Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Leasuithe ar: Ordú 18
I.R. Uimh. 1 de 2006: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Orduithe Forfheidhmithe Eorpacha) 2006


1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Orduithe Forfheidhmithe Eorpacha) 2006, is teideal dóibh, i ngníomh an 7ú lá d’Fheabhra 2006.

....

3. Leasaítear leis seo na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an méid seo a leanas a chur in ionad riail 7 d’Ordú 18 de na Rialacha sin:

      ‘‘9. Ach amháin i gcás deimhniú Ordaithe Forfheidhmithe Eorpaigh arna eisiúint ag an gCláraitheoir Contae de réir ordú 35A, aon pháirtí a bheidh míshásta le haon deimhniú, rialú nó cinneadh a bheidh tugtha ag an gCláraitheoir Contae, féadfaidh sé nó sí, laistigh de dheich lá ó dháta an deimhnithe, an rialaithe nó an chinnidh sin, iarratas a dhéanamh chun an Bhreithimh trí fhoriarratas iar bhfógra chun an deimhniú, an rialú nó an cinneadh sin a athbhreithniú, agus air sin féadfaidh an Breitheamh cibé ordú is cuí leis a dhéanamh.’’
4. Déanfar Foirmeacha 19A agus 19B atá sa Sceideal a ghabhann leis na Rialacha seo a chur isteach sa Sceideal a ghabhann leis na Rialacha Cúirte Cuarda, díreach i ndiaidh Fhoirm 19.