Rialacha na Cúirte DúicheDoiciméid a fhíordheimhniú agus a chomhdú : I.R. Uimh. 17 de 2014
1 Doiciméid a chomhdú
1. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis na Rialacha seo nó mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, déanfar doiciméad a chomhdú tríd an doiciméad a thaisceadh leis an gCléireach a bheidh sannta don cheantar Cúirte nach foláir an t-éileamh a thionscnamh nó an t-iarratas a dhéanamh ann.
2 Bailíocht fógra éilimh, frithéilimh nó fógra tríú páirtí
2. Beidh fógra éilimh, frithéileamh nó fógra tríú páirtí bailí chun gach críche más rud é go mbeidh sé, más gá, stampáilte chun íoc aon táille cúirte is infheidhme a thaifeadadh, agus más rud é go mbeidh air an uimhir Chúirte a bheidh leithroinnte air agus an dáta comhdaithe.
3 Doiciméid in imeachtaí sibhialta a fhíordheimhniú
3. (1) Is leor síniú an Chléirigh a bheidh sannta de thuras na huaire don cheantar Cúirte ina mbeidh na himeachtaí sibhialta tionscanta–
(2) Féadfar cóip dheimhnithe de dhoiciméad a luaitear i bhfo-riail (1) a sholáthar ar aon táillí is infheidhme a íoc:
4 Orduithe arna síniú ag Breitheamh
4. Ní foláir do Bhreitheamh aon ordú nó barántas astaithe nó cimithe a shíniú.
5 Dúblaigh a eisiúint
5. (1) I gcás gur dealraitheach don Chúirt go bhfuil breithiúnas, ordú nó barántas bunaidh in imeachtaí sibhialta caillte nó scriosta, nó nach bhfuil an céanna ar fáil do na páirtithe, nó don pháirtí atá ina theideal, féadfaidh an Chúirt dúblach den bhreithiúnas, den ordú nó den bharántas a eisiúint.
(2) Ní foláir fógra 48 n-uaire an chloig a thabhairt don pháirtí freasúrach agus don Chléireach chun iarratas a dhéanamh ar dhúblach.
(3) I gcás go gceadóidh an Chúirt breithiúnas, ordú nó barántas dúblach, de réir mar a bheidh, a eisiúint, ní foláir an focal “Dúblach” a scríobh nó a stampáil go soiléir ar aghaidh an doiciméid dhúblaigh. |