| |
Rialacha na nUaschúirteanna
Leasuithe ar: Ordú 7
I.R. Uimh. 485 de 2014: Rialacha na nUaschúirteanna (An tAcht um an gCúirt Achomhaird 2014) 2014
Ordú 7, riail 2(2)
an fho-riail seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh na forialach sin:
“(2A) I gcás ina dtabharfar an fógra sin tráth ar bith a mbeidh achomharc ar feitheamh sa Chúirt Achomhairc nó sa Chúirt Uachtarach, déanfaidh an páirtí lena mbainfidh, de bhreis air sin, cóip den fhógra a thaisceadh in Oifig Chláraitheoir na Cúirte Achomhairc nó, de réir mar a bheidh, in Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí.” |