Rialacha na Cúirte CuardaFoirm: 2G Bille sibhialta tiomnach
FOIRM 2G
AN CHÚIRT CHUARDA
CUAIRD
CONTAE
Bille sibhialta tiomnach
IDIR
........................ Gearánaí
AGUS
...................... Cosantóir
Ceanglaítear ort leis seo Láithreas a thaifeadadh, nó a chur faoi deara Láithreas a thaifeadadh, laistigh de dheich lá tar éis an Bille Sibhialta seo a sheirbheáil ort, leis an gCláraitheoir Contae, ina Oifig i ......................., chun freagra a thabhairt ar éileamh ........................ as .........................., an Gearánaí san imeacht seo.
Agus bíodh seo ina fhógra go measfar, mura dtaifeadfaidh tú Láithreas, go bhfuil tú ag géilleadh don éileamh sin, agus go bhféadfaidh an Gearánaí, gan aon fhógra eile, dul ar aghaidh leis an éileamh agus go bhféadfar breithiúnas a thabhairt i do choinne gan tú a bheith i láthair.
Agus bíodh seo ina fhógra thairis sin, má tá ar intinn agat an t-imeacht a chosaint ar aon fhorais, go gcaithfidh tú, ní amháin Láithreas a thaifeadadh, ach freisin, laistigh de dheich lá i ndiaidh an Láithris, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh a thaispeánfaidh cineál agus forais do Chosanta.
Féadfar an Láithreas a thaifeadadh trína chur leis an bpost chun na hOifige sin agus trí chóipeanna de a thabhairt don Ghearánaí nó dá Aturnae, leis an bpost, agus féadfar an Chosaint a sheachadadh trína cur leis an bpost chun an Ghearánaí nó chun a Aturnae.
Arna dhátú an ..... lá de ......... .
Arna shíniú .........................
Gearánaí/Aturnaetha thar ceann an Ghearánaí
Do: ....................................
An Cosantóir/An tAturnae thar ceann an Chosantóra
FORMHUINIÚ AN ÉILIMH
1. Fuair X.Y., a chónaigh go deireanach i ....................... i gContae ........................ (tuairisc) bás an ... lá de ...... agus a Uacht deiridh déanta aige lenar cheap sé an Cosantóir ina sheiceadóir ar an Uacht sin.
2. Deonaíodh Probháid na hUachta sin don Chosantóir an ..... lá de ................ .
3. Is é éileamh atá á dhéanamh ag an nGearánaí, mar (luaigh a leas), an Deonú Probháide sin a chúlghairm ar na forais seo a leanas: ................................... nó
Is é éileamh atá á dhéanamh ag an nGearánaí éileamh ar dheonú litreacha riaracháin i leith eastát ...................... as .................... i gContae ..............., a fuair bás, an .... lá de .........., ina dhíthiomnóir.
Nó
Is é éileamh atá á dhéanamh ag an nGearánaí éileamh ar chúlghairm Probháide /Litreacha Riaracháin a dheonaigh Clárlann Probháidean ................. an ................ maidir le heastát .................. i gContae .........................
4. Ní mó ná .......... [CUIR ISTEACH MIONSONRAÍ FAOI BHONN AIRGEAD-ÍAÍOCHTA NA DLÍNSE] luach eastát an éagaigh sin tráth bhás an éagaigh sa mhéid gur eastát pearsanta atá ann agus, sa mhéid gur eastát réadach atá ann, ní mó a luach ná luacháil inrátaithe ........ [CUIR ISTEACH MIONSONRAÍ FAOIN LUACHÁIL INRÁTAITHE MAR BHONN DLÍNSE].
..........................
Gearánaí/Aturnaetha thar ceann an Ghearánaí
|