Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Leasuithe ar: Ordú 61
I.R. Uimh. 124 de 2016: Rialacha na nUaschúirteanna (Achomhairc ón gCúirt Chuarda) 2016


...
2. Leasaítear Rialacha na nUaschúirteanna tríd an riail seo a leanas a chur in ionad riail 4 d’Ordú 61:
      “4. Déanfaidh an tAchomharcóir, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, díreach sula dtosófar ar an achomharc a éisteacht, leabhar achomhairc ina mbeidh cóipeanna de na pléadálacha (lena n-áireofar sonraí) agus gach doiciméad eile a bheidh ag teastáil chun an tAchomharc a éisteacht, maille le hinnéacs leordhóthanach, a mbeidh cóip dhílis de tugtha roimhe sin do gach páirtí eile dá ndéanfaidh an t-achomharc difear, a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae nó (i gcás achomhairc chun na hArd-Chúirte ina suí di i mBaile Átha Cliath) leis an gcláraitheoir. Déanfar an t-achomharc a chur síos trína thaifeadadh sa liosta achomharc, agus tiocfaidh sé ar aghaidh lena éisteacht de réir a oird sa liosta sin, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.”