Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Leasuithe ar: Ordú 18
I.R. Uimh. 191 de 2008: Na Rialacha Cúirte Cuarda (An Cláraitheoir Contae) 2008


1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (An Cláraitheoir Contae) 2008 is teideal dóibh, i ngníomh an 9ú lá d’Iúil, 2008.

2. Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-riail (3) de riail 1 d’Ordú 18:


    “(4) Mura mbeidh an Breitheamh tar éis an tsaincheist chéanna a chinneadh (nó mura mbeidh iarratas ar chinneadh den sórt sin ar feitheamh os comhair an Bhreithimh), féadfaidh an Cláraitheoir Contae a ordú ráiteas breise agus níos fearr i dtaobh chineál an éilimh nó na Cosanta nó an fhrithéilimh, nó sonraí breise agus níos fearr i dtaobh aon ní a bheidh luaite in aon phléadáil, fógra, nó imeacht scríofa inar gá sonraí, nó cóipeanna de chuntais nó de dhoiciméid nó faisnéis bhreise dá dtagraítear in Ordú 17, a sheachadadh, ar cibé téarmaí is cóir maidir le costais agus eile.”