Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Sceideal: B - Foirmeacha

Foirm: 3 Toghairm idirphléadála

FOIRM 3

AN CHÚIRT CHUARDA

CUAIRD

CONTAE

Toghairm idirphléadála

MAIDIR LE ..................., IARRATASÓIR


IDIR

.................... Gearánaí

AGUS

.............. Cosantóir

Gach duine atá á éileamh go bhfuil leas aige san fhiach, san airgead, sna hearraí nó sna hairnéisí a luaitear i bhFormhuiniú an Éilimh ar an toghairm seo, taifeadadh sé, nó cuireadh sé faoi deara go dtaifeadfar, Láithreas, laistigh de dheich lá ó dháta seirbheála na Toghairme seo, leis an gCláraitheoir Contae ina Oifig i ................. chun freagra a thabhairt ar iarratas A.B. as ............ i gContae ..................., an tIarratasóir sa toghairm seo, ar fhaoiseamh i bhfoirm idirphléadála.

Agus fairis sin bíodh seo ina fhógra do gach éilitheoir acu sin, mura dtaifeadfaidh sé Láithreas laistigh den tréimhse ama a cheaptar thuas, go measfar go bhfuil scartha aige le gach éileamh ar an bhfiach, ar an airgead, ar na hearraí nó ar na hairnéisí sin, cibé acu é, agus go bhféadfar cibé ordú is cóir leis an gCúirt a dhéanamh.

Agus fairis sin bíodh seo ina fhógra do gach éilitheoir acu sin, más mian leis aon éileamh a shuíomh ar an bhfiach, ar an airgead, ar na hearraí nó ar na hairnéisí sin, go gcaithfidh sé, laistigh de dheich lá ó dháta taifeadta an Láithris sin, ráiteas a chomhdú san Oifig sin a léireoidh cineál agus sonraí an éilimh atá aige ar an ábhar atá faoi dhíospóid agus cóip den Láithreas agus den ráiteas sin a sheirbheáil ar an Iarratasóir agus ar gach Éilitheoir eile agus go bhféadfar an tseirbheáil sin a dhéanamh leis an bpost.

Arna dhátú an .... lá seo de .............. .

Do: ............... as

Arna shíniú .........................

A.B. nó Aturnae thar ceann A.B.


FORMHUINIÚ AN ÉILIMH

Is é éileamh atá á dhéanamh ag an Iarratasóir, go gcinnfidh an Chúirt cé acu an leis an C.D. sin nó leis an E.F. sin (tabhair tuairisc na maoine) ............, maoin nach bhfuil an tIarratasóir féin ag éileamh aon leas a bheith aige inti. Deimhneasc-ann an tIarratasóir nach bhfuil sé i gclaonpháirteachas leis an C.D. sin ná leis an E.F. sin agus dearbhaíonn sé go bhfuil sé toilteanach an sin a choinneáil nó é a aistriú mar a ordóidh an Chúirt.

Tá an tIarratasóir freisin ag éileamh chostais na n-imeachtaí seo mar a chinnfidh an Chúirt iad.

Arna shíniú ........................

Iarratasóir/Aturnaetha thar ceann an Iarratasóra