Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Ordú: 4

Formhuiniú an éilimh & Formhuiniú an tseolta

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim4-I.R. Uimh. 14 De 1989
Uim-I.R. Uimh. 585 De 2001: Rialacha Na Nuaschúirteanna (Uimh. 4) (An Tathrú Go Dtí An Euro), 2001
Uim4-I.R. Uimh. 517 De 2004
Uim4-I.R. Uimh. 248 De 2005
Uim4-I.R. Uimh. 506 De 2005
Uim4-I.R. Uimh. 307 De 2013: Rialacha Na Nuaschúirteanna (Coinbhinsiún Lugano, Cothabháil Agus Seirbhís) 2013
Uim4-I.R. Uimh. 16 De 2014: Rialacha Na Nuaschúirteanna (An Tacht Um Chúirteanna Agus An Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2013) 2014
Uim4-I.R. Uimh. 9 De 2016
Uim4-I.R. Uimh. 186 De 2017
Uim4-I.R. Uimh. 475 De 2017

I. Formhuiniú an éilimh.

1. Cuirfear formhuiniú an éilimh ar gach toghairm thionscnaimh sula n-eiseofar í.

2. Is é teideal a chuirfear ar fhormhuiniú an éilimh ar thoghairm iomlánach ‘‘Formhuiniú ginearálta an éilimh’’ agus beidh formhuiniú an fhaoisimh a bheidh á éileamh agus forais an chéanna arna gcur in iúl i dtéarmaí ginearálta i cibé ceann de na foirmeacha i bhFoscríbhinn B, Cuid II, is infheidhme maidir leis an gcás, nó, mura bhfaighfear aon fhoirm a bheith infheidhme, ansin cibé foirm eile, a bheidh chomh comair céanna, is gá de réir nádúr an cháis.

3. San fhormhuiniú a cheanglaítear le riail 2, ní bheidh sé riachtanach foras beacht an ghearáin, nó an leigheas nó an faoiseamh beacht a measfaidh an gearánaí é a bheith ina theideal, a leagan amach.

4. Is é teideal a chuirfear ar fhormhuiniú an éilimh ar thoghairm achomair agus ar thoghairm speisialta ‘‘Formhuiniú speisialta an éilimh’’, agus luafar go sonrach ann, maille leis na sonraí uile is gá, an faoiseamh a bheidh á éileamh agus a fhorais sin. Beidh formhuiniú an éilimh ar thoghairm achomair nó ar thoghairm speisialta i cibé ceann de na foirmeacha i bhFoscríbhinn B, Cuid III, is infheidhme maidir leis an gcás, nó, mura bhfaighfear aon fhoirm a bheith infheidhme, ansin cibé foirm eile a bheidh chomh comair céanna is gá de réir nádúr an cháis.

5. (1) Aon uair nach mbeidh in éileamh a bheidh formhuinithe ar thoghairm achomair ach éileamh ar shuim leachtaithe, luafar san fhormhuiniú, i dteannta an tsuim a bheidh á héileamh i leith an éilimh a lua, an tsuim a bheidh á héileamh i leith costas, agus luafar ann thairis sin go mbacfar tuilleadh imeachtaí ar na suimeanna sin i leith an éilimh agus na gcostas a íoc laistigh de shé lá tar éis na seirbheála nó, i gcás toghairme nach mbeidh le seirbheáil laistigh den dlínse, laistigh den tréimhse ama a bheidh ceaptha le haghaidh láithris.

(2) Is é a bheidh sa tsuim a éileofar i leith costas:—
(a) Mura mó ná £2,500 an t-éileamhCibé suim ba chuí d’imeacht le haghaidh suime dá samhail sa Chúirt Dúiche.
(b) Más mó ná £2,500 ach nach mó ná £15,000 an t-éileamhCibé suim ba chuí d’imeacht le haghaidh suime dá samhail sa Chúirt Chuarda.
(c) Más mó ná £15,000 an t-éileamh£55.00 maille le £5.00 ar gach seirbheáil bhreise tar éis na chéad seirbheála, agus na costais a ghabhfaidh le haon ordú le haghaidh eisiúna agus seir bheála, nó seirbheáil na toghairme nó fógra ina hionad lasmuigh den dlínse, nó le haghaidh seirbheála ionadaí nó eile, nó fógra a thabhairt a chur in ionad na seirbheála, nó chun a dhearbhú gur leor seirbheáil a bheidh déanta, nó chun eisiúint na toghairme a fhógairt le fógrán, agus beidh an tsuim sin ar leith ó gach eisíoc iarbhír agus riachtanach agus de bhreis air.
(3) Is san fhoirm atá corpraithe i bhFoirm Uimh. 2 i bhFoscríbhinn A, Cuid I, a bheidh an ráiteas. In aon chás a thiocfaidh faoin riail seo féadfaidh an cosantóir, d’ainneoin iad a bheith íoctha, na costais a chur á bhfómhas, agus má dhícheadaítear níos mó ná an séú cuid den mhéid a bheidh íoctha, déanfar an méid a bheidh dícheadaithe a aisíoc agus íocfaidh aturnae an ghearánaí costais an fhómhais.

6. In aon imeacht chun talamh a aisghabháil beidh sa toghairm tuairisc le cinnteacht réasúnach ar an maoin a mbeifear ag iarraidh í a aisghabháil, agus luafar inti an contae agus an ceantar contae, nó an chathair nó an baile mór agus an paróiste, ina mbeidh sí suite. Ní fhágfaidh aon earráid nó easnamh i leith aon ábhair de na hábhair réamh ráite go mbeidh an toghairm sin ar neamhní nó neamhrialta ach féadfaidh sin a bheith ina fhoras d’iarratas chun na Cúirte ar shonraí na maoine a bheidh a héileamh.

7. In aon imeacht chun talamh a aisghabháil, féadfar aon tionónta, aon fhothionónta, nó aon duine eile a bheidh iarbhír i seilbh na maoine a mbeifear ag iarraidh í a aisghabháil, nó i seilbh aon choda di, a ainmniú mar chosantóir, agus díreofar an toghairm chun an tionónta, an fhothionónta, nó an duine eile sin, agus na focail ‘‘agus gach n-aon lena mbaineann’’ curtha léi.

8. I ngach caingean lena mbainfidh an Land Law (Ireland) Act, 1896, alt 12, chun gabháltas talmhaíochta nó féaraigh, nó gabháltas a mbeidh cuid de ina ghabháltas talmhaíochta agus an chuid eile ina ghabháltas féaraigh, de réir a chineáil, nó chun tailte ar a mbeidh gabháltas den sórt sin, a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa, déanfar ráiteas ar éileamh an ghearánaí a fhormhuiniú go speisialta ar an toghairm. Luafar san fhormhuiniú speisialta sin:—

      (a) gan aon duine a bheith ag áitiú an áitribh a mbeifear ag iarraidh é a aisghabháil, nó ag áitiú aon choda de, mar thionónta seachas mar neastionónta don ghearánaí, agus an gearánaí a bheith ag éileamh seilbh ghlan a aisghabháil ar an áitreabh céanna sin, agus an breithiúnas sa chaingean a fhorghníomhú i gcoinne gach duine a bheidh á áitiú; nó

      (b) duine nó daoine a bheith ag áitiú an áitribh a mbeifear ag iarraidh é a aisghabháil, nó ag áitiú cuid éigin de, mar thionónta nó tionóntaí seachas mar neastionónta nó neastionóntaí don ghearánaí, agus leagfar amach ainm gach duine díobh sin.

9. Más i gcáil ionadaí a bheidh an gearánaí ag agairt nó a bheidh an cosantóir á agairt, taispeánfar san fhormhuiniú, mar a léirítear i cibé ceann de na foirmeacha i bhFoscríbhinn B, Cuid I, is infheidhme maidir leis an gcás, nó le haon ráiteas eile sa chéill chéanna, an cháil ina mbeidh an gearánaí ag agairt nó ina mbeidh an cosantóir á agairt.

10. I gcaingne probháide taispeánfar san fhormhuiniú cibé acu mar chreidiúnaí, seiceadóir, riarthóir, leagáidí iarmhar ach, leagáidí, neasghaol, oidhre ginearálta nó réadtiomnaí a bheidh an gearánaí ag agairt, nó aon cháil eile ina mbeidh sé ag agairt, agus cad é an cháil eile sin.

11. I ngach cás inar mian leis an ngearánaí, ar an gcéad ásc, go dtógfar cuntas, formhuineofar ar an toghairm an t-éileamh go ndéanfar an cuntas sin a thógáil.

12. I gcaingne ag iasachtóir airgid nó sannaí nó ag ionadaí pearsanta nó ionadaithe pearsanta iasachtóra airgid éagtha chun airgead a bheidh tugtha ar iasacht ag iasachtóir airgid, nó aon ús ar an airgead sin, a ghnóthú nó chun aon chomhaontú nó urrús a bhainfidh le haon airgead nó le haon ús den sórt sin a fhorghníomhú, luafar san fhormhuiniú ar an toghairm, i dteannta aon sonraí eile, an gearánaí a bheith ina iasachtó ir airgid ceadúnaithe, nó (i gcaingean ag sannáý nó ag ionadaí pearsanta nó ionadaithe pearsanta iasachtóra airgid éagtha) an sannóir bunaidh, nó an tiomnóir nó an díthiomnóir, de réir mar a bheidh, a bheith ina iasachtóir airgid ceadúnaithe tráth tabhartha na hiasachta, agus má dhéantar an chaingean a thionscnamh le toghairm achomair nó toghairm speisialta, luafar ann, freisin, i dteannta aon sonraí eile—

      (a) dáta tabhartha na hiasachta;

      (b) an tsuim a bheidh tugtha iarbhír ar iasacht don iasachtaí;

      (c) ráta faoin gcéad, in aghaidh na bliana, an úis a bheidh gearrtha;

      (d) dáta déanta an chonartha chun an iasacht a aisíoc;

      (e) nóta nó meabhrán i dtaobh an chonartha a bheith déanta, agus é a bheith sínithe ag an iasachtaí;

      (f) dáta seachadta cóipe den nóta nó den mheabhrán ar an iasachtaí nó dáta a churtha chuige;

      (g) an tsuim a bheidh aisíoctha;

      (h) an tsuim a bheidh dlite ach a bheidh gan íoc;

      (i) dáta theacht na suime nó na suimeanna neamhíoctha sin chun bheith dlite;

      (j) méid an úis a bheidh fabhraithe chun bheith dlite ar gach suim den sórt sin agus a bheidh gan íoc.

13. I gcaingne chun fiach nó éileamh leachtaithe in airgead a bheidh ag teacht de chomhaontú fruilcheannaigh nó comhaontú díola creidmheasa (arna mhíniú leis an Acht Fost-Cheannaigh, 1946), nó d’aon chonradh ráthaíochta a bhainfidh le comhaontú den sórt sin, a ghnóthú, luafar i bhformhuiniú speisialta an éilimh ar thoghairm achomair, i dteannta aon sonraí eile, na ceanglais a shonraítear in alt 3 nó alt 4 (de réir mar a bheidh) den Acht Fost-Cheannaigh, 1946, a bheith comhlíonta.

II. Formhuiniú an tseolta.

14. Déanfaidh aturnae gearánaí seoladh agus slí bheatha nó tuairisc an ghearánaí, maille lena ainm féin nó ainm a ghnólachta agus an t-ionad cláraithe gnó ina bhféadfar toghairmeacha, fógraí, pléadálacha, achainíocha, orduithe, barántais agus doiciméid eile a fhágáil ina chomhair, a fhormhuiniú ar an toghairm agus ar an bhfógra in ionad toghairm a sheirbheáil.

15. Déanfaidh gearánaí a bheidh ag agairt i bpearsa a shlí bheatha nó a thuairisc, agus seoladh le haghaidh seirbheála laistigh den dlínse, ina bhféadfar toghairmeacha, fógraí, pléadálacha, achainíocha, orduithe, barántais agus doiciméid eile a fhágáil ina chomhair, a fhormhuiniú ar an toghairm agus ar an bhfógra in ionad toghairm a sheirbheáil.

16. I ngach cás ina ndéanfar imeachtaí a thionscnamh ar shlí seachas le toghairm, beidh feidhm ag rialacha 14 agus 15 maidir leis an doiciméad lena dtionscnófar na himeachtaí sin amhail is dá mba thoghairm é.