Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

  Réamhrá
Innéacs na Rialacha
Sceidil
Leasuithe


Is iad na Rialacha agus na Sceidil atá curtha ar fáil i nGaeilge sa roinn seo den láithreán [na Rialacha Cúirte Cuarda agus na Sceidil mar atá siad leagtha síos in Ionstraim Reachtúil Uimh. 510 de 2001]. Foilseoimid an leagan Gaeilge d'Ionstraimí Reachtúla lena leasaítear na Rialacha agus na Sceidil sin de réir mar a chuirfear ar fáil dúinn iad.

Áit a gcuireann ionstraim reachtúil ordú nua isteach sna Rialacha, tá an t-ordú nua cuimsithe san Innéacs Rialacha. Seachas seo, ceanglaítear na leasuithe ar fad leis an ordú nó leis an sceideal ábhartha.

I gcásanna nuair nach mbíonn riail nua ar fáil as Gaeilge, is féidir rochtain a fháil ar an leagan Béarla tríd an táb 'English' a chliceáil ag barr an scáileáin.

I gcásanna nuair nach mbíonn leasuithe ar fáil ach i mBéarla déantar an Riail ábhartha a nascadh leis an leasú Béarla coibhéiseach.

Foirmeacha cúirte:
Tá na foirmeacha cúirte atá le húsáid sa Chúirt Cuarda leagtha amach i Sceideal B le Rialacha na Cúirte Cuarda.

Mura bhfuil an fhoirm cúirte a theastaíonn uait ar fáil as Gaeilge cliceáil ar an táb 'English' ag barr an scáileáin le teacht ar an bhfoirm i mBéarla.

Is féidir na foirmeacha seo a úsáid tríd an téacs a roghnú agus é a chóipeáil agus a ghreamú isteach i do dhoiciméad bán.