Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Leasuithe ar: Ordú 15
I.R. Uimh. 503 de 2010: Rialacha na nUaschúirteanna (Caingne Díorthaíocha), 2010


...

2. Déantar Rialacha na nUaschúirteanna a leasú tríd an teideal agus an riail seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh riail 38 d’Ordú 15:

IV. Caingne Díorthaíocha

      39. (1) Sa riail seo—

      tá le “cuideachta” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 d’Acht na gCuideachtaí, 1963;

      folaíonn “caingean dhíorthaíoch” aon chaingean ina ndéanfaidh comhalta de chuid cuideachta éileamh thar ceann na cuideachta sin;

      (2) Faoi réir fhorálacha na rialach seo, ní fhéadfar caingean dhíorthaíoch a thosú gan cead na Cúirte, arna thabhairt de réir na rialach seo.

      (3) Is trí Fhógra Foriarratais Tionscnaimh a dhéanfar iarratas ar chead chun caingean dhíorthaíoch a thosú agus lorgófar na nithe seo a leanas ann:


        (a) cead na Cúirte chun an chaingean dhíorthaíoch a thosú;

        (b) i gcás inarb iomchuí é, ordú lena gceanglaítear ar an gcuideachta an t-iarratasóir a shlánú i leith iomlán na gcostas agus na gcaiteachas, nó i leith cuid díobh, arna dtabhú go réasúnach ag an iarratasóir le linn an chaingean dhíorthaíoch a sheoladh (lena n-áirítear aon chostais a d’fhéadfaí a chur de dhliteanas ar an iarratasóir sa chaingean sin), agus

        (c) aon fhaoiseamh eatramhach de chineál práinneach.


      (4) Is é “Maidir le caingean dhíorthaíoch atá beartaithe” an teideal a bheidh ar an bhFógra Foriarratais Tionscnaimh ar iarratas ón iarratasóir. Ainmneofar an chuideachta mar fhreagróir.

      (5) Beidh mar thacaíocht leis an bhFógra Foriarratais Tionscnaimh mionnscríbhinn:


        (i) ina leagfar amach cineál agus méid na fianaise a bheidh ar fáil chun tacú le héileamh an iarratasóra gur duine é atá i dteideal an chaingean dhíorthaíoch atá beartaithe a thionscnamh;

        (ii) ina leagfar amach cineál agus méid na fianaise a bheidh ar fáil chun tacú le dearbhú an iarratasóra go bhfuil an chuideachta i dteideal an t-éileamh lena mbaineann an chaingean dhíorthaíoch atá beartaithe a dhéanamh, agus i gcás gur fianaise de chineál saineolach nó teicniúil an fhianaise sin, déanfar substaint na fianaise sin a sholáthar don Chúirt i dtuarascáil ó dhuine cáilithe arna fíorú ag a húdar agus arna foilseánadh leis an mionnscríbhinn forais, nó i bhfoirm oiriúnach eile;

        (iii) ina leagfar amach an bonn ar dá réir a chreideann an teisteoir gurb ann do na fíorais nó do na himthosca dá dtagraítear i míreanna (i) agus (ii);

        (iv) ina sonrófar na hiarrachtaí, más ann, a bheidh déanta ag an iarratasóir chun a chur faoi deara don chuideachta an t-éileamh lena mbaineann a thabhairt ar aghaidh;

        (v) ina leagfar amach an bonn ar dá réir a líomhnaítear gur réasúnach agus gur stuama, ar mhaithe le leasanna na cuideachta, cead a thabhairt don iarratasóir an chaingean dhíorthaíoch atá beartaithe a thosú;

        (vi) ina mbeidh fianaise, i gcás í a bheith ar fáil, ar thuairimí de chuid comhaltaí seachas an t-iarratasóir;

        (vii) lena bhfoilseánfar tuairim abhcóide i dtaobh an bhfuil ionchas réalaíoch ann go n-éireoidh leis an iarratasóir sa chaingean dhíorthaíoch atá beartaithe; agus

        (viii) lena bhfoilseánfar dréacht den toghairm nó den doiciméad tionscnaimh eile agus dréacht d’aon ráiteas éilimh sa chaingean dhíorthaíoch atá beartaithe.


      (6) Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, déanfar cóipeanna den Fhógra Foriarratais Tionscnaimh, den mhionnscríbhinn forais agus d’aon fhoilseáin a ghabhann léi a sheirbheáil ar fhreagróir 21 lá ar a laghad roimh an dáta a chéadsocraítear chun an Fógra Foriarratais Tionscnaimh a éisteacht.

      (7) I gcás gur deimhin leis an gCúirt ar iarratas ex parte ón iarratasóir gur dhóigh go ndéanfadh seirbheáil an Fhógra Foriarratais Tionscnaimh faoiseamh atá á lorg a dhírathú ar pháirtí éigin, féadfaidh an Chúirt iarratas ar fhaoiseamh éigin atá á lorg san Fhógra Foriarratais Tionscnaimh a éisteacht agus a chinneadh ex parte.

      (8) Féadfaidh freagróir a mbeidh an Fógra Foriarratais Tionscnaimh seirbheáilte air agus a bheartóidh cur i gcoinne an iarratais mionnscríbhinn freagartha a chomhdú sa Phríomh-Oifig ina leagfar amach na forais atá aige le cur i gcoinne an iarratais agus lena ndéanfar aon fhíorais nó imthosca a bhfuiltear ag brath orthu a fhíorú, agus déanfaidh sé cóip d’aon mhionnscríbhinn den sórt sin agus d’aon fhoilseáin a ghabhann léi a sheirbheáil ar an iarratasóir agus ar aon fhreagróir eile tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta fillte i leith an Fhógra Foriarratais Tionscnaimh.

      (9) Beidh sé de chead ag an iarratasóir mionnscríbhinn eile a chomhdú ina dtabharfar freagra ar aon ní arna fhíorú i mionnscríbhinn ó fhreagróir agus, sa chás sin, déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin a sheirbheáil ar an bhfreagróir roimh an dáta fillte i leith an Fhógra Foriarratais Tionscnaimh.

      (10) Déanfaidh an t-iarratasóir mionnscríbhinn ina dtabharfar ainmneacha agus seoltaí na ndaoine go léir ar seirbheáladh an Fógra Foriarratais Tionscnaimh, an mhionnscríbhinn forais agus na foilseáin (más ann) orthu, agus áiteanna agus dátaí na seirbheála sin, a chomhdú sula ndéanfar an foriarratas a éisteacht.

      (11) Ar an dáta fillte i leith an Fhógra Foriarratais Tionscnaimh (nó ar aon atráthú den dáta sin), féadfaidh an Chúirt, i dteannta aon ordaithe eile a dhéanfaidh sí:


        (a) a ordú go ndéanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar aon chomhalta eile nó ar aon duine eile, lena n-áirítear an modh seirbheála agus an tréimhse ama a cheadaítear le haghaidh na seirbheála sin (agus féadfaidh an Chúirt, chun na críche sin, éisteacht nó éisteacht eile an iarratais a chur ar atráth go dtí dáta a shonrófar);

        (b) ordacháin a thabhairt maidir le comhdú agus seachadadh aon mhionnscríbhinní eile;

        (c) cibé orduithe a dhéanamh agus cibé ordacháin a thabhairt (lena n-áirítear ordachán go mbeidh cruinniú comhaltaí ann) is cuí léi chun tuairimí comhaltaí a fhionnadh, ar comhaltaí iad a bhfuil a leas in ábhar na caingne díorthaíche atá beartaithe neamhspleách ar leas an iarratasóra agus an fhreagróra;

        (d) i gcás gur ordaigh an chúirt de réir na míre sin roimhe seo go mbeidh cruinniú comhaltaí ann, ordacháin a thabhairt maidir le tionól agus seoladh an chruinnithe agus maidir leis na himeachtaí ag an gcruinniú a thuairisciú don Chúirt;

        (e) ordachán a thabhairt go ndéanfar an t-iarratas a chinneadh ar mhodh éisteachta iomlánaí, i gcás gur dealraitheach don Chúirt gur dóigh go mbainfidh díospóid shubstaintiúil fíorais le hábhar an iarratais nó gur gá nó gurb inmhianaithe é thairis sin ar mhaithe leis an gceartas (agus féadfaidh an Chúirt, chun na críche sin, orduithe a dhéanamh agus ordacháin a thabhairt i ndáil le pléadálacha nó pointí éilimh nó cosanta a mhalartú idir na páirtithe);

        (f) ordacháin a thabhairt maidir leis na páirtithe do thabhairt aighneachtaí i scríbhinn don Chúirt agus do sheachadadh na n-aighneachtaí sin;

        (g) ordacháin a thabhairt maidir le fógra faoi éisteacht an iarratais a fhoilsiú agus maidir le fógra faoin éisteacht sin a thabhairt roimh ré d’aon duine seachas páirtí sna himeachtaí ar mian leis éisteacht a fháil ar an iarratas a éisteacht;

        (h) aon iarratas ar fhaoiseamh de chineál idirbhreitheach a éisteacht agus a chinneadh, cibé acu is de chineál urghaire nó eile é.


      (12) Ach amháin mar a n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is ar mhionnscríbhinn a thabharfar aon fhianaise in imeachtaí lena mbaineann an riail seo.

      (13) Maidir le hordú a dhéanfar ar iarratas faoi fho-riail (3):


        (a) féadfar cead a thabhairt leis caingean dhíorthaíoch a thosú ar cibé téarmaí nó coinníollacha is cuí leis an gCúirt a fhorchur;

        (b) féadfar cead a thabhairt leis go leanfar de chaingean dhíorthaíoch ach sin amháin go dtí go ndúnfar pléadálacha, go dtí go gcríochnófar follasú nó go dtí céim shonraithe eile sna himeachtaí, nó go dtí dáta sonraithe, agus féadfar a cheangal leis go ndéanfar iarratas eile ar chead chun leanúint den chaingean dhíorthaíoch tar éis na céime nó an dáta sin;

        (c) féadfar a cheangal leis go ndéanfaidh an chuideachta, ar chun a tairbhe a cheadaítear caingean dhíorthaíoch a thionscnamh, an t-iarratasóir a shlánú i leith iomlán na gcostas agus na gcaiteachas arna dtabhú go réasúnach ag an iarratasóir le linn an chaingean dhíorthaíoch a sheoladh (lena n-áirítear aon chostais a d’fhéadfaí a chur de dhliteanas ar an iarratasóir sa chaingean sin), nó i leith cuid den chéanna;

        (d) féadfar a ordú leis nach bhféadfar scor den chaingean dhíorthaíoch ná an chaingean dhíorthaíoch a chomhréiteach gan cead ón gCúirt;

        (e) féadfar cibé ordacháin a thabhairt leis agus féadfaidh cibé orduithe a bheith ar áireamh ann maidir le seoladh na n-imeachtaí ar an gcaingean dhíorthaíoch agus is dealraitheach a bheith caoithiúil chun na himeachtaí sin a chinneadh ar mhodh a bheidh cóir agus dlúsúil agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí sin a íoslaghdú.


      (14) Más rud é, maidir le héileamh a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar do chaingean dhíorthaíoch, go n-éireoidh sé in imeachtaí atá ar feitheamh os comhair na Cúirte, beidh feidhm ag forálacha na rialach seo, fairis na modhnuithe is gá, maidir le héileamh den sórt sin, ar choinníoll go bhféadfar an t-iarratas dá dtagraítear i bhfo-riail (2) a dhéanamh trí fhoriarratas iar bhfógra sna himeachtaí atá ar feitheamh in ionad é a thionscnamh trí Fhógra Foriarratais Tionscnaimh, agus féadfaidh an Chúirt aon ordú is cóir léi a dhéanamh, ar ordú é:

        (a) lena ndéanfar aon cheanglas de chuid na rialach seo a ligean thar ceal, i gcás go measann sí gur cuí déanamh amhlaidh ag féachaint do na himeachtaí a bhí sna himeachtaí atá ar feitheamh; nó

        (b) a bhainfidh leis an iarratas a éisteacht.


      (15) Is trí fhoriarratas iar bhfógra sna himeachtaí lena mbaineann a dhéanfar iarratas ar ordú go ndéanfaidh an t-iarratasóir imeachtaí a sheoladh agus go leanfaidh sé de na himeachtaí sin mar chaingean dhíorthaíoch. Beidh mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar ceann an pháirtí tionscnaimh mar fhoras leis an bhforiarratas agus, maidir leis an mionnscríbhinn sin:

        (a) leagfar amach inti na forais ar a n-éilíonn an t-iarratasóir gur ceart go leanfar de na himeachtaí mar chaingean dhíorthaíoch, agus déanfar aon fhíorais agus imthosca a mbeifear ag brath orthu i dtaca leis sin a fhíorú léi; agus

        (b) leagfar amach inti cineál agus méid na fianaise a bheidh ar fáil chun tacú le héileamh an iarratasóra gur duine cuíé chun leanúint de na himeachtaí mar chaingean dhíorthaíoch.


      (16) Is trí fhoriarratas iar bhfógra sna himeachtaí ar an gcaingean dhíorthaíoch a dhéanfar iarratas ar ordú chun duine eile a chur in ionad an duine atá ag seoladh caingean dhíorthaíoch. Beidh mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar ceann an pháirtí tionscnaimh mar fhoras leis an bhforiarratas agus, maidir leis an mionnscríbhinn sin:

        (a) leagfar amach inti na forais ar a n-éilíonn an páirtí tionscnaimh gur gá nó gurb inmhianaithe an cur in ionad sin, agus déanfar aon fhíorais agus imthosca a mbeifear ag brath orthu i dtaca leis sin a fhíorú léi; agus

        (b) leagfar amach inti cineál agus méid na fianaise a bheidh ar fáil chun tacú leis an éileamh gur duine cuí an duine a bheartaítear a chur in ionad an duine a bheidh ag seoladh caingean dhíorthaíoch chun leanúint de na himeachtaí mar chaingean dhíorthaíoch.


      (17) Féadfaidh comhalta dá dtagraítear i bhfo-riail (1) iarratas a dhéanamh ar chead chun éileamh nó frithéileamh i gcoinne cuideachta a chosaint thar ceann na cuideachta sin, agus beidh feidhm ag forálacha na rialach seo, seachas an fho-riail seo, fairis na modhnuithe is gá, maidir le hiarratas den sórt sin.

      (18) Más rud é, de réir dlí, go bhféadfaidh sé go n-údarófar caingean le cead ón gCúirt, ar caingean í:


        (a) ina ndéanfaidh comhalta de chuid comhlachta chorpraithe (nach cuideachta é) éileamh thar ceann an chomhlachta sin; nó

        (b) ina ndéanfaidh comhalta de chuid comhlachais nó comhlachta neamhchorpraithe éileamh thar ceann an chomhlachais nó an chomhlachta sin,


      mura n-ordóidh nó mura gceadóidh an Chúirt a mhalairt, beidh feidhm ag forálacha na rialach seo mutatis mutandis maidir le haon iarratas ar chead chun caingean den sórt sin a thosú nó a sheoladh, maidir leis na himeachtaí ar aon iarratas den sórt sin agus maidir le seoladh aon chaingne den sórt sin dá dtabharfar cead, amhail is dá bhfolódh na tagairtí sa riail seo do “cuideachta” (agus dá comhaltaí) tagairtí don chomhlacht corpraithe, nó don chomhlachas nó don chomhlacht neamhchorpraithe lena mbaineann (agus dá chomhaltaí).