Rialacha na Cúirte CuardaFoirm: 2E Bille sibhialta eisiachtana — rósheilbh
FOIRM 2E
AN CHÚIRT CHUARDA
CUAIRD
CONTAE
Bille sibhialta eisiachtana — rósheilbh
IDIR
...................... Gearánaí
AGUS
...................... Cosantóir
Ceanglaítear ort leis seo Láithreas a thaifeadadh, nó a chur faoi deara Láithreas a thaifeadadh, laistigh de dheich lá tar éis an Bille Sibhialta seo a sheirbheáil ort, leis an gCláraitheoir Contae, ina Oifig i ............................, chun freagra a thabhairt ar éileamh .............. as ............................., an Gearánaí san imeacht seo, ar sheilbh an áitribh i .................. atá ar áitiú agatsa.
Agus bíodh seo ina fhógra go measfar, mura dtaifeadfaidh tú Láithreas, go bhfuil tú ag géilleadh don éileamh sin agus go bhféadfar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, gan tú a bheith i láthair, ar ordú chun seilbh láithreach a fháil.
Agus bíodh seo ina fhógra thairis sin, má tá ar intinn agat an t-imeacht a chosaint ar aon fhorais, go gcaithfidh tú, ní amháin Láithreas a thaifeadadh, ach freisin, laistigh de dheich lá i ndiaidh an Láithris, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh a thaispeánfaidh cineál agus forais do Chosanta.
Féadfar an Láithreas a thaifeadadh trína chur leis an bpost chun na hOifige sin agus trí chóipeanna de a thabhairt don Ghearánaí nó dá Aturnae, leis an bpost, agus féadfar an Chosaint a sheachadadh trína cur leis an bpost chun an Ghearánaí nó chun a Aturnae.
Arna dhátú an ...... lá de ......... .
Arna shíniú ......................
Gearánaí/Aturnaetha thar ceann an Ghearánaí
Do: .........................
An Cosantóir/An tAturnae thar ceann an Chosantóra
Agus do gach n-aon lena mbaineann.
FORMHUINIÚ AN ÉILIMH
Is é éileamh atá á dhéanamh ag an nGearánaí éileamh ar sheilbh thailte ............. a bhí á dteachtadh le deireanas ag an gCosantóir faoi .............. dar dáta an .... lá de ........ agus a rinneadh idir ............... agus ............... ar chíos ........... , ar tionóntacht í sin a foirceannadh an ........ lá de ..........
trí ................., mar aon le costais an imeachta.
.....................................
Gearánaí/Aturnaetha thar ceann an Ghearánaí
|