Rialacha na Cúirte Dúiche
Sceideal: B - Foirmeacha in imeachtaí coiriúla Foirm: 28A.14 Ordú ag ciontú duine agus ag athchur an duine sin faoi choimeád nó faoi bhannaí - An tAcht um Cheartas Coiriúil 2006, alt 99 (9) (arna Leasú Le Halt 60, An tAcht um Cheartas Coiriúil 2007, agus le halt 51, An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009)
I.R. Uimh. 260 de 2010Uimh. 28A.14
Sceideal
B O.28A, r.8
AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL 2006, Alt 99 (9)
(arna leasú le halt 60, an tAcht um Cheartas Coiriúil 2007, agus le halt 51, an tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009)
ORDÚ AG CIONTÚ DUINE AGUS AG ATHCHUR AN DUINE SIN FAOI CHOIMEÁD NÓ FAOI BHANNAÍ
Ceantar Cúirte Dúiche
Dúiche Uimh.
.................... Ionchúisitheoir
.................... Cúisí
DE BHRÍ gur deimhin leis an gCúirt seo gur duine lena mbaineann ordú arna dhéanamh faoi alt 99(1) d’Acht thuasluaite 2006 an cúisí thuasainmnithe, ar ordú é sin a rinne an Chúirt ........... ina suí di i ......... an ...... lá de ........... 20 .....
AGUS DE BHRÍ gur ciontaíodh an cúisí thuasainmnithe an lá seo os comhair na Cúirte seo go ndearna sé/sí ............., agus gur deimhin leis an gCúirt seo gur cion é an cion sin a rinneadh tar éis an t-ordú sin faoi alt 99(1) a dhéanamh agus gur tharla an ciontú sa chion sin ag an gCúirt seo le linn na tréimhse a raibh an phianbhreith lena mbaineann ar fionraí
ORDAÍONN AN CHÚIRT LEIS SEO de réir alt 99(9) den Acht thuasluaite go n-athchuirfear an cúisí *faoi choimeád *ar scaoileadh saor coinníollach mar atá leagtha amach anseo thíos, chun láithriú
os comhair *an chéad suí eile *an tsuí láithrigh den Chúirt ........... i ..........,
*os comhair an tsuí den Chúirt Dúiche i [más i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath di, sonraigh Uimhir na Cúirte. Más lasmuigh de Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath di, sonraigh Dúiche agus Ceantar] ........ an ..... lá de ....... 20..., ar ..... *a.m. *p.m.
*AGUS ORDAÍONN AN CHÚIRT THAIRIS SIN go gcoinneofar an cúisí faoi choimeád go dtí go gcomhlíonfar na coinníollacha sin a ghabhann le scaoileadh saor.
Arna dhátú an .... lá seo de ...... 20....
Arna shíniú ..........................
Breitheamh den Chúirt Dúiche
Do Cheannfort an Gharda Síochána
I.................................
†TOILIÚ LE SCAOILEADH SAOR AGUS COINNÍOLLACHA A GHABHANN LEIS
Toilíonn an Chúirt leis seo leis an gcúisí thuasainmnithe a scaoileadh saor go coinníollach ar é nó í a dhul i gcúirtbhanna
*é féin/í féin i suim € ..... *(a bhfuil € ..... airgid thirim de le taisceadh)
*maille le leorurra amháin i suim € ..... (a bhfuil € ..... airgid thirim de le taisceadh) nó beirt leorurraí i suim € ..... an duine (a bhfuil € ..... airgid thirim de le taisceadh ag gach duine acu)
*agus an leabhar a shíniú go laethúil/go seachtainiúil i stáisiún Garda Síochána idir ..... a.m. agus p.m.
*agus toilíonn an Chúirt thairis sin go nglacfar le taisce shuim € .... in ionad an urra nó na n-urraí sin
*agus [cuir aon choinníoll eile isteach]
agus ní dhéanfaidh an cúisí aon chion le linn dó nó di bheith scaoilte saor go coinníollach amhlaidh.
Arna dhátú an .... lá seo de .............. 20...
Arna shíniú .................................
Breitheamh den Chúirt Dúiche
*Scrios i gcás nach n-oireann
† Scrios i gcás nach n-oireann.
|