Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Dúiche

Sceideal: B - Foirmeacha in imeachtaí coiriúla

Foirm: 18.2B Cúirtbhanna urraí - an tAcht um Bannaí 1997, ailt 5 & 6 An tAcht um Cheartas Coiriúil 2006, alt 99(10A)

I.R. Uimh. 260 de 2010

Uimh. 18.2B

Sceideal B

O.18, r. 5(4), O.28A, r. 8(6)


AN tACHT UM BANNAÍ 1997, Ailt 5 agus 6

AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL 2006, Alt 99(10A)

CÚIRTBHANNA URRAÍ


Ceantar Cúirte Dúiche

Dúiche Uimh.

.......................... Ionchúisitheoir

.......................... Cúisí

De bhrí go ndearnadh an cúisí thuasainmnithe, an ....... lá de ......... 20 ...., a chiontú ag an gCúirt seo ina suí di i ......... sa chion arb éard é ........ ar dhuilleog chúiseamh ....... agus de bhrí gur cuireadh pianbhreith .................. a gearradh ar an gcúisí sin ar fionraí le hordú arna dhéanamh faoi alt 99(1) den Acht um Cheartas Coiriúil 2006

Agus de bhrí go ndearnadh an cúisí sin, an .... lá de ........... 20 ....., a chiontú ag an gCúirt ......... ina suí di i ............ sa chion arb éard é .........., ar cion é a rinneadh tar éis an t-ordú sin ón gCúirt seo faoi alt 99(1) a dhéanamh, agus gur tharla an ciontú sa chion sin ag an gCúirt ...... le linn na tréimhse a raibh an phianbhreith a ghearr an Chúirt seo ar fionraí agus go ndearnadh an cúisí sin a athchur faoi alt 99(9) den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 go dtí an chéad suí eile den Chúirt seo i .............

Agus de bhrí go ndearna an Chúirt seo ordú faoi alt 99(10) den Acht um Cheartas Coiriúil 2006

*lena gcúlghairtear a hordú faoi alt 99(1) den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 lenar cuireadh an phianbhreith a bhí gearrtha ar an gcúisí sin ar fionraí

*[nó aithris téarmaí aon ordaithe eile a rinneadh faoi alt 99(10) den Acht um Cheartas Coiriúil 2006]

Agus de bhrí go ndearnadh an cúisí sin a athchur faoi bhannaí faoi alt 99(10A) den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 go dtí an chéad suí eile den Chúirt ........ sin ina suí di i ........ (arb í an Chúirt dá dtagraítear in alt 99(9) den Acht sin í)

Toilímse, an cúisí thuasainmnithe, a bheith faoi cheangal ag na coinníollacha seo a leanas den chúirtbhanna seo agus iad a chomhlíonadh.
1Ní dhéanfaidh mise, an cúisí thuasainmnithe, aon

chion le linn dom bheith faoi bhannaí.

*2*Mise........................ as............................ Cúisí

*agus......................... as............................. Urra

*agus......................... as............................. Urra

*admhaím/admhaímid (faoi seach) mé/sinn féin a bheith i bhfiacha ag an Stát sna suimeanna ar leithligh seo a leanas, is é sin le rá

an.................. sin i suim ......................agus

an.................. sin i suim ......................agus

an.................. sin i suim ......................

chun úsáide an Aire Airgeadais agus de bhun ordú an Bhreithimh táim/táimid tar éis na suimeanna seo a leanas a thaisceadh

an.................. sin suim ..................... agus

an.................. sin suim ...................... agus

an.................. sin suim ......................

*Tá gá leis an gcoinníoll seo i gcás ina mbeidh coinníoll airgid nó urrúis san áireamh i mbanna

In ionad urra/urraí, de bhun ordú an Bhreithimh, táim tar éis suim ......... a thaisceadh

In ionad airgead a thaisceadh i suim ......... tá an Chúirt tar éis glacadh leis an ionstraim seo a leanas mar urrús ................ ón ................................. glacadh mar sin:

*Cuir isteach mionsonraí aon ionstraime a urrús
Agus admhaím/admhaímid thairis sin go ndlitear na suimeanna sin a fhorghéilleadh nó a eistréatadh de réir mar is cuí má loicim/má loiceann an cúisí thuasainmnithe in aon cheann de na coinníollacha breise atá leagtha amach anseo thíos
*3Láithreoidh mise, an cúisí thuasainmnithe, os comhair

*an tsuí láithrigh/*an chéad suí eile *[den Phríomh-Chúirt Choiriúil] *[den Chúirt Choiriúil Speisialta] *[den Chúirt Chuarda do............ chun gnó coiriúil a chur de láimh] *[den Chúirt Dúiche i ........ an ..... lá de ......20.... ar .....*a.m. *p.m. chun gnó coiriúil a chur de láimh] agus ní fhágfaidh mé an Chúirt sin gan chead agus déanfaidh mé freastal ansin i bpearsa ó lá go lá le linn an Chúirt sin a bheith á tionól amhlaidh, nó le linn aon suí atrátha di, chun go ngearrfaidh an Chúirt sin pianbhreith orm i leith an chiona dá dtagraítear in alt 99(9) den Acht um Cheartas Coiriúil 2006.

*4Agus..............................................................................*Cuir isteach aon choinníollacha breise arna bhforchur ag an gCúirt

Arna shíniú......................... Cúisí

*Arna shíniú.........................Urra

*Arna shíniú.........................Urra

Arna admháil os mo chomhairse an ...... lá seo de ............ 20..

Arna shíniú ....................

*Breitheamh den Chúirt Dúiche

*Cléireach Cúirte Dúiche

*Feidhmeannach Síochána arna ainmniú/ hainmniú le hordú ón Aire Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí

*Rialtóir phríosún .................

*Oifigeach príosúin i bpríosún........., arna ainmniú/arna hainmniú ag Rialtóir an phríosúin sin de réir alt 22(3) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967.

Féadfaidh an cúisí, tráth ar bith, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte chun coinníoll de chuid an chúirtbhanna a athrú nó a chúlghairm.

*scrios i gcás nach n-oireann