Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Dúiche

Sceideal: B - Foirmeacha in imeachtaí coiriúla

Foirm: 21.8 Fógra iarratais - an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008, / alt 62(1) / alt 67(2) / alt 73(1) / alt 77(1)

I.R. Uimh. 94 de 2010

SCEIDEAL B
O.21, r.3 (2).


Uimh. 21.8

AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH), 2008, *alt 62(1) *alt 67(2) *alt 73(1) *alt 77(1)

FÓGRA IARRATAIS


Ceantar Cúirte Dúiche

Dúiche Uimh.

* .......... Ionchúisitheoir

* .......... Cúisí

............ Iarratasóir

DE BHRÍ *go bhfuiltear tar éis imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne an chúisí thuasainmnithe *go bhfuil imscrúdú coiriúil ar siúl sa Stát

Tá cúnamh á lorg ar dhuine, eadhon ........, as ......., i stát ainmnithe (de réir bhrí Acht 2008 thuasainmnithe) chun an fhianaise seo a leanas a fháil, eadhon ........, lena húsáid *sna himeachtaí *san imscrúdú sin.

BÍODH SEO INA FHÓGRA go mbeartaíonn *an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí/*an duine atá cúisithe sna himeachtaí sin, as ......... iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche a shuífidh i ........ an ..... lá de ....... 20.... ar ...... a.m./p.m. ar litir iarrata a eisiúint (i bhfoirm an dréachta atá i gceangal leis seo nó i cibé foirm eile is cuí leis an mBreitheamh) faoi alt 62(1) d’Acht thuasluaite 2008 ina n-iarrtar cúnamh maidir leis an bhfianaise sin a fháil.

DE BHRÍ (a) go bhfuil imeachtaí coiriúla tionscanta sa Stát i gcoinne an chúisí thuasainmnithe, (b) go bhfuil finné sna himeachtaí, eadhon ........, as ........., i stát ainmnithe (de réir bhrí Acht thuasainmnithe 2008), agus (c) nach inmhianaithe don fhinné sin fianaise a thabhairt i bpearsa nó nach féidir leis nó léi déanamh amhlaidh.

BÍODH SEO INA FHÓGRA go mbeartaíonn *an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí/*an duine atá cúisithe sna himeachtaí sin, as ........ iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche a shuífidh i..... an ....... lá de ........ 20.... ar ..... a.m./p.m. ar litir iarrata a eisiúint (i bhfoirm an dréachta atá i gceangal leis seo nó i cibé foirm eile is cuí leis an mBreitheamh) faoi alt 67(2) d’Acht thuasluaite 2008 ina n-iarrtar go soláthraítear saoráidí sa stát ainmnithe lena mbaineann chun a chumasú don fhinné fianaise a thabhairt sna himeachtaí trí nasc teilifíse beo.

DE BHRÍ *go bhfuiltear taréis imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne an chúisí thuasainmnithe *go bhfuil imscrúdú coiriúil ar siúl

Féadfar fianaise chun críocha *na n-imeachtaí *an imscrúdaithe a fháil in áit i stát ainmnithe (de réir bhrí Acht thuasainmnithe 2008), eadhon ......., i .......

BÍODH SEO INA FHÓGRA go mbeartaíonn *an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí/*an duine atá cúisithe sna himeachtaí sin, as ..........iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche a shuífidh i ....... an .... lá de ........ 20.... ar ...... a.m./p.m. ar litir iarrata a eisiúint (i bhfoirm an dréachta atá i gceangal leis seo nó i cibé foirm eile is cuí leis an mBreitheamh) faoi alt 73(1) d’Acht thuasluaite 2008 ina n-iarrtar cúnamh maidir leis an bhfianaise sin a fháil.

DE BHRÍ *go bhfuiltear tar éis imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne an chúisí thuasainmnithe *go bhfuil imscrúdú coiriúil ar siúl

Tá fianaise maidir le céannú (de réir bhrí alt 76 d’Acht thuasainmnithe 2008) eadhon, ........, á lorg i leith duine, eadhon ......., as ......., ar údarás i stát ainmnithe (de réir bhrí Acht thuasainmnithe 2008), eadhon ......., chun críocha *na n-imeachtaí *an imscrúdaithe sin.

BÍODH SEO INA FHÓGRA go mbeartaíonn *an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí/*an duine atá cúisithe sna himeachtaí sin, as ...........iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche a shuífidh i ........ an ..... lá de ........ 20.... ar ..... a.m./p.m. ar litir iarrata a eisiúint (i bhfoirm an dréachta atá i gceangal leis seo nó i cibé foirm eile is cuí leis an mBreitheamh) faoi alt 77(1) d’Acht thuasluaite 2008 ina n-iarrtar cúnamh maidir leis an bhfianaise sin a fháil.

Arna dhátú an ...... lá seo de ...... 20. ....

Arna shíniú ..............

Iarratasóir nó Aturnae an Iarratasóra

*Do ...... i ..........

Do Chléireach na Cúirte Dúiche i

*Scrios i gcás nach n-oireann