Rialacha na Cúirte Dúiche
Sceideal: B - Foirmeacha in imeachtaí coiriúla Foirm: 27.9 Ordú um eistréatadh / fhorghéilleadh airgid bhannaí - An tAcht um Bannaí 1997, alt 9(9) (a cuireadh isteach leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009, Alt 48)
I.R. Uimh. 260 de 2010
27.9
Sceideal B
O.27, r. 8
AN tACHT UM BANNAÍ 1997, Alt 9(9) (a cuireadh isteach leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009, Alt 48)
ORDÚ UM EISTRÉATADH / FHORGHÉILLEADH AIRGID BHANNAÍ
Ceantar Cúirte Dúiche
Dúiche Uimh. Cúisí ......................
as ............................
†Urra .........................
as .............................
*Cásuimhir: .................................
*Fíneáiluimhir: .............................
*Duilleog na gCúiseamh/Toghairm: ................................
D’ordaigh an Chúirt, de réir alt 9(1) den Acht um Bannaí 1997 (a cuireadh
isteach le halt 48 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009), ag suí den Chúirt Dúiche i .................. an ..... lá de ............ 20 ....., an cúirtbhanna ina ndeachaigh tú *mar chúisí/†mar urra an ....... lá de ................. 20..... a eistréatadh mar gur mhainnigh *tú/†an cúisí coinníollacha an chúirtbhanna sin a chomhlíonadh.
Is é is éifeacht don ordú seo: *(i) go bhfuil ordú eistréata déanta *i do choinnese, an cúisí, i suim € ....... a bheidh le híoc laistigh de thréimhse .............
†i do choinnese, an t-urra ......, i suim € ...... a bheidh le híoc laistigh de thréimhse .................
Is ceart an íocaíocht de dhroim an ordaithe eistréata seo a íoc leis an gCléireach Cúirte Dúiche ag an seoladh thíos. Is ceart seiceanna, orduithe poist, nó orduithe airgid a chrosáil agus a dhéanamh iníoctha leis an gCléireach sin.
MÁ MHAINNÍONN TÚ AN tSUIM SIN A ÍOC LAISTIGH DEN TRÉIMHSE A SHONRAÍTEAR EISEOFAR BARÁNTAS CHUN TÚ A CHIMIÚ CHUN PRÍOSÚIN MAR GHEALL AR MHAINNEACHTAIN AN tSUIM A ÍOC GAN A THUILLEADH FÓGRA A THABHAIRT DUIT.
*(ii) go bhfuil suim € ..... a d’íoc *tusa, an cúisí, isteach sa chúirt ar forghéilleadh i suim € ......
†tusa, an t-urra, ar forghéilleadh i suim € .......
*(iii) ós rud é gur glacadh le leabhar taisce de chuid *bainc *cumainn foirgníochta *comhair chreidmheasa *An Post mar urrús i leith mhéid an chúirtbhanna, go bhfuil an *banc sin *cumann foirgníochta sin *comhar creidmheasa sin *An Post faoi cheangal suim € ..... a íoc isteach sa chúirt as an airgead atá ar taisce agat ansin.
*(iv) go gceaptar.......... as ............ mar ghlacadóir chun seilbh nó urlámh a ghlacadh ar do mhaoin agus chun an mhaoin sin a bhainistiú nó déileáil léi ar shlí eile de réir orduithe na cúirte.
Féadfar iarratas a dhéanamh chun na cúirte laistigh de 21 lá ó dháta eisiúna an fhógra seo chun an tOrdú seo a athrú nó a urscaoileadh.
Arna dhátú an ...... lá seo de ........ 20 .....
Arna shíniú .............................
Cléireach Cúirte Dúiche
Oifig na Cúirte Dúiche i ....................................
Do......................................., *Cúisí/†Urra
as........................
*scrios i gcás nach n-oireann
†ní bhaineann ach le hurra amháin.
|