Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda
Rialacha
Sceidil
Leasuithe
Ionstraim Reachtúil Uimh. 510 of 2001

De bhua na gcumhachtaí a thugtar dúinn le halt 66 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, agus le halt 70 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (arna gcur chun feidhme le halt 48 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961), agus le halt 27 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, agus de bhua gach cumhachta eile lena gcuirtear seo ar ár gcumas, déanaimidne, Coiste Rialacha na Cúirte Cuarda, a bunaíodh de bhun fhorálacha alt 69 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936, agus alt 12 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1947, leis seo, le comhthoiliú an Aire Dlí agus Cirt, na Rialacha Cúirte atá i gceangal leis seo.

Arna dhátú an 26ú lá seo de Dheireadh Fómhair, 2001.

(Arna shíniú):
Esmond Smyth (Cathaoirleach Choiste Rialacha na Cúirte Cuarda)
Kieran O'Connor
Carroll Moran
Anne Dunne
Fergal Foley
Joe Deane
Gerard Doherty
Susan Ryan (Rúnaí)

Comhthoilím leis na Rialacha Cúirte thuas a dhéanamh.
Arna dhátú an 15ú lá seo de Shamhain, 2001.

(Arna shíniú):
SEÁN Ó DONNCHÚ,
Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.




Léiriú Téarmaí

1. Ciallaíonn “caingean” imeacht sibhialta a thionscnaítear le Bille Sibhialta nó cibé nós imeachta eile a fhoráiltear leis na Rialacha seo agus folaíonn sí cúis nó ábhar. Má éilíonn an comhthéacs é, folaíonn an téarma “Bille Sibhialta” gach foirm eile doiciméid tionscnaimh. I ngach cás ina dtionscnaítear imeachtaí ar shlí seachas le Bille Sibhialta, beidh feidhm ag na Rialacha seo maidir leis an doiciméad lenar tionscnaíodh na himeachtaí sin amhail is dá mba Bhille Sibhialta é.

2. Folaíonn “cúis” aon agra nó imeacht bunaidh eile.

3. Ciallaíonn (Stát conarthach" stát conarthach mar a mhínítear sin le hAlt 4 d'Acht 1998.

4. Tá le “corparáid” agus “comhlachas” na bríonna dá bhforáiltear in Alt 15(4) d'Acht 1998.

5. Ciallaíonn “Cláraitheoir Contae” an Cláraitheoir in aon Chontae atá ag gabháil leis an gCúirt faoin Acht Oifigigh Cúirte, 1926, agus faoi aon Acht á leasú nó á leathnú sin, agus folaíonn sé aon leas-Chláraitheoir Contae agus aon duine a cheaptar chun gníomhú mar Chláraitheoir Contae. [leasaithe le I.R. Uimh. 583 de 2009]

6. Ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Chuarda arna bunú le hAcht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh) 1961. [arna leasú le I.R. Uimh. 251 de 2009]

7. Nuair a luaitear “laethanta” gan é a bheith sainráite gur “laethanta glan” iad ní áireofar an chéad lá díobh ach áireofar an lá deiridh. I gcás ina gceaptar nó ina lamháiltear tréimhse theoranta ama is lú ná sé lá ó aon dáta nó tar éis aon teagmhais chun aon ghníomh a dhéanamh nó aon imeachtaí a thionscnamh ní áireofar an Satharn ná an Domhnach le linn an tréimhse theoranta ama sin á ríomh. I gcás an tréimhse ama chun aon ghníomh a dhéanamh nó aon imeachtaí a thionscnamh do dul in éag ar an Satharn nó ar an Domhnach nó ar lá eile a mbeidh an oifig dúnta, agus nach féidir an gníomh sin a dhéanamh nó an t-imeacht sin a thionscnamh an lá sin dá bhíthin sin, measfar an gníomh sin a bheith déanta go cuí nó an t-imeacht sin a bheith tionscanta go cuí, chomh fada is a bhaineann leis an tréimhse ama chun an céanna a dhéanamh nó a thionscnamh, má dhéantar nó má thionscnaítear é an chéad lá eile a mbeidh an oifig ar oscailt.

8. Ciallaíonn “foraithne” an tOrdú ón gCúirt a dtugtar Breithiúnas na Cúirte ann.

9. tá “sainchónaí” le cinneadh de réir fhorálacha Alt 15 d’Acht 1998 agus Airteagail 52 agus 53 de Choinbhinsiún 1968 nó, de réir mar a bheidh, fhorálacha Airteagail 62 agus 63 de Rialachán (CE) Uimh. 1215/2012 nó fhorálacha Airteagail 59 agus 60 de Choinbhinsiún Lugano. [arna leasú le I.R. Uimh. 618 de 2015]

10. Folaíonn “Agra Cothromais” agus “Imeacht Cothromais”:

    (a) aon imeachtaí a luaitear sa Tríú Sceideal d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, ag uimhreacha tagartha 17 go 23, go huile, 24 (a mhéid a bhaineann sé le himeachtaí mar gheall ar chúram eastát mionaoiseach) agus 25 go 28, go huile, agus

    (b) a mhéid nach luaitear iad i mír (a) nó nach bhforáiltear dóibh ar shlí eile sna Rialacha seo, aon imeachtaí a luaitear in alt 33 den County Officers and Courts (Ireland) Act 1877;
    [
    arna leasú le I.R. Uimh. 155 de 2010]

11. ciallaíonn “An Breitheamh” Breitheamh den Chúirt Chuarda agus folaíonn sé, d’fhonn amhras a sheachaint, i gcás go gceadaítear nó go n-éilítear amhlaidh é sa chomhthéacs, Breitheamh Speisialta den Chúirt Chuarda. [arna leasú le I.R. Uimh. 317 de 2013]

12. Ciallaíonn “breithiúnas”, de réir mar a cheadaíonn nó a éilíonn an comhthéacs, an bhreith nó an t-ordú ón gCúirt nó ó Bhreitheamh in aon imeacht.

13. Ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.

14. Folaíonn “mionn” dearbhasc sollúnta agus dearbhú reachtúil.

15. Ciallaíonn “Oifig”, “an Oifig” nó “an Oifig chuí”:

    (a) Oifig na Cúirte i gContae ar bith;

    (b) i gcás aon ghnó de chuid oifig na Cúirte i gcontae a bheith sonraithe de réir alt 14 d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 2009 mar ghnó a dhéanfar in oifig chúirte chomhcheangailte arna bunú faoin alt sin, agus chun críocha an ghnó sin—

    an oifig chúirte chomhcheangailte sin,

    agus déanfar aon fhoirm i Sceideal na bhFoirmeacha a mhodhnú dá réir sin.”;
    [
    arna leasú le I.R. Uimh. 583 de 2009]

16. Tá le "seoladh oifigiúil" an bhrí dá bhforáiltear i gCuid III, mír 5, den Naoú Sceideal aghabhann le hAcht 1998.

17. Folaíonn “doiciméad tionscnaimh” gach doiciméad lena ndéantar imeachtaí sa Chúirt a thionscnamh.

18. Folaíonn “páirtí” aon duine atá i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil i ndáil le haon chaingean, iarratas, agra nó imeacht eile.

19. Folaíonn “duine” gnólacht agus comhlacht corpraithe nó comhlacht polaiteach.

20. Ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), agus, ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar é mar thagairt don Acht sin arna leasú nó arna leathnú le hAchtanna iardain.

20A. Ciallaíonn “Post cláraithe” seirbhís míreanna cláraithe (de réir bhrí alt 16(12) den Acht um Rialáil Cumarsáide (Seirbhísí Poist), 2011, arna soláthar ag duine a meastar de thuras na huaire de réir alt 38 den Acht sin gur soláthraí seirbhíse poist é nó í atá údaraithe chun seirbhís míreanna cláraithe a sholáthar agus atá cláraithe sa cháil sin sa chlár arna chothabháil de réir alt 40 den Acht sin, agus déanfar “post cláraithe réamhíoctha”, “litir chláraithe”, “post árachaithe” agus gach abairt ghaolmhar a fhorléiriú dá réir sin. [a chireadh isteach le I.R. Uimh. 276 de 2014]

21. Folaíonn “Aturnae” gnólacht Aturnaetha nó aon chomhpháirtí ann.

22. Ciallaíonn “an tSeirbhís Chúirteanna” an tSeirbhís Chúirteanna arna bunú leis an Acht um Sheirbhís Chúirteanna, 1998. [arna ionadú le I.R Uimh. 597 de 2014]

23. Ciallaíonn "Acht 1998" an tAcht um Dhlínse Chúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas, 1998. [arna ionadú le I.R. Uimh. 597 de 2014]

24. Ciallaíonn “Coinbhinsiún 1968” an Coinbhinsiún ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (lena n-áirítear an Prótacal atá i gceangal leis an gCoinbhinsiún) a síníodh sa Bhruiséil an 27ú Meán Fómhair, 1968, agus forléireofar é de réir Alt 2 d'Acht 1998. [arna ionadú le I.R. Uimh. 597 de 2014]

25. Ciallaíonn “Rialachán Uimh. 1215/2012” Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 an 12 Nollaig 2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar dhlínse agus ar aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú) (I.O. L. 351/1 an 20 Nollaig 2012). [arna ionadú le I.R. Uimh. 618 de 2015]

26. Ciallaíonn “Rialachán 2201/2003” Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 an 27 Samhain 2003 ón gComhairle (IO L 338/1) maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas i gcúrsaí pósta agus i gcúrsaí freagrachta tuismitheoirí, agus, i gcás ina gceadaíonn nó ina gceanglaíonn an comhthéacs é, folóidh sé tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 an 29 Bealtaine 2000 ón gComhairle (IO L 160/22) maidir le dlínse agus aithint breithiúnas i gcúrsaí pósta agus i gcúrsaí freagrachta tuismitheoirí as leanaí de chuid an dá chéile. [arna ionadú le I.R Uimh. 597 de 2014]

27. Ciallaíonn “an Rialachán Cothabhála” Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 an 18 Nollaig 2008 ón gComhairle maidir le dlínse, leis an dlí is infheidhme, le haithint agus forghníomhú breitheanna agus le comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála. [a cuireadh isteach le I.R. Uimh. 597 de 2014]

28. Ciallaíonn “Coinbhinsiún Lugano” an Coinbhinsiún maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála arna shíniú in Lugano an 30 Deireadh Fómhair 2007 agus arna chríochnú thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh de bhun Chinneadh 2009/430/CE ón gComhairle agus na Prótacail agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis (a bhfuil an téacs díobh, sa Bhéarla, leagtha amach sa Deichiú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas, 1998). [a cuireadh isteach le I.R. Uimh. 597 de 2014]

29. Maidir le tagairtí d’aon Rialachán, Treoir, Cinneadh nó Creat-Chinneadh atá glactha ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, cibé acu i gcomhpháirt le haon institiúid eile den Aontas Eorpach nó a mhalairt, measfar gur tagairtí iad don Rialachán, don Treoir, don Chinneadh nó don Chreat-Chinneadh sin arna leasú, arna leathnú nó arna chur nó arna cur i bhfeidhm ó am go ham (ach amháin i gcás nach bhfuil feidhm dlí ag aon leasú nó leathnú den sórt sin sa Stát) agus, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh go sainráite le haon Rialachán, Treoir, Cinneadh nó Creat-Chinneadh iardain lena n-aisghairtear aon Rialachán, Treoir, Cinneadh nó Creat-Chinneadh den sórt sin, do Rialachán, do Threoir, do Chinneadh nó do Chreat-Chinneadh iardain. [a cuireadh isteach le I.R. Uimh. 597 de 2014]

go bharr




Rialacha a rinneadh roimhe seo a neamhniú
Tiocfaidh na Rialacha seo i ngníomh an 3ú lá de Nollaig, 2001.

Ar an dáta sin agus ón dáta sin, beidh na Rialacha a liostaítear i Sceideal A a ghabhann leis seo ar neamhní, ach amháin i gcás aon imeachtaí ar feitheamh sa Chúirt, agus leanfar leis na himeachtaí sin agus tabharfar chun críche iad amhail is nach ndearnadh na Rialacha seo.

Beidh feidhm ag an Acht Léiriúcháin, 1937, maidir leis na Rialacha seo. >arna leasú le I.R. Uimh. 312 de 2007<