go dtí dáta nach luaithe ná ceithre lá dhéag glan ó dháta seirbheála an fhógra; déanfar an fógra foriarratais sin a chomhdú tráth nach déanaí ná sé lá roimh an dáta fillte.

(3) Más rud é, tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis an fógra sin um fhoriarratas ar bhreithiúnas a sheirbheáil, go seachadfaidh an cosantóir cosaint ar an ngearánaí agus, tráth nach déanaí ná sé lá roimh an dáta fillte, go dtaiscfidh sé cóip den chosaint sa Phríomh-Oifig agus cóip dheimhnithe den fhógra foriarratais sin i gceangal léi, ní chuirfear an foriarratas sin ar bhreithiúnas i liosta an bhreithimh ach beidh sé arna scriosadh amach agus íocfaidh an cosantóir leis an ngearánaí suim £100 i leith a chostas maidir leis an bhforiarratas sin ar bhreithiúnas.

(4) Más rud é, in aon chás, gur féidir leis an ngearánaí cúiseanna speisialta a shuíomh lenar gá fógra um fhoriarratas ar bhreithiúnas d’éagmais cosanta a sheirbheáil sna cásanna dá bhforáiltear leis an riail seo le práinn níos mó ná de réir na bhforálacha anseo roimhe seo, féadfaidh sé iarratas ex parte a dhéanamh chuig Máistir na hArd-Chúirte ar ordú ag tabhairt ceada dó fógra um fhoriarratas ar bhreithiúnas d’éagmais cosanta a sheirbheáil ina dtabharfar fógra ceithre lá glan ar a laghad don chosantóir.

10. Más rud é, in aon chaingean den sórt a luaitear i riail 8, go mbeidh cosantóirí leithleacha ann, ansin, má mhainníonn duine de na cosantóirí sin mar a dúradh, féadfaidh an cosantóir (más cúis chaingne intéarfa í an chúis chaingne) an chaingean a chur síos láithreach le foriarratas ar bhreithiúnas i gcoinne an chosantóra a bheidh ag mainneachtain amhlaidh, nó féadfaidh sé í a chur síos ina choinne tráth a taifeadta le haghaidh trialach, nó a curtha síos le foriarratas ar bhreithiúnas i gcoinne na gcosantóirí eile.

11. Mura seachadfaidh an gearánaí freagra, nó mura seachadfaidh aon pháirtí aon phléadáil ina dhiaidh sin, laistigh den tréimhse a bheidh lamháilte chuige sin, measfar na pléadálacha a bheith dúnta ar an tréimhse sin a bheith caite, agus measfar na ráitis ábhartha fhíorais go léir sa phléadáil a bheidh seachadta go deireanach a bheith séanta agus curtha faoi shaincheist.

12. In aon chás ina dtiocfaidh saincheisteanna chun cinn i gcaingean seachas idir gearánaí agus cosantóir, má mhainníonn aon pháirtí in aon saincheist den sórt sin aon pléadáil a sheachadadh, féadfaidh an páirtí freasúrach cibé breithiúnas, más ann, a ndealróidh sé é a bheith ina theideal ar na pléadálacha a iarraidh ar an gCúirt, agus féadfaidh an Chúirt a ordú breithiúnas a thaifeadadh dá réir sin, nó féadfaidh sí cibé ordú eile a dhéanamh is gá chun ceartas iomlán a dhéanamh idir na páirtithe.

13. Sula dtaifeadfar breithiúnas mainneachtana i leith aon fhéich nó éilimh leachtaithe faoin Ordú seo, comhdófar mionnscríbhinn ina sonrófar an tsuim a bheidh dlite iarbhír an uair sin.

14. Féadfaidh an Chúirt aon bhreithiúnas mainneachtana, faoin Ordú seo nó faoi aon cheann eile de na Rialacha seo, a chur ar ceal ar cibé téarmaí i dtaobh costas nó eile is cuí leis an gCúirt, agus i gcás ina mbeidh caingean curtha síos faoi riail 8, féadfaidh an Chúirt déileáil le cur síos sin na caingne ionann is dá mbeifí tar éis breithiúnas mainneachtana a shíniú tráth curtha síos an cháis.

15. In imeachtaí arna dtionscnamh ag iasachtóir airgid, nó ag sannaí nó ag ionadaí pearsanta dlíthiúil iasachtóra airgid, chun airgead a bheidh tugtha ar iasacht ag an iasachtóir airgid, nó aon ús ar an airgead sin, a ghnóthú, ní thaifeadfar breithiúnas d’éagmais cosanta go dtí go mbeidh dhá mhí dhéag caite ó dháta eisiúna thoghairm thionscanta na n-imeachtaí, mura mbeidh cead faighte ón gCúirt ar dtús. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an gcead sin le foriarratas iar bhfógra a sheirbheálfar ceithre lá glan ar a laghad roimh an éisteacht; agus beidh feidhm ag forálacha Ordú 13, riail 14 (2) agus (3), maidir leis an iarratas sin.

16. I gcaingne chun fiach nó éileamh leachtaithe a bheidh ag teacht de chomhaontú fruilcheannaigh nó comhaontú díola creidmheasa (arna mhíniú leis an Acht Fost-Cheannaigh, 1946), nó d’aon chonradh ráthaíochta a bhainfidh le comhaontú den sórt sin, a ghnóthú, ní thaifeadfar breithiúnas de mhainneachtain cosanta go dtí go mbeidh dhá mhí dhéag caite ó dháta eisiúna thoghairm thionscanta na n-imeachtaí, mura mbeidh cead faighte ón gCúirt ar dtús. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an gcead sin le foriarratas iar bhfógra a sheirbheálfar ceithre lá glan ar a laghad roimh an éisteacht, go pearsanta nó leis an bpost cláraithe arna dhíriú chuig an gcosantóir ag an seoladh is deireanaí is eol a bheith aige; agus ní thaifeadfar breithiúnas go dtí go mbeidh mionnscríbhinn comhdaithe ina luafar na ceanglais a shonraítear in alt 3 nó in alt 4 (de réir mar a bheidh) den Acht Fost-Cheannaigh, 1946 (arna leasú le hailt 21 agus 22 den Acht Fruilcheannaigh (Leasú), 1960), a bheith comhlíonta.