| |
Rialacha na nUaschúirteanna
Leasuithe ar: Ginearálta
I.R. Uimh. 585 de 2001: Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 4) (An tAthrú go dtí an Euro), 2001
1. Aon tagairt i Rialacha na nUaschúirteanna nó in aon cheann de na Foscríbhinní agus de na Foirmeacha atá sna Rialacha sin do “airgead”, measfar, sa tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2001, agus an dáta sin san áireamh, gur tagairt í, inter alia, do Phuint Éireannacha nó dá gcoibhéis san Euro (€).
2. Aon tagairt i Rialacha na nUaschúirteanna nó in aon cheann de na Foscríbhinní agus de na Foirmeacha atá sna Rialacha sin do “airgead”, measfar, le héifeacht ón 1 Eanáir 2002, gur tagairt í, inter alia, don Euro (€).
3. Maidir le haon áit i Rialacha na nUaschúirteanna nó maidir le haon cheann de na Foscríbhinní agus de na Foirmeacha atá sna Rialacha sin ina bhfuil comhartha puint (£) gan aon mhéid a bheith sonraithe leis, cuirfear Comhartha an Euro (€) isteach ina ionad le héifeacht ón 1 Eanáir 2002.
Méideanna Reachtúla a Chomhshó
4. Maidir le haon áit i Rialacha na nUaschúirteanna nó maidir le haon cheann de na Foscríbhinní agus de na Foirmeacha a ghabhann leo ina mbeidh méid atá arna shonrú iontu i bpuint agus inarb ionann an méid agus méid a bheidh socraithe le reachtaíocht nó a bheidh i reachtaíocht, déanfar an méid sin a chomhshó ina ráta coibhéiseach san Euro i.e. de réir an ráta go bhfuil 1 euro comhionann le
0.787564 punt. Aon tagairt ina dhiaidh seo d’aon suim reachtúil nó d’aon teorainn reachtúil, measfar gur tagairt í don mhéid coibhéiseach san Euro nó do cibé méid san Euro a bheidh arna shonrú le dlí de thuras na huaire.
Méideanna Caoithiúla san Euro
5. Beidh na méideanna a bheidh arna sonrú i Rialacha na nUaschúirteanna, mar atá leagtha amach i gcolún 4 de na Táblaí a ghabhann leis seo, arna n-ionadú leis an gcoibhéis chaoithiúil san Euro atá sonraithe i gcolún 5 de na Táblaí, mar atá leagtha amach thíos.
| 1 | 2 | 3 | 4 | 5 |
Uimh.
an
Ordaithe | Uimh.
na
Rialach | Tag.
Leathanaigh | An
méid i
£É | An Choibhéis
Chaoithiúil
san Euro (€) |
| 4 | 5(2) | 8 | 55
5 | 70
7 |
| 27 | 9(3) | 83 | 100 | 130 |
| 67 | 92 | 248 | 5,000 | 6,500 |
| 67 | 99(1) | 249 | 1,000 | 1,300 |
| 76 | 29(1) | (arna chur isteach sa bhliain 1989) | 500 | 650 |
| 76 | 90(3) | (arna chur isteach sa bhliain 1989) | 500
100 | 650
130 |
| 76 | 127(3) | (arna chur isteach sa bhliain 1989) | 500 | 650 |
| 76 | 153 | (arna chur isteach sa bhliain 1989) | 5,000 | 6,500 |
| 77 | 48 | 379 | 5,000 | 6,500 |
| 77 | 50 | 379 | 5,000 | 6,500 |
| 77 | 54 | 380 | 100 | 130 |
| 77 | 55 | 380 | 500 | 650 |
| 77 | 56 | 381 | 200
100 | 260
130 |
| 77 | 57 | 381 | 200
100 | 260
130 |
| 77 | 87(1)3 | 388 | 500 | 650 |
| 77 | 88 | 389 | 50 | 65 |
| 81 | 11 | 433 | 50p
50p | 0.60
0.60 |
| 99 | 53(1) | 517 | 1,000 | 1,300 |
| 99 | 53(2) | 517 | 1,000 | 1,300 |
| 99 | 54 | 517 | 500 | 650 |
Foscríbhinní a ghabhann le Rialacha na nUaschúirteanna, 1986
| Foscríbhinn | Tag.
Leathanaigh | Uimh.
na
Foirme | An méid i
£É | An Choibhéis
Chaoithiúil
san
Euro (€) |
| D | 28 | 4 | 100 | 130 |
| G | 57 | 17 | 500 | 650 |
 |  |  | 40,000 | 50,800 |
 |  |  | 5,000 | 6,500 |
 |  |  | 400 | 510 |
 |  |  | 700 | 890 |
 |  |  | 5,000 | 6,500 |
| K | 100 | 18 | 5,000 | 6,500 |
| N | 155 | 5 | 25p | 0.30 |
| P | 208 | 13 | 5,000 | 6,500 |
| O | (Arna chur isteach sa bhliain 1989) | 53 | 5,000 | 6,500 |
6. Maidir leis na táillí is iníoctha le Coimisinéirí Mionnaí (nó le daoine eile atá údaraithe go cuí chun mionnscríbhinní a ghlacadh) mar a fhoráiltear i gCuid VI d’Fhoscríbhinn W de Rialacha na nUaschúirteanna (arna cur isteach le Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 4), 1990), is é €4 an táille is iníoctha ar mhionnscríbhinn, dearbhasc nó dearbhú a ghlacadh nó ar fhorghníomhú banna a fhianú agus is é €1.30 an táille ar fhoilseáin a mharcáil.
7. Maidir le haon fhigiúr nó méid eile nach bhforáiltear dó le rialacha 4, 5 agus 6 thuas, déanfar an céanna a chomhshó ina Euro faoi threoir an ráta shocraithe comhshó agus déanfar an dara deachúil den mhéid a bheidh ann dá thoradh sin a chothromú síos i gcás gur.4 nó níos lú an digit sa tríú hionad deachúil agus déanfar í a chothromú suas i gcás gur.5 nó níos mó an digit sa tríú hionad deachúil.
8. Tiocfaidh an riail seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir 2002.
9. Forléireofar an riail seo i dteannta Rialacha na nUaschúirteanna, 1986 go 2001, agus féadfar Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 4) (An tAthrú go dtí an Euro), 2001, a ghairm di.
|