Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Leasuithe ar: Ordú 22
I.R. Uimh. 52 de 1997: Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 1) 1997


1. Déanfar an méid seo a leanas a chur isteach mar fhoriail 10 (10) i ndiaidh Ordú 22, riail 10 (9), de Rialacha na nUaschúirteanna:
      “ (10) Aon uair a mbeidh ceangailte le rialacha nóis imeachta nó forálacha scéime a bhainfidh le hoibriú Binse go bhformheasfadh an Ard-Chúirt aon dámhachtain a mbeidh beartaithe go ndéanfadh an Binse sin í a dheonú do mhionaoiseach, beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas:

        (a) Is le foriarratas, ex parte, a dhéanfar iarratas ar fhormheas na Cúirte, ar foriarratas é a mbeidh mionnscríbhinn faoin teideal seo a leanas mar fhoras leis:

        “MAIDIR LEIS AN mBINSE ..... ”

        agus

        “MAIDIR LE hIARRATAS A BHAINEANN LE A.B., MIONAOISEACH, AS [SEOLADH], Ó C.D., AG GNÍOMHÚ DÓ/DI MAR NEASCHARA THAR CEANN AN A.B. SIN”

        Déanfar an t-iarratas sin chun Uachtarán na hArd-Chúirte nó chuig Breitheamh arna shannadh nó arna sannadh ag an Uachtarán chun iarratais den sórt sin a éisteacht.

        (b) Nuair a bheidh dámhachtain den sórt sin á formheas aici féadfaidh an Chúirt duine lánaoise a cheapadh chun gníomhú mar neaschara an mhionaoisigh agus féadfaidh sí a údarú don neaschara glacadh leis an dámhachtain sin thar ceann an mhion-aoisigh.

        (c) I gcás inarb infheidhme é, beidh feidhm ag foráil Ordú 22, riail 10 (3) go (6), agus riail 11, mutatis mutandis, maidir le dámh-achtainí arna ndeonú do mhionaoisigh agus arna bhformheas de réir na rialach seo”.