Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Sceideal: B - Foirmeacha

Foirm: 2D Bille sibhialta eisiachtana - dlínse theidil nó áititheoir ceadmhach

FOIRM 2D

AN CHÚIRT CHUARDA

CUAIRD

CONTAE

Bille sibhialta eisiachtana — dlínse theidil nó áititheoir ceadmhach


IDIR

....................... Gearánaí

AGUS

................... Cosantóir

Ceanglaítear ort leis seo Láithreas a thaifeadadh, nó a chur faoi deara Láithreas a thaifeadadh, laistigh de 10 lá tar éis an Bille Sibhialta seo a sheirbheáil ort, leis an gCláraitheoir Contae, ina Oifig i .................., chun freagra a thabhairt ar éileamh ............., as .............., an Gearánaí san imeacht seo, ar sheilbh thailte/áitreabh ......................

[I gcás dlínse teidil, cuir isteach an abairt seo a leanas: nach mó ná suim (cuir isteach an luacháil inrátaithe chuí chun dlínse a shuíomh) a luach bliantúil

I gcás áititheora cheadmhaigh, cuir isteach an abairt seo a leanas: atá ar áitiú agatsa (mar sheirbhíseach, airíoch nó áititheoir ceadmhach, cibé acu é)].

Agus bíodh seo ina fhógra go measfar, mura dtaifeadfaidh tú Láithreas, go bhfuil tú ag géilleadh don éileamh sin agus go bhféadfar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, gan tú a bheith i láthair, ar ordú chun seilbh láithreach a fháil.

Agus bíodh seo ina fhógra thairis sin, má tá ar intinn agat an t-imeacht a chosaint ar aon fhorais, go gcaithfidh tú, ní amháin Láithreas a thaifeadadh, ach freisin, laistigh de dheich lá i ndiaidh an Láithris, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh a thaispeánfaidh cineál agus forais do Chosanta.

Féadfar an Láithreas a thaifeadadh trína chur leis an bpost chun na hOifige sin agus trí chóipeanna de a thabhairt don Ghearánaí nó dá aturnae, leis an bpost, agus féadfar an Chosaint a sheachadadh trína cur leis an bpost chun an Ghearánaí nó chun a aturnae.

Arna dhátú an ... lá de .......... .

Arna shíniú ..........................................................

Gearánaí/Aturnaetha thar ceann

an Ghearánaí

Do: ...................

An Cosantóir/An tAturnae thar ceann an Chosantóra


FORMHUINIÚ AN ÉILIMH (dlínse theidil)

Is é éileamh atá á dhéanamh ag an nGearánaí seilbh a aisghabháil ar thailte .............. atá suite i ............................, agus is leis an nGearánaí, agus a bhfuil seilbh á coimeád orthu go héagórach ag an gCosantóir;

mar aon le costais an imeachta.

.............................

Gearánaí/Aturnaetha thar ceann an Ghearánaí

FORMHUINIÚ AN ÉILIMH (áititheoir ceadmhach)

Is é éileamh atá á dhéanamh ag an nGearánaí seilbh a aisghabháil ar thailte/áitreabh

............ atá suite i ..................,

agus atá á n-áitiú/á áitiú ag an gCosantóir ón ..........................,

agus ar éilíodh a seilbh/a sheilbh an ...........................

ach nár tugadh suas í;

mar aon le costais an imeachta.

................................

Gearánaí/Aturnaetha thar ceann an Ghearánaí