I.R. Uimh. 17 de 2014 : Rialacha na Cúirte Dúiche (Nós imeachta sibhialta) 2014 - achoimre ar fhorálacha
1. Teideal agus lua
1. (1) Féadfar na Rialacha Cúirte Dúiche (Nós Imeachta Sibhialta), 2014 a ghairm de na Rialacha seo agus tiocfaidh siad i ngníomh an 3ú lá d’Fheabhra 2014.
(2) Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997) agus i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche eile go léir.
(3) Féadfar na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 go 2014 a ghairm de na Rialacha Cúirte Dúiche arna leasú leis na Rialacha seo.
2. Leasuithe
2. (1) Déanfar na forálacha a leagtar amach i Sceideal 1 a chur in ionad na bhforálacha maidir le “Léiriú Téarmaí” de na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997.
(2) Déanfar na forálacha seo a leanas a scriosadh as na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997, eadhon Ordú 8, riail 3; Ordú 9; Orduithe 39 go 53C go huile; Ordú 62; Ordú 99 agus Ordú 100.
(3) Déanfar na forálacha a leagtar amach i Sceideal 2 a chur isteach leis na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 díreach i ndiaidh Ordú 38.
(4) Déanfar Sceideal na gCostas a leagtar amach i Sceideal 3 a chur in ionad Sceideal na gCostas agus Sceideal na dTáillí Abhcóide a ghabhann leis na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997.
(5) Déanfar Orduithe 10 agus 12 faoi seach a leagtar amach i Sceideal 4 a chur in ionad Orduithe 10 agus 12 de na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997.
3. Foirmeacha a ionadú
3. (1) Déanfar Foirmeacha 7.1 go 7.6 go huile, Foirmeacha 39.1 go 53C.6 go huile, Foirmeacha 62.1 go 62.25 go huile agus Foirm 99.1 a scriosadh as Sceideal C a ghabhann leis na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997.
(2) Déanfar Foirmeacha 100.1 go 100.6 go huile a scriosadh as Sceideal D a ghabhann leis na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997.
(3) Déanfar na foirmeacha a leagtar amach i Sceideal 5 a chur le Sceideal C de na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997, díreach i ndiaidh Fhoirm 12B.1.
4. Feidhm agus socruithe idirthréimhseacha
4. (1) Beidh feidhm ag na leasuithe ar na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997, a dhéantar leis na Rialacha seo, maidir le gach imeacht sibhialta a thosófar sa Chúirt Dúiche an dáta ar a dtiocfaidh na Rialacha seo in éifeacht nó dá éis.
(2) D’ainneoin na leasuithe ar na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997, a dhéantar leis na Rialacha seo, leanfar d’aon imeacht sibhialta a bheidh ar marthain sa Chúirt Dúiche roimh an dáta ar a dtiocfaidh na Rialacha seo in éifeacht agus déanfar é a chinneadh amhail is nach raibh na Rialacha seo tagtha in éifeacht. |