Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Leasuithe ar: Ordú 28
I.R. Uimh. 271 de 2009: Rialacha na nUaschúirteanna (An riail faoi Bhotún) 2009


1. Leasaítear Rialacha na nUaschúirteanna tríd an méid seo a leanas a chur in ionad riail 11 d’Ordú 28:
      “11. Maidir le dearmaid chléireachais i mbreithiúnais nó in orduithe, nó earráidí a tharlóidh de thaisme iontu mar gheall ar aon bhotún nó easnamh,

        (a) i gcás ina dtoileoidh na páirtithe, agus le formheas na Cúirte, féad¬faidh an cláraitheoir don Chúirt iad a cheartú, tráth ar bith, gan achomharc,

            (i) ar iarratas chun an chláraitheora i scríbhinn ó aon pháirtí, a mbeidh litir thoilithe leis an gceartú ó gach páirtí eile i gceang¬al leis, nó

            (ii) ar an gcláraitheoir d’fháil litreacha toilithe ó gach páirtí; nó

        (b) i gcás nach dtoileoidh na páirtithe, féadfaidh an Chúirt iad a cheartú, tráth ar bith, gan achomharc,

            (i) ar iarratas arna dhéanamh chun na Cúirte le foriarratas iar bhfógra chun an pháirtí eile nó

            (ii) ar an gcláraitheoir do liostú an imeachta os comhair na Cúirte iar bhfógra chuig gach páirtí.”