Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Dúiche
Rialacha
Sceidil
Leasuithe
Ionstraim Reachtúil Uimh. 93 de 1997



Rialacha a rinneadh roimhe seo a neamhniú

Gairfear ‘‘Na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997’’ nó, i bhfoirm ghiorraithe, ‘‘RCD 1997’’, de na Rialacha seo, agus tiocfaidh siad i ngníomh an 1ú lá de Bhealtaine, 1997.

Ar an dáta sin agus óndáta sin, beidh na Rialacha a liostaítear i Sceideal A a ghabhann leis seo ar neamhní, ach amháin i gcás aon imeachtaí ar feitheamh sa Chúirt, agus leanfar leis na himeachtaí sin agus tabharfar chun críche iad amhail is nach ndearnadh na Rialacha seo.

Beidh feidhm ag an Acht Léiriúcháin, 1937, maidir leis na Rialacha seo.





Léiriú Téarmaí : I. R. Uimh. 17 de 2014

Sna Rialacha seo-

ciallaíonn “leanbh” duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois;

ciallaíonn “imeachtaí sibhialta” aon imeachtaí a fhéadfar a thionscnamh sa Chúirt Dúiche nach imeachtaí coiriúla agus folaíonn siad na hagraí nó na caingne dlí sin ina ndéantar, le haon achtachán, dlínse a thabhairt don Chúirt Dúiche i gcásanna sibhialta mar a thuairiscítear iad in alt 77A den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, agus in aon achtachán lena leathnaítear nó lena leasaítear an t-alt sin go sainráite nó go hintuigthe agus ní foláir “imeacht sibhialta” a fhorléiriú dá réir sin;

folaíonn “éileamh” cúis chaingne nó ábhair;

ciallaíonn “éilitheoir” duine ag a mbeidh leigheas á lorg in imeachtaí sibhialta agus maidir le haon tagairt in achtachán do “gearánaí” ní foláir, chun críocha na Rialacha seo, í a mheas mar thagairt d’éilitheoir;

ciallaíonn “fógra éilimh” doiciméad arna eisiúint faoi na rialacha seo lena ndéanfar imeachtaí sibhialta a thionscnamh sa Chúirt Dúiche ina ndéanfar damáistí nó faoiseamh eile a éileamh i gcoinne freagróra agus, i gcás go n-éilíonn an comhthéacs amhlaidh, folaíonn sé toghairm díobhálacha pearsanta agus maidir le haon tagairt in achtachán do “toghairm shibhialta” ní foláir, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, chun críocha na Rialacha seo, í a mheas mar thagairt d’fhógra éilimh;

ciallaíonn “Cléireach”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt:

      (a) Cléireach Cúirte Dúiche a bheidh ag gabháil leis an gCúirt Dúiche de réir alt 46 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 agus a bheidh sannta do cheantar Cúirte amháin nó níos mó de réir alt 48 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926; nó

      (b) duine a bheidh ceaptha go sealadach chun na dualgais agus na feidhmeanna de chuid Cléireach Cúirte Dúiche a chomhlíonadh; agus

      (c) i gcás go mbeidh gnó á sheoladh ag Cléireach Cúirte Dúiche in oifig cúirteanna chomhcheangailte arna bunú faoi alt 14 d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 2009, maidir le haon tagairt sna Rialacha seo d’oifig an Chléirigh sin nó d’oifig na Cúirte Dúiche lena mbaineann an gnó sin, is tagairt í nó folaíonn sí tagairt don oifig cúirteanna chomhcheangailte sin, agus féadfar aon fhoirm i Sceideal na bhFoirmeacha a mhodhnú dá réir sin;

ciallaíonn “Coinbhinsiún” ionstraim de chuid an Aontais Eorpaigh nó Coinbhinsiún le tír choigríche, inar páirtithe an Stát agus aon tír choigríche, i leith imeachtaí dlí in ábhair shibhialta;

ciallaíonn “tír Choinbhinsiúin” tír choigríche a bhfuil feidhm ag Coinbhinsiún maidir léi;

folaíonn tagairt do “cuideachta”, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tagairt d’aon chomhlacht corpraithe, cibé acu is comhlacht corpraithe a bheidh bunaithe laistigh nó lasmuigh den Stát é;

ciallaíonn “Cláraitheoir Contae”, nuair a úsáidtear é i ndáil le forghníomhú breithiúnas, barántas nó orduithe forghníomhaithe eile in aon chontae nó contaebhuirg nach bhfuil cumhachtaí agus dualgais an Fhoshirriam nó an tSirriam aistrithe chuig Cláraitheoir Contae ann, an Foshirriam nó an Sirriam, de réir mar a bheidh, agus folaíonn sé aon oifigeach eile a mbeidh forghníomhú próise curtha de chúram air nó uirthi ag an gCúirt nó faoi údarás na Cúirte;

ciallaíonn “Abhcóide”:

      (a) duine a bheidh glaoite chun Barra na hÉireann agus a chomhlíonann ceanglais Ardchomhairle Bharra na hÉireann maidir le cleachtas gairmiúil; nó

      (b) dlíodóir cuairte, ag a mbeidh an ceart éisteachta céanna agus atá ag dlíodóir a bheidh bunaithe sa Stát de bhua Rialachán 3 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saoirse Chun Seirbhísí A Sholáthar)(Dlíodóirí), 1979 (I.R. Uimh. 58 de 1979), agus a bheidh ag gníomhú ar son páirtí; nó

      (c) dlíodóir cláraithe, a bheidh i dteideal gníomhaíochtaí gairmiúla abhcóide a shaothrú de bhua Rialachán 10 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dlíodóirí a Bhunú), 2003 (I.R. Uimh. 732 de 2003), agus a bheidh ag gníomhú ar son páirtí;

ciallaíonn “Cúirt”, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an Chúirt Dúiche a bunaíodh faoi alt 5 d’Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh), 1961;

ciallaíonn “ceantar Cúirte” ceann de na ceantair a bunaíodh i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar le halt 21 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1953 agus a leanann ar marthain de bhua alt 32 d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 nó, de réir mar a bheidh, a bunaíodh i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar le halt 26 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1953 arna leasú le halt 43 d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, le halt 16 d’Acht na gCúirteanna, 1971 agus le halt 29 den Acht um Sheirbhís Chúirteanna, 1998;

ciallaíonn “an tSeirbhís Chúirteanna” an tSeirbhís Chúirteanna a bunaíodh leis an Acht um Sheirbhís Chúirteanna, 1998;

folaíonn “imeachtaí coiriúla” imeachtaí faoi Chuid II de na Rialacha seo;

ciallaíonn “éileamh i leith féich” éileamh ar fhiach nó ar dhamáistí leachtaithe nach mbeidh leigheas ar bith eile (seachas ús nó costais) á lorg ina leith;

ciallaíonn “dúiche”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, nó “dúiche Chúirte” ceann de na dúichí a bunaíodh i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar le halt 22 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1953 agus a leanann ar marthain de bhua alt 32 d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 nó, de réir mar a bheidh, a bunaíodh i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar le halt 26 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1953 arna leasú le halt 43 d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, le halt 16 d’Acht na gCúirteanna, 1971 agus le halt 29 den Acht um Sheirbhís Chúirteanna, 1998 agus ní foláir iad a fhorléiriú mar fhocail a fholaíonn tagairt do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath;

ciallaíonn “Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath” an dúiche a dtugtar Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath mar ainm agus mar theideal uirthi agus a bunaíodh de réir alt 47 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 agus a dhearbhaítear gurb í Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath í de réir alt 64 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 agus a thuairiscítear agus a mhínítear san Ordú Dúthaí Cúirte Dúiche (Baile Átha Cliath), 1945 (R. & O.R. 1945, Uimh. 279) agus a athraíodh leis an Ordú um Dhúichí Cúirte Dúiche (Baile Átha Cliath) (Leasú), 1982 (I.R. Uimh. 88 de 1982);

ciallaíonn “achtachán” Acht nó ionstraim reachtúil nó aon chuid d’Acht nó d’ionstraim reachtúil;

ciallaíonn “Breitheamh” Breitheamh den Chúirt Dúiche agus folaíonn sé Uachtarán na Cúirte Dúiche;

folaíonn “breithiúnas” aon fhoraithne nó díbhe agus maidir le haon tagairt in achtachán do “foraithne” nó do “díbhe” ní foláir, chun críocha na Rialacha seo, í a mheas mar thagairt do bhreithiúnas;

ciallaíonn “bliain cheadúnúcháin” tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair in aon bhliain;

ciallaíonn “Aire”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais;

folaíonn “mionn” dearbhasc sollúnta agus dearbhú reachtúil;

folaíonn “páirtí” aon duine atá i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil i ndáil le haon chaingean, iarratas nó imeachtaí eile agus, i gcás go gceadaíonn nó go n-éilíonn an comhthéacs amhlaidh, folaíonn sé ionadaí pearsanta páirtí éagtha;

folaíonn “pionós” aon fhíneáil nó suim phionósach eile agus, i gcás go n-ordófar fíneáil a íoc, aon chúiteamh, costais nó caiteachais i dteannta na fíneála sin;

folaíonn “díobháil phearsanta” aon ghalar agus aon mhallachar ar staid choirp nó mheabhrach duine;

ciallaíonn “forordaithe”, i ndáil le táillí, forordaithe ag an Aire le ceadú an Aire Airgeadais;

ciallaíonn “Post cláraithe” seirbhís míreanna cláraithe (de réir bhrí alt 16(12) den Acht um Rialáil Cumarsáide (Seirbhísí Poist), 2011) arna soláthar ag duine a mheasfar de thuras na huaire, de réir alt 38 den Acht sin, gur soláthraí seirbhíse poist é nó í a bheidh údaraithe chun seirbhís míreanna cláraithe a sholáthar agus a bheidh cláraithe sa cháil sin sa chlár arna chothabháil de réir alt 40 den Acht sin, agus déanfar “post cláraithe réamhíoctha”, “litir chláraithe”, “litir chláraithe réamhíoctha” agus na habairtí gaolmhara go léir a fhorléiriú dá réir sin;

ciallaíonn “freagróir” duine a ndéanfaidh éilitheoir leigheas a lorg ina choinne nó ina coinne in imeachtaí sibhialta agus maidir le haon tagairt in achtachán do “cosantóir” ní foláir, chun críocha na Rialacha seo, í a mheas mar thagairt do fhreagróir;

ciallaíonn “dáta fillte”, mura bhforáiltear a mhalairt sna Rialacha seo, an dáta a bheidh céadsocraithe chun go ndéanfaidh an Chúirt iarratas in imeachtaí sibhialta a éisteacht trí fhógra foriarratais, trí fhógra iarratais, trí thoghairm nó trí dhoiciméad eile lena ndéanfar an t-iarratas nó an t-ábhar a liostú os comhair na Cúirte, agus folaíonn sé aon dáta chun a ndéanfar an éisteacht a chur ar atráth;

ciallaíonn “Sceideal na gCostas” Sceideal na gCostas atá i gceangal leis na Rialacha seo nó aon Sceideal eile dá shamhail a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire;

folaíonn “éileamh beag”, nó “imeacht um éileamh beag”, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, imeacht um éileamh beag faoi Ordú 53A agus imeacht Eorpach um éileamh beag faoi Ordú 53B;

folaíonn “aturnae”:

      (a) aturnae cleachtach a bheidh ar taifead ar son páirtí (lena n-áirítear aturnae den sórt sin is comhalta de ghnólacht aturnaetha nó a bheidh ar fostú ag gnólacht nó ag aturnae eile), agus lena n-áirítear gnólacht aturnaetha; nó

      (b) dlíodóir cuairte, ag a mbeidh an ceart éisteachta céanna agus atá ag dlíodóir a bheidh bunaithe sa Stát de bhua Rialachán 3 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saoirse Chun Seirbhísí A Sholáthar)(Dlíodóirí), 1979 (I.R. Uimh. 58 de 1979), agus a bheidh ag gníomhú ar son páirtí; nó

      (c) dlíodóir cláraithe, a bheidh i dteideal gníomhaíochtaí gairmiúla aturnae a shaothrú de bhua Rialachán 10 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dlíodóirí a Bhunú), 2003 (I.R. Uimh. 732 de 2003), agus a bheidh ag gníomhú ar son páirtí.

Mínítear abairtí breise chun críocha Orduithe áirithe nó rialacha áirithe sna hOrduithe sin nó sna rialacha faoi seach.


go bharr