Rialacha na Cúirte CuardaFoirm: 2C Bille sibhialta eisiachtana - neamhíoc cíosa
FOIRM 2C
AN CHÚIRT CHUARDA
CUAIRD
CONTAE
Bille sibhialta eisiachtana — neamhíoc cíosa
IDIR
................... Gearánaí
AGUS
................... Cosantóir
Ceanglaítear ort leis seo Láithreas a thaifeadadh, nó a chur faoi deara Láithreas a thaifeadadh, laistigh de dheich lá tar éis an Bille Sibhialta seo a sheirbheáil ort, leis an gCláraitheoir Contae, ina Oifig i ....................., chun freagra a thabhairt ar éileamh ..................., as ......................, an Gearánaí san imeacht seo, ar sheilbh an áitribh atá ar áitiú agatsa mar thionónta (don Ghearánaí nó de réir mar atá).
Agus bíodh seo ina fhógra go measfar, mura dtaifeadfaidh tú Láithreas, go bhfuil tú ag géilleadh don éileamh sin agus go bhféadfar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, gan tú a bheith i láthair, ar ordú chun seilbh láithreach a fháil.
Agus bíodh seo ina fhógra thairis sin, má tá ar intinn agat an t-imeacht a chosaint ar aon fhorais, go gcaithfidh tú, ní amháin Láithreas a thaifeadadh, ach freisin, laistigh de dheich lá i ndiaidh an Láithris, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh a thaispeánfaidh cineál agus forais do Chosanta.
Féadfar an Láithreas a thaifeadadh trína chur leis an bpost chun na hOifige sin agus trí chóipeanna de a thabhairt don Ghearánaí nó dá Aturnae, leis an bpost, agus féadfar an Chosaint a sheachadadh trína cur leis an bpost chun an Ghearánaí nó chun a Aturnae.
Arna dhátú an ... lá de ............ .
Arna shíniú ...........................
Gearánaí/Aturnaetha thar ceann an Ghearána
Do: ........................
An Cosantóir/An tAturnae thar ceann an Chosantóra
Agus do gach n-aon lena mbaineann.
FORMHUINIÚ AN ÉILIMH
Is é éileamh atá á dhéanamh ag an nGearánaí éileamh ar sheilbh ............. atá suite i ................. agus atá ar teachtadh ag an gCosantóir (nó de réir mar atá) mar thionónta don Ghearánaí faoi ....... ar chíos bliantúil .............. ar an bhforas go bhfuil suim ..............., is é sin, cíos ........ bliana, a tháinig chun bheith dlite agus iníoctha an, dlite agus gan íoc fós
mar aon le costais an imeachta.
NÓTA: Ar an tsuim iomlán sin, mar aon le suim mar lánsásamh sna costais uile, a íoc leis an nGearánaí, nó lena aturnae, laistigh de dheich lá ó dháta a sheirbheála seo, bacfar gach imeacht eile.
........................
Gearánaí/Aturnaetha thar ceann an Ghearánaí
|