Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Sceideal: B - Foirmeacha

Foirm: 2L Bille sibhialta pleanála

I.R. Uimh. 312 de 2007
FOIRM 2L

AN CHÚIRT CHUARDA


CUAIRD

CONTAE


BILLE SIBHIALTA PLEANÁLA

MAIDIR LEIS AN ACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000


IDIR .................... Gearánaí

AGUS ................ Cosantóir

Ceanglaítear ort leis seo Láithreas a thaifeadadh, nó a chur faoi deara Láithreas a thaifeadadh, laistigh de dheich lá tar éis an Bille Sibhialta seo a sheirbheáil ort, leis an gCláraitheoir Contae, ina Oifig i ................, chun freagra a thabhairt ar éileamh ............. as ................., an Gearánaí san imeacht seo.

Agus bíodh seo ina fhógra, mura dtaifeadfaidh tú Láithreas, go measfar go bhfuil tú ag géilleadh don éileamh sin, agus go bhféadfaidh an Gearánaí, gan aon fhógra eile, dul ar aghaidh leis an éileamh agus go bhféadfar breithiúnas a thabhairt i do choinne gan tú a bheith i láthair.

Agus bíodh seo ina fhógra thairis sin, má tá ar intinn agat an t-imeacht a chosaint ar aon fhorais, go gcaithfidh tú, ní amháin Láithreas a thaifeadadh, ach freisin, laistigh de dheich lá i ndiaidh an Láithris, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh a thaispeánfaidh cineál agus forais do Chosanta.

Féadfar an Láithreas a thaifeadadh trína chur leis an bpost chun na hOifige sin agus trí chóipeanna de a thabhairt don Ghearánaí nó dá Aturnae, leis an bpost, agus féadfar an Chosaint a sheachadadh trína cur leis an bpost chun an Ghearánaí nó chun a Aturnae.

Arna dhátú an ... lá de .....200 ..

Arna shíniú .......................

Gearánaí/Aturnaetha thar ceann an Ghearánaí

Do: ....................

Cosantóir/Aturnaetha thar ceann an Chosantóra

FORMHUINIÚ AN ÉILIMH

[Cuir isteach sonraí faoi achomharc an Ghearánaí de bhun an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000 lena n-áirítear an bonn ar a bhfuil dlínse á héileamh. Beidh i gceangal leis seo cóip den dearbhú reachtúil arna dhéanamh ag an iarratasóir faoi fho-alt (5) d’Alt 97 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 agus cóip den fhógra i scríbhinn arna thabhairt ag an údarás pleanála faoi fho-alt (13) d’Alt 97 faoi na cúiseanna gur dhiúltaigh sé deimhniú a thabhairt.]

ÉILÍONN AN GEARÁNAÍ

[Cuir isteach na faoisimh atá á lorg ag an nGearánaí]

......................

Gearánaí/Aturnaetha thar ceann an Ghearánaí