Rialacha na Cúirte Dúiche
Sceideal: B - Foirmeacha in imeachtaí coiriúla Foirm: 28A.16 Ordú lena ndéantar cinneadh maidir le fionraí pianbhreithe a chúlghairm agus duine a athchur faoi choimeád nó faoi bhannaí - An tAcht um Cheartas Coiriúil 2006, alt 99(10) agus alt 99(10a) (arna leasú le halt 60, an tAcht um Cheartas Coiriúil 2007)
I.R. Uimh. 260 de 2010
Uimh. 28A.16
Sceideal B
O.28A, r.8
AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL 2006, Alt 99(10) agus Alt 99(10A)
(arna leasú le halt 60, an tAcht um Cheartas Coiriúil 2007)
ORDÚ LENA nDÉANTAR CINNEADH MAIDIR LE FIONRAÍ PIANBHREITHE A CHÚLGHAIRM AGUS DUINE A ATHCHUR FAOI CHOIMEÁD NÓ FAOI BHANNAÍ
Ceantar Cúirte Dúiche
Dúiche Uimh.
..................... Ionchúisitheoir
..................... Cúisí
DE BHRÍ gur athchuireadh an cúisí thuasainmnithe le hOrdú ón gCúirt .............. dar dháta an ..... lá de ......... 20 .... chuig an suí den Chúirt seo an ..... lá de ........... 20 .....
AGUS ar an Ordú sin ón gCúirt .......... a léamh ar dealraitheach uaidh gur ciontaíodh an cúisí os comhair na Cúirte ............. an....... lá de ...... 20 ..... agus gur tharla an ciontú sin le linn na tréimhse a raibh pianbhreith [cuir tréimhse na pianbhreithe isteach] ar fionraí, ar phianbhreith í a ghearr an Chúirt seo an ..... lá de ......... 20 ...... sna himeachtaí a bhfuil an teideal a thugtar thuas orthu, agus go raibh an ciontú sin i leith ciona a rinneadh tar éis an t-ordú ón gCúirt seo a dhéanamh ag cur na pianbhreithe ar fionraí
ORDAÍONN AN CHÚIRT LEIS SEO de réir alt 99(10) den Acht thuasluaite, maidir le fionraí phianbhreith na Cúirte seo a dúradh
*go ndéanfar í a chúlghairm agus go ndéanfaidh an cúisí *an tréimhse iomlán *[cuir isteach an chuid den tréimhse phianbhreithe arna cinneadh ag an gCúirt] den tréimhse phríosúnachta a ghearr an Chúirt seo ar dtús‡
*nach ndéanfar í a chúlghairm
AGUS ORDAÍONN AN CHÚIRT THAIRIS SIN de réir alt 99(10A) den Acht thuasluaite go ndéanfar an cúisí a athchur *faoi choimeád *ar scaoileadh saor coinníollach mar atá leagtha amach anseo thíos, chun láithriú
os comhair *an chéad suí eile *an tsuí láithrigh den Chúirt .......... i ............,
os comhair *an tsuí den Chúirt Dúiche i [más i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath di, sonraigh Uimhir na Cúirte. Más lasmuigh de Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath di, sonraigh Dúiche agus Ceantar] ........ an ..... lá de ....... 20 .... ar ...... *a.m./*p.m.
*AGUS ORDAÍONN AN CHÚIRT THAIRIS SIN go gcoinneofar an cúisí faoi choimeád go dtí go gcomhlíonfar na coinníollacha sin a ghabhann le scaoileadh saor.
Arna dhátú an ...... lá seo de ....... 20....
Arna shíniú .................
Breitheamh den Chúirt Dúiche
Do Cheannfort an Gharda Síochána
I ....................
†TOILIÚ LE SCAOILEADH SAOR AGUS COINNÍOLLACHA A GHABHANN LEIS
Toilíonn an Chúirt leis seo leis an gcúisí thuasainmnithe a scaoileadh saor go coinníollach ar é nó í a dhul i gcúirtbhanna
*é féin/í féin i suim € ....... *(a bhfuil € ....... airgid thirim de le taisceadh)
*maille le leorurra amháin i suim € ...... (a bhfuil € airgid thirim de le taisceadh) nó beirt leorurra i suim € an duine (a bhfuil € airgid thirim de le taisceadh ag gach duine acu)
*agus an leabhar a shíniú go laethúil/go seachtainiúil i stáisiún Garda Síochána idir a.m. agus p.m.
*agus toilíonn an Chúirt thairis sin go nglacfar le taisce shuim € ..... in ionad an urra nó na n-urraí sin
*agus [cuir aon choinníoll eile isteach]
agus ní dhéanfaidh an cúisí cion le linn dó nó di bheith scaoilte saor go coinníollach amhlaidh Arna dhátú an ...... lá seo de ....... 20 ....
Arna shíniú ....................
Breitheamh den Chúirt Dúiche
*Scrios i gcás nach n-oireann
†Scrios i gcás nach n-oireann
‡Nóta: I gcás an fhionraí a chúlghairm, is ceart aon tréimhse den phianbhreith a bheidh curtha isteach cheana sa phríosún agus aon tréimhse a bheidh caite faoi choimeád seachas aon tréimhse a bheidh caite faoi choimeád i leith an chiontaithe arna eascairt le linn fhionraí na pianbhreithe a bhaint den tréimhse atá le cur isteach: alt 99(10) den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 (arna leasú le halt 60 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007).
|