Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Leasuithe ar: Ordú 130
I.R. Uimh. 471 de 2004: Rialacha na nUaschúirteanna (Rialacha Ordú 130 (Leasú)) 2004


1. Leasaítear leis seo Ordú 130 (arna chur isteach le hIonstraim Reachtúil Uimh. 325 de 1998) de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986)–
      (a) i riail 1, tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “an tAcht”:

      “ciallaíonn ‘Acht 2003’ an tAcht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003;”;

      (b) i riail 2, trí “den Acht arna leasú le hAcht 2003” a chur isteach i ndiaidh “alt 42(3)”;

      (c) i riail 3, trí “d’ocht” a chur in ionad “de cheithre”;

      (d) i riail 4, trí “Maidir leis na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003” a chur in ionad “Maidir leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997”;

      (e) i riail 6, trí “den Acht arna leasú le hAcht 2003” a chur isteach i ndiaidh “nó (3)”;

      (f) i riail 7–


        (i) trí “den Acht arna leasú le hAcht 2003” a chur isteach i ndiaidh “de bhun alt 42(5)”;

        (ii) trí “Maidir leis na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003, agus ar tharchur ón gCoimisinéir faoi alt 42(5) d’Acht 1997” a chur in ionad “Maidir leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, agus ar tharchur ón gCoimisinéir faoi alt 42(5)”, agus

        (iii) trí “den Acht arna leasú le hAcht 2003” a chur isteach i ndiaidh “alt 34”;


      (g) i riail 8, trí “den Acht arna leasú le hAcht 2003” a chur isteach i ndiaidh “alt 34”, gach áit a bhfuil sé; agus

      (h) i riail 9–


        (i) trí “den Acht arna leasú le hAcht 2003” a chur isteach i ndiaidh “nó (3)”;

        (ii) trí “den Acht arna leasú le hAcht 2003” a chur isteach i ndiaidh “alt 42(5)”;

        (iii) trí “arna leasú amhlaidh” a chur isteach i ndiaidh “den Acht sin”, agus

        (iv) trí “arna leasú amhlaidh” a chur isteach i ndiaidh “alt 43 den Acht”.