Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Dúiche

Sceideal: C - Foirmeacha in imeachtaí sibhialta

Foirm: 54.1 Toghairm Cothabhála - An tAcht um An Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 alt 5(1)(a) arna leasú

I.R. Uimh. 42 de 1998

Uimh. 54.1


SCEIDEAL C
0.54, r.4(1).

An tAcht um An Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 alt 5(1)(a) arna leasú

Toghairm Cothabhála


Ceantar Cúirte Dúiche

Dúiche Uimh.

............. Iarratasóir

............. Freagróir

DE BHRÍ go ndearna an t-iarratasóir thuasainmnithe, *(a chónaíonn) *(atá ag gabháil do ghairm, gnó nó slí bheatha) i ........... *(sa cheantar cúirte agus sa dúiche réamhráite), iarratas chun toghairm a eisiúint ag lorg ordú cothabhála i do choinne ar na forais GO bhFUIL MAINNITHE AGATSA, an freagróir thuasainmnithe, *(a chónaíonn) *(atá ag gabháil do ghairm, gnó nó slí bheatha) i .......... *(sa cheantar cúirte agus sa dúiche réamhráite), agus ar tú céile an iarratasóra sin, AN CHOTHABHÁIL is cuí sna himthosca a sholáthar don iarratasóir sin agus *(do leanbh cleithiúnach) *(do leanaí cleithiúnacha) an teaghlaigh, eadhon,

.......... a rugadh an ..........,

.......... a rugadh an ..........,

atá faoi bhun 18 mbliana d’aois,

*( .......... a rugadh an ..........,

a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige/aici agus atá faoi bhun 23 bliana d’aois agus *(atá) *(a bheidh) ag fáil oideachas nó teagasc lánaimseartha i bhforas oideachais),

*( .......... a rugadh an .......... ,

a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige/aici ach an oiread sin de mhíchumas meabhrach nó coirp air/uirthi nach féidir leis/léi le réasún é/í féin a chothabháil go hiomlán),

CUIRTEAR d’AITHNE LEIS SEO ORTSA, an freagróir, láithriú ag an suí den Chúirt Dúiche don cheantar cúirte agus don dúiche réamhráite a thionólfar i .......... an ... lá de ..... 19..., ar ... a.m./p.m., tráth éisteachta an iarratais sin ar ordú cothabhála.

Arna dhátú an ... lá seo de ..... 19....

Arna shíniú ..........

Breitheamh den Chúirt Dúiche

(nó)

Feidhmeannach Síochána

(nó)

Cléireach Cúirte Dúiche

Do

as

an freagróir thuasainmnithe

*Scrios na focail nach n-oireann.