Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Dúiche

Ordú: 45C

Iarratas chun éileamh a chur ar aghaidh go dtí an chúirt chuarda no go dtí an ard-chúirt : I.R. Uimh. 17 de 2014

1 Foirm Iarratais

1. Ní foláir iarratas chun éileamh a chur ar aghaidh go dtí an Chúirt Chuarda nó go dtí an Ard-Chúirt faoi alt 22(8)(b) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 (a cuireadh isteach le halt 21 d’Acht na gCúirteanna, 1971) a dhéanamh trí fhógra foriarratais (Foirm 44.01, Sceideal C, arna modhnú de réir mar is cuí).

2 Iarratas a sheirbheáil

2. (1) Ní foláir an fógra foriarratais bunaidh a chomhdú leis an gCléireach agus ní foláir cóip den fhógra foriarratais a sheirbheáil ar an bpáirtí eile san imeacht de réir fhorálacha Ordú 41 seacht lá ar a laghad roimh an dáta fillte.

(2) Nuair a bheidh an chóip den fhógra foriarratais seirbheáilte, ní foláir dearbhú reachtúil gur seirbheáladh í a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta fillte.