| |
Rialacha na Cúirte Cuarda
Leasuithe ar: Sceideal B - Foirmeacha
I.R. Uimh. 358 de 2008: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Gluaiseacht Cháis in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh) 2008
1. (a) Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Gluaiseacht Cháis in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh) 2008 is teideal dóibh, i ngníomh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair 2008.
(b) Beidh feidhm ag na Rialacha seo maidir le himeachtaí faoi riail 4 d’Ordú 59 de na Rialacha Cúirte Cuarda a thionscnófar tar éis an dáta a luaitear i mír (a) agus leanfar le himeachtaí faoin riail sin a bheidh ar feitheamh ar an dáta sin agus tabharfar chun críche iad amhail is nach ndearnadh na Rialacha seo.
2. Forléireofar na Rialacha seo in éineacht leis na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2008.
.......
4. Leasaítear leis seo Foirmeacha 2N, 2O, 37A, 37B, 37C, 37D, 37G, 37H, 37I agus 37J —
(a) trí “Teaghlaigh” a chur isteach, i dteideal gach foirme díobh i ndiaidh “An Chúirt” agus trí “Family” a chur isteach i ndiaidh “The Circuit”;
(b) tríd an leagan cuí gramadaí den fhocal “Iarratasóir” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal “Gearánaí” i ngach foirm ina bhfuil an focal “Gearánaí”;
(c) tríd an leagan cuí gramadaí den fhocal “Freagróir” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal “Cosantóir” i ngach foirm ina bhfuil an focal “Cosantóir”.
........
|