Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Ordú: 50

Orduithe idirbhreitheacha

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No50-S.I. No. 2 Of 2011: Rules Of The Superior Courts (Examiner) 2011

I. Orduithe idirbhreitheacha.

1. Nuair a dhéanfar, le haon chonradh, cás prima facie dliteanais a shuíomh, agus go ndéanfar ceart chun a bheith saortha go hiomlán nó go páirteach ón dliteanas sin a líomhain mar ábhar cosanta, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh chun ábhar na dlíthíochta a chaomhnú nó a choimeád go heatramhach, nó féadfaidh sí a ordú an tsuim a bheidh faoi dhíospóid a thabhairt isteach sa Chúirt nó a urrú ar shlí eile.


2. Aon uair a dhéanfar iarratas roimh an triail ar urghaire nó ordú eile agus go ndealróidh sé don Chúirt, ar an iarratas sin a oscailt, nó tráth ar bith le linn an t-iarratas a éisteacht, gur ábhar é an t-ábhar a bheidh faoi chonspóid sa chúis nó san ábhar arb é an tslí is caoithiúla chun déileáil leis ná le triail luath, gan dul isteach ar dtús sa tuillteanas uile le mionnscríbhinn nó fianaise eile chun críocha an iarratais, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh le haghaidh na trialach sin dá réir sin, agus idir an dá linn féadfaidh sí cibé ordú a dhéanamh a dhlífidh an ceartas sa chás.


3. Féadfaidh an Chúirt, ar aon pháirtí i gcúis nó in ábhar dá iarraidh sin, aon ordú a dhéanamh go ndíolfaidh aon duine nó daoine a bheidh ainmnithe san ordú sin, agus i cibé slí agus ar cibé téarmaí is inmhianaithe leis an gCúirt, aon earraí nó marsantas a fhéadfaidh a bheith meatach nó ar baol go ndéanfar díobháil dóibh má choimeádtar iad, nó arb inmhianaithe ar aon leorchúis chóir eile iad a chur á ndíol láithreach.


4. Féadfaidh an Chúirt, ar aon pháirtí i gcúis nó in ábhar dá iarraidh sin, agus ar cibé téarmaí is cóir, aon ordú a dhéanamh chun aon mhaoin nó ní is ábhar don chúis nó don ábhar sin, nó a bhféadfaidh sé go dtiocfaidh aon cheist chun cinn ina taobh nó ina thaobh sa chúis nó san ábhar sin, a choinneáil, a chaomhnú nó a iniúchadh, agus féadfaidh sí, chun gach críche nó aon chríche de na críocha réamhráite, a údarú d’aon duine dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh a bheidh i seilbh aon pháirtí sa chúis nó san ábhar sin agus féadfaidh sí, chun gach críche nó aon chríche de na críocha réamhráite, a údarú aon samplaí a thógáil nó aon tuairimí a thabhairt nó aon turgnamh a thriail is gá nó is fóirsteanach chun faisnéis nó fianaise iomlán a fháil.


5. An Chúirt a fhéadfaidh aon chúis nó ábhar a éisteacht nó a thriail le giúiré nó gan ghiúiré, nó a bhféadfar aon chúis nó ábhar a thionscnamh os a comhair ar mhodh achomhairc, féadfaidh sí aon mhaoin nó ní a iniúchadh a bhféadfaidh aon cheist teacht chun cinn ina taobh nó ina thaobh sa chúis nó san ábhar sin.


6. (1) Féadfaidh an Chúirt mandamus nó urghaire a dheonú, nó glacadóir a cheapadh, le hordú idirbhreitheach i ngach cás ina ndealróidh sé don Chúirt é a bheith cóir nó caoithiúil déanamh amhlaidh.


(2) Féadfar aon ordú den sórt sin a dhéanamh gan choinníoll nó ar cibé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh an Chúirt a bheith cóir.


(3) Féadfar urghaire chun cosc a chur le haon diomailt nó foghail a bheidh á bagairt nó á tuar a dheonú tráth ar bith, más cuí leis an gCúirt, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an duine a mbeidh an urghaire á lorg ina choinne i seilbh, faoi aon éileamh teidil nó eile, nó (más as seilbh dó) cibé acu a bheidh nó nach mbeidh ceart chun an gníomh a dhéanamh a mbeifear ag iarraidh é a shrianadh á éileamh aige faoi aon chosúlacht teidil, agus cibé acu is dlíthiúil nó cothromasach do na heastáit a bheidh á n-éileamh ag an dá pháirtí nó ag ceachtar acu.


7. Féadfaidh aon pháirtí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú faoi rialacha 3, 4 nó 6. Más iarratas ón ngearánaí ar ordú faoi riail 6 é, féadfar é a dhéanamh ex parte nó iar bhfógra, agus más iarratas ar ordú faoi rialacha 3 nó 4 é, féadfar é a dhéanamh ar fhógra a bheith tugtha don chosantóir tráth ar bith tar éis an toghairm a eisiúint, agus más iarratas ó aon pháirtí eile é, ansin féadfar é a dhéanamh ar fhógra a bheith tugtha don ghearánaí, agus tráth ar bith tar éis don pháirtí a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh aige láithriú, ar an gcoinníoll go bhféadfar aon iarratas den sórt sin a dhéanamh ex parte más gá sin mar gheall ar riachtanais an cháis.


8. Féadfaidh an gearánaí iarratas a dhéanamh ar ordú faoi riail 1 tráth ar bith tar éis gur dealraitheach ó na pléadálacha ceart a bheith aige chuige sin nó, mura mbeidh aon phléadálacha ann, tráth ar bith tar éis a cheart chuige sin a léiriú le mionnscríbhinn nó ar shlí eile chun sástacht na Cúirte.


9. I gcás ina dtionscnófar caingean chun maoin shonrach, seachas talamh, a aisghabháil, nó ina n-iarrfaidh cosantóir, ina chosaint, mar fhrithéileamh, maoin shonrach, seachas talamh, a aisghabháil, agus nach ndíospóidfidh an páirtí a mbeifear ag iarraidh an mhaoin sin a aisghabháil uaidh teideal an pháirtí a bheidh ag iarraidh í a aisghabháil, ach go n-éileoidh sé an mhaoin a choinneáil de bhua liain nó eile mar urrús i leith aon suime airgid, féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith tar éis gur dealraitheach, ó na pléadálacha, an t-éileamh sin is deireanaí a luadh nó, mura mbeidh aon phléadálacha ann, tráth ar bith tar éis an t-éileamh sin a léiriú le mionnscríbhinn nó ar shlí eile chun sástacht na Cúirte, a ordú go mbeidh de chead ag an bpáirtí a mbeidh aisghabháil na maoine á héileamh aige an méid airgid a mbeidh an lian nó an t-urrús á éileamh ina leith, agus cibé suim bhreise (más ann) i leith úis agus costas a ordóidh an Chúirt, a íoc isteach sa Chúirt, ag feitheamh ar thoradh na caingne, agus, ar an airgead sin a íoc isteach sa Chúirt, go ndéanfar an mhaoin a mbeidh éileamh déanta uirthi a thabhairt suas don pháirtí a bheidh á héileamh.


10. I gcás ina mbeidh aon eastát réadach nó pearsanta ina ábhar d’aon imeachtaí, agus gur deimhin leis an gCúirt go mbeidh breis agus a dhóthain san eastát sin chun na héilimh go léir air ar chóir soláthar a dhéanamh dóibh sna himeachtaí sin a fhreagairt, féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith tar éis thionscnamh na n-imeachtaí, an t-iomlán nó cuid d’ioncam bliantúil an eastáit réadaigh, nó cuid den eastát pearsanta, nó an t-iomlán nó cuid dá ioncam, a lamháil do na páirtithe a mbeidh leas acu sna himeachtaí sin, nó d’aon pháirtí amháin nó níos mó díobh, go dtí cibé tráth a ordóidh an Chúirt.


11. Aon uair a ordófar, i gcaingean chun eastát duine éagtha a riaradh nó chun iontaobhais ionstraime scríofa a fhorghníomhú, aon mhaoin a dhíol a bheidh dílsithe in aon seiceadóir, riarthóir nó iontaobhaí, tabharfar seoladh an díolacháin sin don seiceadóir, don riarthóir nó don iontaobhaí sin, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.


12. In aon chúis nó ábhar ina mbeifear tar éis urghaire a éileamh nó ina bhféadfaí urghaire a éileamh, féadfaidh an gearánaí, roimh an mbreithiúnas nó dá éis, urghaire a iarraidh chun an cosantóir nó an freagróir a shrianadh ón ngníomh éagórach nó ón sárú conartha a mbeidh gearán á dhéanamh faoi a athdhéanamh nó leanúint de, nó ó aon díobháil nó sárú conartha dá samhail nó dá shamhail a dhéanamh a bhainfidh leis an maoin chéanna nó leis an gceart céanna, nó a bheidh ag teacht den chonradh céanna; agus féadfaidh an Chúirt an urghaire a dheonú, ar théarmaí nó gan téarmaí, de réir mar is cóir.


13. Ní thabharfar cead chun caingean phionóis a imshocrú i gcásanna ina mbeidh cuid den phionós ag dul chuig an Stát mura mbeidh fógra tugtha ar dtús don Phríomh-Aturnae Stáit.


14. Luafar go sainráite san ordú chun caingean phionóis a imshocrú an cosantóir a bheith ag gabháil air féin an tsuim a íoc a mbeidh cead tugtha dó ag an gCúirt an chaingean a imshocrú ina leith.


15. Nuair a thabharfar cead chun caingean phionóis a imshocrú, i gcás ina mbeidh cuid den phionós ag dul chuig an Stát, íocfar cuid an Stáit den imshocrú leis an Máistir lena diúscairt chun tairbhe an Státchiste.

II. Glacadóirí agus riarthóirí pendente lite.

16. (1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa riail seo, i gcás ina ndéanfar ordú chun glacadóir nó riarthóir pendente lite a cheapadh, tabharfaidh an duine a bheidh le ceapadh, mura n-ordófar a mhalairt, urrús ar dtús go dtabharfaidh sé cuntas go cuí ar a bhfaighidh sé mar ghlacadóir nó mar riarthóir den sórt sin, agus go n-íocfaidh sé an céanna mar a ordóidh an Chúirt; agus féadfar tuarastal nó liúntas cuí a cheadú don duine a cheapfar amhlaidh.


(2) Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, tabharfaidh glacadóir nó riarthóir pendente lite urrús trí dhul i mbanna i bhFoirm Uimh. 22 i bhFoscríbhinn G, maille le beirt leorurra nó níos mó i cibé suim a fhormheasfaidh an Chúirt, agus féadfaidh an Chúirt glacadh le hurrús aon chuideachta a mbeidh gnó á sheoladh aici in Éirinn agus a mbeidh cumhacht aici dul i ráthaíochtaí in ionad urrús na n-urraí sin a dúradh nó aon urra díobh.


(3) I gcás nach mó ná £500 an tsuim a mbeidh urrús le tabhairt ina leith féadfar an t-urrús sin a thabhairt le gealltanas i bhFoirm Uimh. 23 i bhFoscríbhinn G. Síneoidh an glacadóir agus a urra nó a urraí an gealltanas sin, nó, i gcás cuideachta ráthaíochta nó cuideachta eile, séalófar é le séala na cuideachta sin nó déanfar é a fhorghníomhú go cuí ar dhóigh eile. Déanfar an gealltanas a chomhdú sa Phríomh-Oifig, agus coimeádfar mar thaifead é go dtí go ndéanfar é a dhíchur go cuí.


17. I gcás ina bhfógrófar aon bhreithiúnas nó ina ndéanfar aon ordú sa Chúirt ag ceapadh duine a bheidh ainmnithe ann chun bheith ina ghlacadóir nó ina riarthóir pendente lite, féadfaidh an Chúirt an chúis nó an t-ábhar a bheidh ar feitheamh an tráth sin a chur ar atráth, chun go bhféadfaidh an duine a bheidh ainmnithe mar ghlacadóir nó mar riarthóir urrús a thabhairt mar a luaitear i riail 16, agus féadfaidh sí a ordú, air sin, go ndéanfar an breithiúnas nó an t-ordú sin a dhréachtú.


18. Nuair a cheapfar glacadóir nó riarthóir pendente lite le hordachán go ndéanfaidh sé cuntais a fhaomhadh, socróidh an Chúirt na laethanta nó na tráthanna a bhfágfaidh agus a bhfaomhfaidh sé na cuntais sin, agus, freisin, na laethanta nó na tráthanna a n-íocfaidh sé na hiarmhéideanna a dhealróidh a bheith dlite ar na cuntais a bheidh fágtha amhlaidh, nó cibé cuid díobh a ndeimhneofar gur cuí dó í a íoc; agus, maidir le haon ghlacadóir nó riarthóir den sórt sin a fhailleoidh a chuntais a fhágáil agus a fhaomhadh agus iarmhéideanna na gcuntas sin a íoc na tráthanna a bheidh le socrú amhlaidh chun na críche sin a dúradh, féadfaidh an Chúirt a mbeidh ar aon ghlacadóir nó riarthóir den sórt sin cuntas a thabhairt os a comhair, ó thráth go chéile, nuair a bheidh a chuntais ina dhiaidh sin á dtabhairt ar aird lena scrúdú agus lena bhfaomhadh, an tuarastal nó an liúntas a bheidh á éileamh sna cuntais sin ag an nglacadóir nó ag an riarthóir sin a dhícheadú, agus féadfaidh sí, freisin, más cuí léi, ús a mhuirearú air de réir ráta nach mó ná cúig faoin gcéad sa bhliain ar na hiarmhéideanna a mbeidh faillithe aige amhlaidh iad a íoc ar feadh na tréimhse ama a ndealróidh sé an céanna a bheith ar láimh ag aon ghlacadóir nó riarthóir den sórt sin.


19. Is i bhFoirm Uimh. 20 i bhFoscríbhinn G a bheidh cuntas glacadóra.


20. Déanfaidh glacadóir in aon imeacht a bheidh sannta do Bhreitheamh de bhun fhorálacha Ordú 5, riail 4, a chuntas a fhágáil in Oifig an Scrúdaitheora agus comhdóidh sé mionnscríbhinn sa Phríomh-Oifig ag fíorú an chuntais sin i bhFoirm Uimh. 24 i bhFoscríbhinn G. Gheobhaidh an geará naí nó an duine ag a mbeidh stiúradh na cúise, nó an glacadóir, coinne, air sin, chun an cuntas sin a fhaomhadh.


21. I gcás ina loicfidh aon ghlacadóir aon chuntas a fhágáil, nó mionnscríbhinn ag fíorú an chéanna a chomhdú, nó an cuntas sin a fhaomhadh, nó aon íocaíocht a dhéanamh, nó eile, féadfar a cheangal ar an nglacadóir nó ar na páirtithe, nó ar aon duine díobh, freastal sa Chúirt chun a shuíomh cén fáth nach mbeifear tar éis an cuntas sin a fhágáil nó an mhionnscríbhinn sin a chomhdú nó an cuntas sin a fhaomhadh nó an íocaíocht sin a dhéanamh nó aon imeacht cuí eile a thionscnamh, agus air sin féadfar cibé ordacháin is cuí a thabhairt lena n-áirítear aon ghlacadóir a urscaoileadh agus glacadóir eile a cheapadh, agus costais a íoc.


22. Ar an gCúirt do cheapadh glacadóra ar mhaoin talún tabharfaidh an t-aturnae ar a mbeidh cúram an ordaithe cíosrolla don ghlacadóir, agus beidh cumhacht ag an gCúirt cibé orduithe a dhéanamh i dtaobh cíosrollaí nó sonraí tionóntachtaí a thabhairt a mheasfar is gá.


23. Beidh cumhacht ag an gCúirt a cheangal ar thionónta an léas, an comhaontú, nó an ionstraim eile faoina mbeidh éileamh á dhéanamh aige a thabhairt ar aird do cibé duine a measfar é a bheith ina theideal nó ina teideal, lena n-áirítear an glacadóir.


24. Beidh de chead ag an nglacadóir, gan aon ordachán, gach gnáth-eisíocaíocht a íoc, ar nós ceannchíosa, cíosmhuirir dheachún, rátaí, cánacha agus muirear a bheidh dlite le haghaidh oibreacha poiblí nó siltin; is faoi ordachán na Cúirte amháin a dhéanfar gach íocaíocht eile.


25. Nuair a bheidh urrús tugtha ag glacadóir nó riarthóir pendente lite de bhun an ordacháin san ordú á cheapadh, comhdófar an banna sa Phríomh-Oifig agus coimeádfar mar thaifead é go dtí go mbeidh sé díchurtha go cuí, agus déanfaidh an t-oifigeach cuí sa Phríomh-Oifig deimhniú a fhormhuiniú ar an ordú á cheapadh á dheimhniú an banna a bheith comhdaithe.

III. Caomhnóirí.

26. Déanfar cuntais chaomhnóirí a fhaomhadh agus a fhíorú sa tslí chéanna is a ordaítear leis an Ordú seo i dtaobh cuntas glacadóirí.


27. Beidh feidhm ag Riail 24 agus Riail 25 maidir le caomhnóirí.