| |
Rialacha na nUaschúirteannaNós imeachta le toghairm achomair
Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
Uim2-I.R. Uimh. 551 De 2008
1. Féadfar nós imeachta le toghairm achomair a ghlacadh sna haicmí éileamh seo a leanas:—
(1) I ngach caingean nach mbeidh á iarraidh ag an ngearánaí inti ach fiach nó éileamh leachtaithe in airgead a ghnóthú, is iníoctha ag an gcosantóir, le hús nó gan ús, agus a bheidh ag teacht—
(a) de chonradh, sainráite nó intuigthe (mar shampla, de bhille malairte, nóta gealltanais, nó seic, nó d’fhiach conartha shimplí eile); nó
(b) de bhanna nó conradh faoi shéala chun suim leachtaithe airgid a íoc; nó
(c) de reacht i gcás inar suim chinnte airgid, nó de chineál féich seachas pionós, an tsuim a mbeifear ag iarraidh í a ghnóthú; nó
(d) de ráthaíocht, cibé acu an faoi shéala í nó nach ea, i gcás inar i leith féich nó éilimh leachtaithe amháin an t-éileamh in aghaidh na príomhshuime; nó
(e) d’iontaobhas.
(2) I gcaingne ina n-iarrfaidh tiarna talún seilbh a aisghabháil ar thalamh, le héileamh nó gan éileamh ar chíos nó ar fhoghailbhrabúis—
(3) Éilimh inar mian leis an ngearánaí ar an gcéad ásc go dtógfar cuntas.
2. Féadfar an nós imeachta le toghairm achomair a ghlacadh le toiliú na bpáirtithe uile i gcás éilimh nach mbeidh ag teacht faoi réim aon aicme de na haicmí i riail 1. |
|