Rialacha na Cúirte DúicheLeasú : I.R. Uimh. 17 de 2014
Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
Uim45E-I.R. Uimh. 598 De 2014
1 Cumhacht Cúirte leasú a cheadú
1. (1) Féadfaidh an Chúirt, ag aon chéim d’imeachtaí sibhialta:
(2) Ní foláir na leasuithe go léir a cheadú is gá chun a chinneadh cad iad na fíorcheisteanna atá faoi chonspóid idir na páirtithe.
2 An tslí ina ndéanfar leasú
2. (1) Féadfar pléadáil nó doiciméad eile a leasú trí athruithe i scríbhinn a dhéanamh ar an gcóip a bheidh seirbheáilte, agus ar an gcóip a bheidh comhdaithe. Más gá, féadfar leasuithe forleithne a leagan amach ar bhileoga breise páipéir a bheidh le cur isteach sa phléadáil in áit a shonrófar sa phléadáil.
(2) Nuair a bheidh leasú déanta, ní foláir an doiciméad leasaithe a fhormhuiniú mar seo a leanas: “Arna leasú an ..... lá de ..... 20.... de bhun Ordú arna dhátú an .... lá de ..... 20....”.
(3) Ní foláir líne a chur faoi na leasuithe go léir chun na leasuithe a idirdhealú ón téacs bunaidh.
3 Earráidí cléireachais
3. Féadfaidh an Chúirt aon dearmad cléireachais i mbreithiúnas nó in ordú, nó aon earráid a tharlóidh de thaisme i mbreithiúnas nó in ordú mar gheall ar aon bhotún nó easnamh, a cheartú tráth ar bith ar iarratas trí fhógra foriarratais ón bpáirtí a mbeidh an ceartú á lorg aige nó aici iar bhfógra chun an pháirtí a mbeifear ag iarraidh go ndéanfaidh an ceartú sin difear dó nó di. |