| |
Rialacha na Cúirte Cuarda
Leasuithe ar: Ordú 67A
I.R. Uimh. 100 de 2013: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Imeachtaí a Thaifeadadh), 2013
1. (1) Na Rialacha Cúirte Cuarda (Imeachtaí a Thaifeadadh), 2013 is teideal do na Rialacha seo, a thiocfaidh i ngníomh an 8ú lá d’Aibreán 2013.
(2) Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda.
(3) Na Rialacha Cúirte Cuarda, 2001 go 2013 is teideal do na Rialacha Cúirte Cuarda arna leasú leis na Rialacha seo.
2. Leasaítear Ordú 67A de na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an riail seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh riail 7 den Ordú sin:
“8. (1) Aon pháirtí nó duine a bheidh ag lorg rochtana ar aon chuid de thaifead ar imeachtaí a bheidh i seilbh na Cúirte nó a shealbhaítear thar ceann na Cúirte (dá ngairtear an “taifead iomchuí” sa riail seo), féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte trí fhoriarratas iar bhfógra sna himeachtaí lena mbaineann, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn, chuig an bpáirtí eile nó chuig na páirtithe sna himeachtaí sin.
(2) Féadfaidh an Chúirt, ar an dáta a bheidh céadshocraithe chun an foriarratas a éisteacht:
(3) Féadfaidh an Chúirt, chun aon iarratas den sórt sin a bhreithniú, inneachar an taifid iomchuí a athbhreithniú go príobháideach.
(4) Faoi réir fho-riail (5), féadfaidh an Chúirt, má mheasann sí gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe leis an gceartas, cibé rochtain ar an taifead iomchuí go léir lena mbaineann nó ar cibé cuid de a bheidh sonraithe san ordú arna dhéanamh ar an iarratas a cheadú don iarratasóir, ar cibé modh agus ag cibé tráth nó tráthanna a bheidh sonraithe san ordú sin agus ar cibé téarmaí agus faoi cibé coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí lena gcuirtear srian ar an iarratasóir an taifead iomchuí go léir nó aon chuid de a fhoilsiú, a scaipeadh nó a nochtadh tuilleadh, agus gealltanas chuige sin a thabhairt) de réir mar a ordóidh an Chúirt.
(5) Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, déanfar rochtain ar an taifead iomchuí lena mbaineann, i gcás go gceadaítear é faoi fho-riail (4), a thabhairt trí scríbhinn den taifead sin go léir nó d’aon chuid de a thabhairt don iarratasóir, ar an iarratasóir táille an scríbhneora scríbhinne as an scríbhinn a thabhairt ar aird a íoc leis an scríbhneoir scríbhinne, agus sa tslí sin amháin.”.
|